I bhfocla an fhile Mheiriceánaigh Ralph Waldo Emerson: “Life is a journey not a destination.” Nuair a chum sé an líne sin ní turasóireacht a bhí ar intinn ag Emerson ach tá a chuid focal tráthúil agus in oiriúint don tionscamh tuarasóireachta is nuaí sa tír seo.
Leis na céadta bliain tógadh cuid de na tionscnaimh mhóra turasóireachta thart ar bhealaí nó aistir agus tá stádas íocónach ag cuid acu.
Smaoinigh ar thuras ar nós an Camino, an Orient Express, Route 66, The Great Ocean Road, The Pacific Highway, Lands End go John o’Groats agus anois seo ceann le cur leo – Bealach an Atlantaigh Fhiáin.
Bhí an gréasán de bhóithre beaga a thagann le chéile i mBealach an Atlantaigh Fhiáin, an bealach turasóireachta cósta is faide ar domhan, ar an bhfód i bhfad sular chualamar faoi tharmac.
Le hathbhrandáil simplí, gan mórán costais ag baint leis, rinne Turasóireacht Éireann an gréasán seo ina inneall forbartha eacnamaíoch. Tá an t-inneall sin anois ag cothú beochta, forbairte agus fáis in áiteacha ar chósta thiar na hÉireann, cuid acu ar ionaid turasóireachta traidisiúnta iad mar An Daingean, Cathair na Mart, Gaillimh agus Dún na nGall.
Ach, níos tábhachtaí fós, tá sráidbhailte agus bailte beaga, nach raibh ar an radar turasóireachta roimhe seo, anois ag fáil buntáiste ón mBealach Fiáin agus an-sásta leis.
Téann an bealach ó Chionn Mhálanna go Cionn tSáile, 2,500 ciliméadar de bhóithre ag sníomh trí naoi gcontae. Tá creidiúint ag dul do Thurasóireacht Éireann faoina bheith oscailte do cheachtanna ó thíortha eile ar féidir leo tógáil orthu chun tionscnamh láidir rathúil a chur i dtoll a chéile.
“The Homcoming” in Albain a spreag Tionól 2013 agus níl aon amhras ach gur éirigh go seoigh leis. Great Ocean Road na hAstráile agus The Pacific Highway i gCalifornia a spreag an tionscnamh nua ach chuaigh Turasóireacht Éireann céim níos faide agus tá an bealach turasóireachta cósta is faide ar domhan anois sa tír seo, tionscnamh nua bunaithe ar sheansaibhreas nádúrtha.
In aois seo an tomhaltachais agus rogha, tugann an Bealach Fiáin rogha nua do thurasóirí, rogha idir na hionaid mhóra seanbhunaithe agus áiteacha beaga tuaithe. Is cuma cé acu Bun Dobhráin nó Baile Chruaich is ansa leat beidh an rogha sin ar fáil ar an mbealach.
Is feidir leo oíche, dhá oíche nó seachtain a chaitheamh in aon áit amháin ach tógfaidh sé tamall orthu an bealach ar fad a thaisteal agus 2,500 ciliméadar ann. Cosúil leis an Camino b’fhéidir go bhfillfeadh daoine chun píosaí áirithe den bhealach a thaisteal bliain i ndiaidh bliana.
Tá an tionscnamh turasóireachta i mbéal an phobail in Iarthar na hEireann, chuile dhuine ag caint faoi, fiú iadsan a bhfuil cónaí orthu ar an mbealach nár thug mórán suntais don saibhreas áilleachta a bhí thart orthu ariamh roimhe seo.
Casadh fear sa siopa orm an lá cheana a tharraing anuas líon na gcuairteoirí a bhí thart ar iarthar Mhaigh Eo le tamall agus é ag moladh an bhealaigh go hard na spéire. “Bhí sé ansin i gcónaí agus ní raibh le déanamh ach cúpla comhartha a chur suas. Tá na comharthaí sin ag tarraingt cuairteoirí isteach i gceantracha nár thaobhaigh siad ariamh cheana,” arsa sé.
Ar ndóigh, bhí níos mó ná cúpla comhartha i gceist, tá feachtas bolscaireachta ar siúl ag na húdaráis turasóireachta, suíomh idirlín galánta acu agus margaíocht leanúnach ar siúl.
Is cinnte, áfach, nach é an rud is costasaí a rinneadh ariamh agus tá torthaí substaintiúla le feiceáil ar an obair. Tá forbairt á déanamh ar ghnónna – óstáin, tithe saoire, tithe aíochta, bialanna agus tionscail bheaga bia gan trácht ar ghalfchúrsaí, ionaid spóirt agus áiseanna eile ar nós rothar ar cíos.
Táthar ag tuar go méadóidh líon na dturasóirí chun na tíre seo i mbliana. B’fhéidir go mbeadh fonn ar Éireannaigh fanacht sa mbaile freisin. Tá a lán poiblíochta faighte ag an tionscnamh seo ó chláracha teilifíse, iad uilig an-mholtach faoina áilleacht, rud a chuireann go mór lena íomhá ghlas nádúrtha.
Ón éileamh atá ag teacht ó cheantracha eile is léir go n-aithnítear go bhfuil ag éirí le Bealach an Atlantaigh Fhiáin, go bhfuil an buntáiste míle uair níos mó ná an caiteachas réasúnta a rinneadh ar chomharthaí, suíomh idirlín snasta agus margaíocht.
Tá a mhacasamhail anois á iarraidh ar an gcósta thoir agus theas. Tá caint faoi Bhealach Loch nEathach i dTuaisceart Éireann.
Cheana féin, tá ceangal ar an suíomh idirlín do Bhealach Cósta Chlochán an Aifir agus, in imeacht ama, b’fhéidir go mbeadh bealaí fad an chósta ar fad.
Bheadh sé inmholta freisin ceantracha eile a bhfuil suntas ar leith ag baint leo a chlúdach mar chuid den turas, turais chun na hintíre, rud a leathfadh an buntáiste.
Níl sé ach ina thús ach, go dtí seo, is tús maith é.