Ná habair nár bhain tú taitneamh beag mailíseach as ar tharla ag na hOscair an tseachtain cheana! Ní bheifeá daonna mura mbainfeadh, is í an daonnacht a bhuaigh.
Níl aon ghomh orm chun na nOscar, ach ní Oisín i ndiaidh na Féinne mé ach an oiread. Níl aon éalú agat uathu, mar bíonn siad á sairsingiú ort maidin agus tráthnóna agus go fiú agus tú i mbun fadhb mhór fealsúnachta éigin a fhuascailt.
Ní hé go bhfuil oiread san tábhachta ag baint leo ach an oiread, seachas tábhacht na huaire, spéis an chúig nóiméad déag sin a bhíonn ag go leor faoi sholas beag na coinnle.
Cén duine anois a bhfuil cuimhne aige ar Crash, nó ar Driving Miss Daisy a bhuaigh príomhscannáin na nOscar sna blianta 2005 agus 1989 faoi seach – seachas le gíoscán fiacal?
Ní bheadh an t-eolas sin agam, gan amhras, murab é gur labhair an t-úsal Gúgal go láidir isteach im chluais.
Ós ní é nach bhfuil ach cuimhne na cuile Bealtaine anois ag daoine, is gá a mheabhrú gur tugadh an clúdach litreach mícheart d’fhear an tí, Warren Beatty, nuair a bhí scannán na bliana le fógairt.
Léigh sé amach a raibh scríofa ann, gurb é La La Land a bhain an churadhmhír. Go hobann, thosnaigh an hurlamaboc agus an hulach halach agus an trí chéile álainn ag leathnú ar fud an stáitse.
Níorbh é an scannán sin a bhuaigh in aon chor, de dhealramh, ach Moonlight, gan choinne. D'éirigh gach aghaidh chomh dearg leis an gcairpéad ar shiúil siad air, ach níorbh fhéidir iad a thabhairt faoi deara laistiar den smidiú tiubh.
Anois! Féach seo. Ní foláir nó gurb é seo an taispeántas is glitsí agus is spiagaí agus is mó speilp agus airgid ramhair dá bhfuil ann.
Is anseo a thagann siad go léir, na ceiliúráin ar an mbealach suas ag casadh leo siúd ar an mbealach anuas.
Is anseo atá an seanduine óg, agus an críon óg agus an t-óg óg. Is anseo atá daoine a bhfuil cúpla milliún dollar ina bpócaí thíos acu mar mhionsóinseáil.
Is anseo atá na réaltaí scannán – na fir ina gcultacha moncaí ag tochas a chéile, na mná agus gúnaí orthu nach dtógfadh tamall rófhada ar leamhan síoda iad a ithe. Is anseo atá an teicneolaíocht is teicninuálaí go teicnidheireadh an domhain.
Agus fós féin, déanadh praiseach den oíche le haon bhotún beag daonna amháin. Tugadh amach an clúdach contráilte ag an am mícheart! Nach iontach é! Ba dhóigh leat go bhféadfadh siad lipéad beag greamaitheach a cheannófaí sa stór beag ag an gcúinne a chur ar gach clúdach.
Ba dhóigh leat go bhféadfadh siad dathanna éagsúla a chur ar chlúdach litreach gach duaise. Ba dhóigh leat go bhféadfadh siad ainm na duaise a scríobh le baidhreo dearg nó gorm, nó le peann chleite gé féin, ar chúl gach clúdaigh díobh. Rud é sin a dhéanfadh an rúnaí is sóisearaí san oifig is lú ar an gcúlshráid is gránna in Boring, Oregon, nó i nKnockemstiff, Ohio, nó in Bug Tussle, Oklahoma féin.
Is dócha go bhfuil tú ag iarraidh go mbainfí ceacht éigin as seo?
Is é gur féidir daoine a chur ar an ngealach in airde, ach is sleamhain iad leacracha an ghnímh is ísle amuigh.
In ainneoin ár gcuid eolais go léir is é an cor daonna a shocraíonn an uile ní. Formhór na n-imeachtaí is tábhachtaí a dhéanaimid, is beag rud nua a bhaineann leo.
Duine is ea an duine, for a’ that.
Braithim go mbeadh Fionn mac Cumhaill breá sásta le hOscar, agus, gan amhras beidh Lá Lá eile againn fós.