Agus iad ag breathnú siar ar an mbliain 2014, ba chóir go mbeadh ábhar sásaimh éigin ag baill an Rialtais sa mhéid is gurbh í seo bliain a haon gan an Troika agus leanadh leis an dul chun cinn san eacnamaíocht.
Bíonn sé deacair de bharr na heisimirce an dul chun cinn sin a mheas ach tá méadú réasúnta, is cosúil, ag teacht ar an bhfostaíocht.
Chomh maith leis sin, meastar go mbeidh fás thar ceithre faoin gcéad ar an eacnamaíocht sa mbliain atá romhainn.
De réir na bhfigiúirí, mar sin, tá teacht aniar éigin tosaithe agus is féidir leis an Rialtas a mhaíomh gurb iad na dianpholasaithe a raibh sé de mhisneach acusan a chur i bhfeidhm is cúis leis.
Cead cáinte ag baill an fhreasúra ar go leor eile dá bhfuil déanta ach is doiligh leo dul in adharca leis na staitisticí sin.
An deacracht eile a bhí ag an bhfreasúra ná gur dianpholasaithe leagtha síos ag an Troika a bhí i gcuid mhaith acu. B’éigean dóibhsean a mhíniú ar bhealach sásúil inghlactha cén áit eile a bhfaighfí an t-airgead gan iad.
Ceist mhaith agus ceann a chuirfear go minic ar Fhianna Fáil agus ar Shinn Féin sa mbliain atá romhainn.
Ach má leanadh leis an dul chun cinn eacnamaíoch, níl aon aitheantas sna pobalbhreitheanna dó.
Sna cinn is deireanaí a foilsíodh ag an deireadh seachtaine, leanadh leis an titim i dtacaíocht an chomhrialtais, beagáinín i gcás Fhine Gael ach tubaisteach i gcás an Lucht Oibre.
Tar éis athrú ceannaireachta, is bocht an scéal do Joan Burton é cúig faoin gcéad.
Tá an claonadh i dtreo na Neamhspleách agus Shinn Féin ag fás fós agus is í seo an tríú huair gur dheimhnigh pobalbhreitheanna é seo.
Tá urlabhraithe an Rialtais le ceangal ag iarraidh a dhéanamh amach cén seachrán atá ar an bpobal; an measann daoine dáiríre gurbh fhéidir Rialtas a chur le chéile as an meascán mearaí atá ar bhinsí an fhreasúra?
Ar an drochuair don Rialtas, tuigeann an pobal go bhfuil casadh chun feabhais ann ach tuigeann siad fosta gur ar a ndromanna féin atá an feabhas eacnamaíoch seo tógtha.
Samhlaítear dóibh go bhfuil an Rialtas beagáinín cosúil leis an máinlia sa seanscéal grinn: “D’éirigh leis an obráid ach fuair an t-othar bás.”
Má tá leigheas ag teacht ar an eacnamaíocht, is cosúil gur beag duine a mhothaíonn go bhfuil aon fheabhas suntasach tagtha ar an saol s’acusan.
Maíonn an Rialtas go n-athróidh sé seo san athbhliain nuair a thiocfaidh athruithe an bhuiséid i bhfeidhm.
Mair, a chapaill, agus gheobhair féar? Beidh le feiceáil an mbeidh breis airgid i bpócaí daoine nó an slogfaidh na cánacha agus na táillí nua siar an chuid is mó de.
Má tá creidiúint ag dul don gcomhrialtas as an stiúir a choinnigh siad faoin eacnamaíocht, tharla rudaí eile i rith na bliana a thug le fios do dhaoine go raibh réimsí tábhachtacha eile d’obair an Stáit á láimhseáil go ciotach agus is cur síos carthanach é sin.
Cuimhnigh ar an bpraiseach a rinneadh de líomhaintí cúléisteachta in oifigí GSOC agus an chonspóid a lean iad a chríochnaigh le Coimisinéir an Gharda Martin Callinan agus an tAire Dlí Alan Shatter ag éirí as a bpoist.
Ní dhéanfar dearmad ar an mbealach inar sheas an Taoiseach lena Aire go dtí nach bhféadfadh sé a thuilleadh.
É seo cé go raibh beirt gharda ionraice a d’fhulaing ar son a ndualgas a dhéanamh curtha faoi scamall ag an raic ar fad.
Ansin, d’éirigh ceannaire an Lucht Oibre Eamon Gilmore as oifig le macalla “Frankfurt’s way or Labour’s way” ina chluasa.
Measadh go meallfadh Joan Burton tacaíocht ar ais nó tacaíocht nua ach is léir gur fánach an cúrsa acu é.
Ar ndóigh, beidh cuimhne freisin ar an drochmheas agus an sotal a léirigh an Taoiseach nuair a ceapadh John McNulty, ábhar seanadóra de chuid Fhine Gael ar bhord IMMA.
Chuir an eachtra seo an cineál éirí in airde a bhíodh ag sean-Fhianna Fáil i gcuimhne. Ach ab é gur theip ar McNulty sa toghchán, bhí géarchéim den scoth cruthaithe ag Enda Kenny dó féin.
Chonacthas an easpa smaoinimh agus an phostúlacht chéanna nuair a cheap sé Heather Humphreys agus Joe McHugh, beirt gan Ghaeilge i Roinn na Gaeltachta.
Ach thar aon rud eile, cuimhneofar ar an mbliain seo mar “bhliain éirí amach an uisce”.
Is beag gné den bpróiseas ciotach chun Uisce Éireann a bhunú agus a chur ag obair nach bhfuil le cáineadh.
Go tobann tháinig na mílte amach ar na sráideanna agus léirigh siad a bhfearg.
Bhain sé seo geit chomh mór as an Rialtas gur ghéill siad beagáinín ar na billí don dá bhliain tosaigh.
Ach tá an mhíshástacht agus an fhearg sin ag fanacht leo sa mbliain atá romhainn agus cá bhfios nach bhfuil buille an bháis tugtha cheana féin ag an bhfeachtas seo do Pháirtí an Lucht Oibre?
Idir an dá linn, má chloistear gáire toll “Hó, hó, hó” ag teacht as oifig i gceanncheathrú an Aontais Eorpaigh, ní Daidí na Nollag atá ann ach an fear a bhronn Uisce Éireann orainn, Phil Hogan.
D’fhág sé sin slán agus beannacht le buaireamh an tsaoil – go díreach in am!