An gunna laethúil

B’ait linn go raibh níos fusa Uzi deas a cheannach ná canna Budweiser


Tá gearrscéal ag an scríbhneoir Albanach Iain Mac a' Ghobhainn a bhfuil An tAer Americeánach mar theideal air.

Filleann imirceach abhaile chun a oileáin dhúchais á smaoineamh dó go mbeidh sé a bheag nó a mhór mar a chéile ón uair a d’fhág sé é.

Ní hé go bhfuil sé ag súil leis an seanrud riamh, ach baintear siar as nuair a thuigtear dó nach bhfuil ann ach athMheiriceá ar oileán Albanach.

Idir cheol agus theilifís agus shuim agus phointí tagartha, is cuma nó na Stáit Aontaithe a fhearann baile féin.

READ MORE

Is dócha go bhfuil amhlachas an scéil sin scríofa ag údair ar fud an domhain mhóir.

Féachtar fós ar Friends in Juba na Súdáine ó Dheas, agus is mór ag muintir Phitjantjatjara in íochtar na hAstráile gach eipeasóid de Frasier.

Is dócha nach mbaintear oiread sin céille astu mar ní chloistear gáire leictreonach ón mothar ná bualadh bas ó imeall an locha.

B’fhíor d’Iain Mac a’ Ghobhainn, tá an t-aer Meiriceánaithe soir amach, agus gach treo gaoithe chomh maith céanna.

Fós féin, tá gnéithe de chultúr Mheiriceá nár aistrigh fós, in ainneoin scannán agus leabhar agus réaltaí agus idirlín.

Gné amháin de sin is ea cultúr an ghunna.

Is beag, nó is neamhní féin, a bhfuil de thíortha ar domhan a thugann cead d’ógánaigh, do gheilt, do dhímheabhracháin, d’éadromáin, do shraithdhúnfarfóirí gunna nó gunnaí a fháil thar chuntar mar a dhéanfaí guma coganta a cheannach.

Uaireanta is deacra beoir shinsearach a fháil faoi cheadúnas ná AK-47.

Is ait leis an domhan sibhialta ar fad é seo, ach is bodhar iad na Stáit Aontaithe ar aon smacht a chur ar chead gunnaí a láimhseáil. Robert Kennedy Ráinig go raibh mé féin i lúib agus i láthair scata Poncánach thar lear fadó nuair a tháinig an scéal isteach gur lámhachadh Robert Kennedy.

B’é Robert an dóchas mór liobrálach fág Marilyn Munroe as an áireamh.

Bhí sé ar son chearta na ndaoine gorma, árachas sláinte coiteann, comhoibriú leis an tSóivéad Aontaithe, cur in aghaidh deachtóirí ó dheas, smacht a chur ar na mafiosi éagsúla, an aimsir a fheabhsú, máithreacha a mhóradh gach lá, píóga úll a sholáthar do chách, agus gach moladh eile a ghealfadh an croí ar ghealacáin a raibh an gealas ag gealadh orthu gach lá feasta.

B’é buachaillín bán agus úillín óir agus peata laoich é. Ghoil a raibh de Mheiricánaigh im thimpeall óir ba dhaoine iad a raibh a gcroí san áit cheart acu agus a chreid go diongbháilte go slánódh Meiriceá liobrálach an domhan ach caoi a bheith ag Robert Cinnéadach é sin a dhéanamh.

An chuid againn a bhí ag iarraidh comhbhróin a dhéanamh leo – Gaeil, Sasanaigh, Gearmánaigh, Afracaigh, Rúisigh fiú, Meiriceánaigh Laidneacha – bhíomar ar aon intinn go mba chabhair éigin é srian a chur le gunnaí laethúla na Stát. Uzi ná Budweiser B'ait linn go léir go raibh níos fusa Uzi deas a cheannach oíche Shathairn ná canna Budweiser, dá uisciúla é.

Sceit na Poncánaigh d’aon fhear is d’aon bhean amháin. Phreab siad aniar le fórsa is le binb.

Daoine liobrálacha deasa bángheala a raibh airgead ag a muintir ba ea iad seo, daoine nach raibh muineál dearg ina gcóngar, daoine a chuaigh thar lear chun maitheasa a dhéanamh, daoine a chreid i misean sibhialtachta na Stát murar chreid na daoine a bhí le sibhialú chomh diongbháilte sa mhisean céanna.

Sceit siad is scanraigh siad toisc gur bheannaithe leo an darna leasú bunreachta acu.

Ba róbheannaithe leo go raibh de cheart acu airm a iompar ná go bhféadfadh aon bhreallsún nó pleibire nó tuathalán siúl isteach i siopa gunnaí agus a rogha mhilseán a phiocadh as an bpróca.

Sceit siad is scanraigh siad is sceimhligh siad go gcuimhneodh aon duine ar smacht dá laghad a chur ar shaorcheannach do rogha phíp phúdair mar tá sin ginte iontu ó chéad ghabh siad port ar chósta thoir Shasana Nua agus go raibh gátar le harm tine chun na ndúchasach a chloí.

Is ansin féin a tuigeadh dom gur chuma an mó polaiteoir mór le rá a lámhachfaí ó ghrassy knoll, nó ar ardán stáitse, nó ar bhalcóin óstáin, cé mhéid sléachtaí a dhéanfaí ar pháistí scoile le linn ranga léitheoireachta, nó tomhaltóirí a spréifí le piléir ar urlár ollmhargaidh, nó láithreoirí teilifíse a dhúnmharofaí mar adéarfá ‘beo’ ar an scáileán, is ansin a tuigeadh dom nach leasófaí a choíche ná go deor ná go bruinne brátha dlíthe amaideacha buile gan chéill na Stát Aontaithe timpeall ar ghunnaí.

D’fhéadfaí dúnmharú a dhéanamh ar na réaltaí scannán is mó, ar na popamhránaithe is glórmhaire, ar an heolaithe is dearscnaithí, ar na saoithe ríomhaireachta is mó cáil i nGleann an tSileacóin, agus d’fhéadfaí seo a dhéanamh gach lá, cúpla uair, ar FaceBook agus ar líne, beo beithíoch le réamhfhógra gach uair, agus ní athrófaí puinn dlíthe gunnaí na Stát Aontaithe.