Tagann nuachtlitir as Dún na nGall chun an cholúin seo go rialta - nó tig nuachtlitir chugainn mar is fearr le Conallaigh é.
Guth Ghoill an t-ainm atá ar an fhoilseachán seo agus is iad Coiste Céim Aniar a chuireann i gcló é. Beidh cuimhne ag roinnt léitheoirí ar an eagras seo; bunaíodh ar na Dúnaibh, Co Dhún na nGall, é agus é mar chuspóir acu an Ghaeilge bheo atá fágtha sa Ghaeltacht imeallach seo a tharrtháil.
Bíonn míreanna éagsúla ar Guth Ghoill: ailt bheaga ar logainmneacha; cuimhní cinn; seanphictiúir; seanchas; ábhar do pháistí agus dá réir sin. Bíonn pictiúirí daite air agus leagann an coiste an nuachtlitir amach iad féin agus canúint Ros Goill a scríobhann na húdair.
Ní foilseachán mór é agus ní thagann sé faoi scairt asail de nuachtáin mhóra ó thaobh díolacháin agus acmhainne de. D'ainneoin sin uilig, is fearr i bhfad an léargas a thugann sé ar an choirnéal beag seo d'Éirinn agus d'oidhreacht teanga agus chultúir an phobail ná mar a dhéanann nuachtáin mhóra Dhuibhlinne go minic.
Bhí an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag rá le deireanas - agus an ceart aige - nach raibh nuachtáin na tíre ag déanamh freastal mar is ceart ar na réigiúin. (Ní hionann sin is a rá nach bhfuil iriseoirí ar fhoireann na nuachtán céanna a dhéanann iarracht aird a tharraingt ar thuatha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.)
Cruthúnas ar theist an Aire é Guth Ghoill. Tá lón anama sa 12 leathanach a chuireann síos ar shaol agus ar shíceolaíocht pobail ar bhealach níos cuimsithí ná na meáin mhóra uirbeacha. Tá béim ar leith san eagrán reatha ar chúrsaí iascaireachta. An té a bhfuil an sárleabhar sin, Cladaí Chonamara, ar an tseilf aige, bainfidh sé sult as an amharc siar ar ghnásanna iascaireachta na gcurrach.
Agus cuireann Guth Ghoill i gcuimhne dúinn a chontúirtí agus a bhí an tslí bheatha sin: chuaigh beirt dheartháireacha, Den Phádraig Den agus John Rua, ag iascaireacht gliomach Meán Fómhair 1932; bhí mórtas san fharraige agus bhuail cnapán farraige an currach ina raibh siad agus tiontaíodh í. D'éirigh leis an bheirt iad féin a choinneáil ar snámh ar feadh tamaill. Sa deireadh, d'imigh Den Phádraig Den le sruth: "Is cosúil gurbh iad na focail dheireanacha a dúirt sé lena dheartháir, John, sular scaoil sé a ghreim ar an churrach ná "John, is tusa a d'fhág mise báite." Nach trom an t-ualach a d'fhág sé le hiompar ag a dheartháir don chuid eile dona shaol."
Tháinig John Rua slán sa mhéid is gur baineadh as an fharraige é ach chuaigh sé go hAlbain: "Ach ní raibh John Rua ábalta éalú ó thubaiste an lae sin. Is cosúil gur chuala sé cuid focail agus uaill chaointe a dhearthár ina chluasa agus é ó cheann ceann na hAlban. Níl amhras ná gur ghoill seo go mór air mar gur chaith sé páirt mhaith dona shaol ar an drabhlás. Fuair John Rua Phádraig Den bás in Albain ag tús na 1960í agus é cúbtha suas istigh i bpíopa coincréit."
Cén teanga eile ach an Ghaeilge a thabharfadh glór do thaibhse John Rua - agus do chuimhne bheo na Gaeltachta?