Bua agus díomua na Gaeilge san Aontas Eorpach

Ag féachaint. Próiseas dúshlánach. Cur chuige incriminteach.


Ní minic a thagann preasráiteas moltach chugat ó eagras teanga faoi obair an Rialtais i ngort na Gaeilge.

Tháinig ceann ó Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo caite agus iad ag moladh an Rialtais as gealltanas a thabhairt go gcuirfeadh siad deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2021.

“Glacann Conradh na Gaeilge misneach as bua do phobal na Gaeilge san Eoraip” an ceannlíne a bhí air.

Dúradh go raibh an conradh “sásta” go raibh an Rialtas “ag obair i dtreo deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Eoraip”.

READ MORE

“Bua ollmhór” a bhí ann agus bhí “an chuma ar an scéal” go raibh “an Rialtas ag tabhairt faoi stádas iomlán a bhaint amach do theanga na tíre san Eoraip ar deireadh – más mall, is mithid”.

Bua ollmhór? Sásta? Sea, comhartha cinnte cinicis a bhí ann go raibh orm an píosa a léamh faoi dhó.

Aisteach go leor, shíl mé go raibh an ráiteas ón Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, rud beag fuar agus an ‘bua’ seo á fhógairt aige. Cinnte, labhair sé faoi thábhacht na teanga don Rialtas – ábhar gáire ansin agat – ach ba é a bhí stuama ina chuid focal.

Labharfadh an Rialtas lena bpáirtnéirí san aontas “ag féachaint” le deireadh a chur leis an mhaolú “agus cur chuige incriminteach a ghlacadh i dtaobh seirbhísí breise a chur ar fáil ag an am céanna chun scóip an mhaolaithe a chúngú le linn na tréimhse sin”.

Bheadh “an próiseas sin dúshlánach”. Rinne sé trácht ar “maolú sealadach” a bhí i bhfeidhm idir 2007 agus 2016.

Sealadach? Ba bhocht leat maolú ‘buan’ a fheiceáil!

Ag féachaint? Próiseas dúshlánach? Cur chuige incriminteach?

Ní focail iad sin a d’fheicfeá i bhForógra na Cásca.

Déarfadh duine ciniciúil – anseo atá mé – nach raibh i gceist ach leagan nua den chúpla focal, go raibh drogall ar an Rialtas an cheist seo a chur chun cinn. (Dá mba Waterloo an bua Eorpach seo, an le Napoleon nó le Wellington a bhí lucht na teanga i ndáiríre?)

Ba ag Liadh Ní Riada, feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, a bhí an cur síos ciallmhar.

Mar bhean de bhunadh na Gaeltachta, a dúirt sí, bhí “díomá” uirthi faoin chinneadh: “Fuair an Ghaeilge stádas iomlán mar Theanga Oifigiúil agus Oibre siar i 2007 ach tá maolú déanta uirthi ó shin … Tá sé ráite acu go bhfuil sé i gceist acu céimeanna a ghlacadh i dtaobh seirbhísí breise a chur ar fáil chun scóip an mhaolaithe a chúngú le linn na tréimhse sin. Beidh sé suimiúil le feiceáil conas mar a éiríonn leo é seo a dhéanamh.”

Suimiúil go díreach. Cad é mar a dhéanann tú maolú ar mhaolú? De réir an Rialtais, beidh siad “ag iarraidh cur leis an reachtaíocht a bheadh le haistriú ag na hinstitiúidí Eorpacha” agus é sin uilig “faoin gcur chuige incriminteach”.

Ag iarraidh? Nach dtig leis an Rialtas ráiteas ar nós “Cuirfidh muid leis an reachtaíocht a bheidh le haistriú” a scríobh?

Mheasfadh mórán daoine gur bocht an bua é seo. Ach b’fhéidir nach ea. Ó rinne Foras na Gaeilge atheagar ar an earnáil dheonach, tugadh bata agus bóthar d’oibrithe teanga agus tá eagraíochtaí agus foilseacháin seanbhunaithe á scuabadh chun bealaigh agus chun díchuimhne diaidh ar ndiaidh.

An bhfuil an baol ann go mbeidh na ceanneagraíochtaí nua níos cosúla le cláracha seachtracha oibre de chuid an fhorais ná eagraíochtaí neamhspleách agus cá bhfios cad é an chéad bhuille eile a bhuailfidh an saol orthu?

B’fhéidir i bhfianaise na dtubaistí sin ar fad, gur bua é gealltanas a fháil go bhfuil an Rialtas ag iarraidh maolú ar mhaolú a chur i bhfeidhm – mura miste lena bpáirtnéirí Eorpacha é.

PÓL Ó MUIRÍ