Den chéad uair riamh, tá tagairt ar leith don Ghaeilge sa Phlean Forbartha Náisiúnta, sa bhreis ar an ghnáth-thagairt don Ghaeltacht.
Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gurbh aitheantas é seo don tábhacht a bhain leis an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil agus don stádas nua a bhí aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Dhearbhaigh an Rialtas a dtacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus tá tagairt ann don phlean straitéiseach 20 bliain a réiteofar le húsáid agus leathadh na Gaeilge a chur chun cinn sa Stát.
Ach d'ionsaigh urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre ar chúrsaí Gaeltachta, Brian O'Shea, plean an Rialtais. D'eisigh sé ráiteas i mBéarla, á rá go raibh an plean "aspirational and shows no sign for being well-planned or thought-out over the long term. The NDP talks about the development of a 20 year strategy to increase the use and knowledge of the Irish language. Yet Minister Eamon O'Cuiv (sic) has been in office long enough to advance such a strategy some time ago. When it comes to the Irish language there is very little action from the Government to actually encourage people to speak it. We get lots of announcements and plans - such as the recent Government statement - but very little action ..."
D'fháiltigh Údarás na Gaeltachta roimh an phlean. Is iad na gnéithe is suntasaí den phlean don Ghaeltacht forbairt chalaphoirt Ros a' Mhíl; an soláthar d'fhorbairt chéibheanna agus seirbhísí do na hoileáin agus forbairt bóithre i gConamara agus i nDún na nGall: "Fáiltímid chomh maith roimh an ngeallúint go n-ullmhófar plean 20 bliain don Ghaeilge mar is é seo an chéad uair riamh a raibh soláthar ar leith don Ghaeilge i bPlean Forbartha Náisiúnta."
B'ábhar dóchais ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, go raibh "mír ar leith ann faoin nGaeilge den chéad uair. Deirtear ann gur príomhghné de pholasaí an Rialtais ná cothú spéise sa teanga agus leathnú úsáid na Gaeilge. Ábhar dóchais is ea go ndéantar an ráiteas i leith na Gaeilge a d'fhógair an Rialtas roimh Nollag a athdhearbhú sa Phlean Forbartha Náisiúnta seo. Cinnteoidh seo ní amháin go mbeidh pleanáil teanga ar siúl den chéad uair le fada sa tír seo ach go mbeidh sé mar dhlúthchuid de chóras ina bhfuil monatóireacht leanúnach ar dhul chun cinn ar siúl."
Bhí Comhdháil Oileáin na hÉireann sásta go raibh €126 milliúin le caitheamh le tacú le pobail maireachtáil ar na hoileáin. Dúirt Mícheál Ó Ceadagáin thar a gceann: "Teastaíonn céanna sábháilte agus seirbhísí farantóireachta ar phraghas réasúnta ó phobail na n-oileán - is iad na droichid idir na hoileáin agus an mórthír iad agus ní fhéadfadh muid maireachtáil gan iad. Tosaíodh ag déanamh infheistíochta sa mbonneagar seo thart ar dheich mbliana ó shin agus is cúis áthais dúinn go n-aithníonn an tAire (Ó Cuív), anois ó tá cúrsaí rochtana feabhsaithe go mór, go bhfuil an t-am tagtha breathnú ar bhearta eile le cinntiú go mbeidh fáil ag na hoileánaigh ar sheirbhísí agus deiseanna riachtanacha."
• Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid an Northern Ireland Television and Film Commission (NIFTC) le cúrsa in athchóiriú scripteanna a reáchtáil idir an Aoine 2ú agus an Domhnach 4ú, mí an Mhárta.
Athchóiriú scripte do shraith beochana ó Bhéarla go Gaeilge do pháistí atá i gceist. Is i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, a bheidh an cheardlann agus níl aon táille ar an ócáid. Eolas: 048-90232444 nó caoimhe@niftc.co.uk
• Tionólfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár lae san Óstán Alexander, Baile Atha Cliath, Dé Máirt 27ú Feabhra, chun éilimh phobal na Gaeilge a chloisteáil agus a gcur faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla.
Ar na hábhair a phléifear: oideachas; pleanáil fhisiciúil agus pleanáil teanga; feidhmiú an Acht Teanga; an t-aos óg agus an Ghaeltacht. Eolas: 01-6794780 nó eolas@gaelport.com