CROBHINGNE: B’É A ghuth an chéad rud a gcuirfeá suaithinseacht ann, nuair a chloisfeá é

CROBHINGNE:B'É A ghuth an chéad rud a gcuirfeá suaithinseacht ann, nuair a chloisfeá é. Guth mín réidh sibhialta a raibh siúcra donn tríd. Ní guth maol a bhí ann, ach má bhí clúmh air bhí sí béasach agus slíoctha le cineáltas. Guth é a gcuirfeá muinín ann dá mba ghuth easbaig nó phríomhfheidhmeannaigh comhlachta é; ach níorbh aon easpag ná príomhfheidhmeannach é ach file.

Ar éigean go bhfuil de dhualgas ar fhile ar bith ach a ghuth féin a bheith aige. Sa chás seo ní hé guth a ghlóir atá i gceist, ach a ghuth fileata.

Is é atá san ghuth fileata ná an chuid sin den fhile nach mbaineann le guth fileata ar bith eile. Bhí sin ag Pearse Hutchinson, guth fileata nár bhain ach leis féin amháin.

Dá mbeadh sé furasta cur síos a dhéanamh ar an sainghuth sin bheadh obair na critice thar a bheith éasca. Caitear isteach cúpla aidiacht ar fud na gcos, agus tá sé ceapaithe agat, gan bhréig. Ach dá mba eolaíocht incheapaithe í an fhilíocht bheadh pointí móra le tuilleamh aisti san ardteistiméireacht.

READ SOME MORE

Is é an gradam a thugtar don fhile sa saol mór leathan ná gradam don rud nach dtuigtear. Is é cúis nár tugadh gradam do Phearse Hutchinson ná go gceaptar go dtuigtear gach rud anois.

File ba ea é mar gur thit sé i ngrá leis an mionrud. Ba bheannaithe leis an bláth beag, agus oileán cúng, agus seanamhrán, agus buachaill ag siúl na slí, agus ulchabháin, agus seanmhadraí.

Nuair a chíonn sé feithid bheag gaistithe san im maidin shamhraidh líonann a chroí le tuiscint dó: “Bás beag:/feithid amháin nár chuireas/donn iongan ina bhás./Bás chomh trom le mo bhás féin;/ach gan deis a mheáite/ag mo shamhnas dall éadtrom.”

B’fhéidir gurbh é an cúram sin a thug air titim i ngrá le focail. B’iad focail agus teangacha bun agus barr a chuid oideachais.

Grá d’aoibhneas na bhfocal agus do ghealadhram na beatha a thug air Éire a fhágaint, bíodh nár thréig sé riamh a ghrá don tír.

Is dócha gurb é an galar céanna a bhí air agus a bhí ar Sheosamh Mac Grianna nuair a d’éigh sé amach: “is there anybody who will curse Ireland with me?”

Ach níor dhiúltaigh sé riamh do na hidéil a thug ar a athair a phost a chailliúint i nGlaschú mar dhuine a bhí ag áiteamh ar son saoirse na hÉireann, ná a mháthair a d’fhill ar an tír nuair a tháinig De Valera i gcumhacht.

Muran meacan bán duine ar fad iompraíonn sé smut den tír seo ina chroí nuair a ghabann sé thar lear, mura bhfuil ann ach dealg droighin nó pian sa phrumpa.

D’fhoghlaim sé Iodáilis agus Spáinnis, ina dhiaidh sin Catalúinis agus Gallego, agus GaliciPhoirtingéilis. D’fhoghlaim sé Dúitsis. D’aistrigh sé dánta ó na teangacha sin ar fad, mar gur thaitnigh siad leis. Thug sé filí na hEorpa ar cuaird chugainn, filí nach mbeadh puinn aithne againn orthu á cheal.

D’fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil, ach thit sé i ngrá léi ar a mhalairt de chúiseanna go dtugann daoine fuath di. Bhí sé faoi dhraíocht ag “all that aspiration, and eclipsis, all those cases – the feminine genitive singular, the masculine genitive plural often the same as the nominative singular – except that...”

In áit eile luann sé an fhilíocht a bhaineann leis an aidiacht tar éis an ainmfhocail bhaininscnigh sa dara díochlaonadh, leithéid – “sciathán na sióige aeraí áille,” “imeall na gealaí gile gealtaí,” “fíoch na feirge fíochmhaire fimíní,” “tiús na hinchinne neamhinspioráidí maoile”, nathanna a bhíonn coitianta ríofa trí gach re comhrá Gaeilge, gan amhras.

Shealbhaigh sé an t-iontas a bhí san sciathán leathair agus sa bhóín dé agus san smugairle róin, filíocht chruthaitheach na teanga féin.

Scríobh sé dánta ar bailéid iad le fírinne, dánta próis a léirigh a bhá leis an rud leonta, dánta fada argóintiúla, scéaldhánta ar eachtra neafaiseach éigin a bhfaca sé suaithinseacht ann, dánta gonta a raibh idir ghearradh agus ghaois iontu mar atá in Manifesto: “Universal courtesy – /Now that would be/revolutionary.”

Ba dhóigh leat air go bhfaca sé draíocht sa rud is lú ar fad, snáth feamainne, carraig aonair, úth cránach, duilleog bheo ar fhéar tirim, logainmneacha neamhchoitianta, garsún ag ithe uachtair reoite.

Bhí an bua sin aige nach mbíonn ach ag an bhfile fánach, thug sé súile nua dúinn. Mhóraigh sé agus ghlóirigh sé na mórshuáilcí – gáire, féile agus mórchroí, na suáilcí a mhúchann an dúire, an sprionlaitheacht agus an searbhas beag cúng.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar