Spórt faoi bhréagriocht

BEOCHEIST: IS BEAG an sásamh dom go bhfuil ceann de na foirne Sasanacha a mbíodh tóir ag m’athair orthu, Preston North End, …

BEOCHEIST:IS BEAG an sásamh dom go bhfuil ceann de na foirne Sasanacha a mbíodh tóir ag m'athair orthu, Preston North End, luaite le cuid de na heachtraí amhasóireachta peile is luaithe a bhfuil tuairisc orthu – in 1885 agus 1886.

Leis an bhfírinne a dhéanamh, áfach, is beag tír nach mbíonn a cuid féin d’aighneas i measc lucht tacaíochta spóirt ann. Agus lasmuigh den méid sin, is beag tír nach raibh tubaistí suntasacha ann le linn nó timpeall ar eachtraí agus foirne spóirt: scriosadh club Torino san Iodáil i dtuairte eitleáin in 1949, agus foireann náisiúnta na Saimbia ina chomhleithéid in 1993, gan trácht ar fhoireann iomlán scátála na Stát Aontaithe in 1961.

Agus maidir le hionaid spóirt, chomh fada siar le haimsir na Róimhe, maraíodh suas le 1,200 duine nuair a theip ar raon uachtarach an Circus Maximus in 140AD.

Bhí baint ag míshásamh lucht tacaíochta agus fadhbanna staide le mórchuid na mórthubaistí i staideanna spóirt le 100 bliain anuas – ó Ibrox 1902 (25 duine caillte) go Accra 2001 (127 duine básaithe). Ach ba é an míshásamh ba mhó ba thrúig báis don 318 a cailleadh i Lima sa Pheiriú in 1964.

READ SOME MORE

Ach ní cosúil gur amhasóireacht peile amháin ba bhun leis an eachtra uafásach i bPort Said na hÉigipte i mbliana, nuair a maraíodh os cionn 70 duine tar éis cluiche peile ann. B’fhéidir nach mbeadh súil ag a lán go mbuaifeadh club áitiúil Al-Masry ar Al-Ahly ón bpríomhchathair. Ach bhuaigh, agus bhí a lucht tacaíochta imithe ó shrian i bhfad roimh dheireadh an chluiche.

Tá lucht polaitíochta san Éigipt ag maíomh go raibh uisce faoi thalamh ar bun ag na húdaráis roimh an chluiche, a bhí ar siúl ag ceann bliana na hagóide sráide i gCairo a chuir rialtas Hosni Mubarak dá bhonnaí. Deirtear gur ligeadh do dhreamanna áirithe ar airm a bhí acu seachas ticéadaí dul isteach sa staid, agus go raibh geataí áirithe dúnta ar éalú an lucht féachana ag deireadh an chluiche.

Is gaire go mór ná tubaist, más ea, an eachtra sin le cúinsí “Cogadh na Peile” idir Hondúras agus an tSalvadóir. Níor mhair an cogadh féin ach ceithre lá in 1996, ach lean an mhargáil idirnáisiúnta ina dhiaidh, cás cúirte sa Chúirt Idirnáisiúnta san áireamh, níos mó ná 30 bliain.

Tá an eachtra staire sin dearmadta nach mór ag lucht polaitíochta, ach maireann sé i gcuimhne lucht peile, cé nach raibh ach baint shiombalach ag an bpeil leis.

Bhí na céadta mílte Salvadórach ar imirce i Hondúras, atá i bhfad níos fairsinge agus pobal níos lú ann. Faoi bhrú ó thionsclóirí, ina measc United Fruit Company Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhí sealbhas glactha ag rialtas Hondúras ar mhórchuid talún a raibh inimircigh Shalvadóracha á saothrú, agus na mílte acusan díbeartha ar ais abhaile, ina measc a lán a bhí tar éis Hondúraigh a phósadh.

Bhí teannas á chothú freisin ag meáin na Salvadóire, a bhí ag tuairisciú ar uafáis a maíodh a bheith imeartha ar a gcineál féin sa tír béal dorais. Níor mhiste leis an rialtas ansiúd stop a chur leis an sruth athimirceach, dá mb’fhéidir.

Tharla go raibh an dá thír le bheith in iomaíocht lena chéile i réamhchomórtais Chorn an Domhain 1970, dhá bhabhta ann is as. Bhain Hondúras an chéad bhabhta i Tegucigalpa, áit a raibh scliúchaisí i measc a lucht tacaíochta, de bharr is dócha gur scóráladh aon chúl na hoíche san am breise ag deireadh an chluiche. Níor tugadh mórán ceann den bheagán aighnis idir an dá lucht tacaíochta ina dhiaidh.

Ach ba rud eile é an dara céim, i San Salvador. Bhí na seirbhísí slándála amuigh go tiubh thart ar an staid, agus roimh imirt an chluiche, fiú, bhí scliúchaisí ann, is maraíodh triúr Salvadórach. Bhain an fhoireann baile an uair seo, le 3-0. Rinne díormaí sceimhlitheoirí ionsaí ar lucht tacaíochta Hondúras is iad ar a mbealach abhaile.

Ba ghairid ina dhiaidh sin go rabhthas ag tuairisciú ionsaithe ar shiopaí is ar thithe na Salvadórach i Hondúras, tapaíodh scéalta ar dhúnmharuithe is éigean, agus mhéadaigh ar shruth na n-athimirceach teifeach thar teorainn abhaile.

Ba ghá an tríú cluiche leis an toradh peile a dheimhniú, faoi rialacha an chomórtais úd. Imríodh i gcathair Mheicsiceo é, agus bhuaigh an tSalvadóir é le 3-2, an tríú cúl acu san am breise.

Ghearr an dá thír an teagbháil dioplamáideach eatarthu, cé nach féidir a mhaíomh gurbh í an pheil ba phríomhchúis leis an mbriseadh. Agus seachtain ina dhiaidh sin d’ionsaigh an t-aerfhórsa Salvadórach bunáití aerchabhlach Hondúras.

Deirtear uaireanta gurb ionann spórt idirnáisiúnta agus cogaíocht faoi bhréagriocht. Agus ar ócáidí áirithe is deacair gan géilleadh don tuairim sin.