“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Caithfidh ábhar múinteora trí sheachtaine a chaitheamh ar chúrsa Gaeltachta mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais. Ach tá Roinn an Oideachais le deireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí seo le hairgead a shábháil.
Thug an dá eagras le fios gur céim ar gcúl don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta a bhí sa chinneadh. Mhol siad gur chóir d’ábhar múinteora níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Dúirt Éamonn Mac Niallais ón bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, nach mbeadh sábháil airgid ann agus go gcosnódh sé “níos mó airgid ar an Stát chun toradh an droch-chinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeadh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo”.
Chreid sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag ábhar oide ar bith íoc as cúrsa Gaeltachta as a stuaim féin. Os a choinne sin, chuidigh na cúrsaí le bonn a chur faoi theacht isteach na mban tí agus shiopaí áitiúla agus chruthaigh siad fostaíocht do mhúinteoirí agus chúntóirí sa Ghaeltacht.
Thug an dá eagras le fios go raibh an cinneadh ag teacht salach ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Mhol an straitéis cur le cúrsaí Gaeltachta agus iad a fhorbairt.
Dúirt iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, (FF), leis an cholún seo gur “léir go raibh cead faighte ag an Roinn Oideachais ón gCoiste Rialtais (Coiste Gaeilge an Rialtais atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh) an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a scoilt óna chéile agus tá sé chomh maith a rá go bhfuil deireadh leis an straitéis.
“Tuigeann éinne a thuigeann stair na teanga go bhfuil gá le múinteoirí le cumas ard sa Ghaeilge agus sin an chúis gur cuireadh plean sa straitéis le cur go mór le cumas na múinteoirí.”
Bhí malairt treo tógtha ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, agus dhéanfadh an treo sin dochar don Ghaeilge. Dúirt Ó Cuív gur “léir go raibh an straitéis marbh fad is a bhaineann sé leis an nGaeltacht agus cúrsaí oideachais”.
Dúirt sé gur mar chuid de “phatrún níos leithne” Rialtais a bhí seo ag tarlú. Thagair sé don chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus an cinneadh deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Chuirfeadh an cinneadh nua seo “lagmhisneach” ar phobal na Gaeilge agus ba ghá dul i mbun “síorstocaireachta le léiriú don Rialtas nach raibh sé seo inghlactha ag pobal na Gaeilge”.