Beocheist: Two hospital stays were a great experience but enough is enough, writes Seán Ó Riain
Cluiche mór CLG ar siúl ar an teilifís, anois an t-am. Ar fheabhas, ní raibh ach leathdhosaen romham san aonad éigeandála. Scrúdaigh an doctúir mo chos dhearg ata.
"Celulitis, tinneas atá an-chomónta le tamall. Cinnte, phiocais am oiriúnach le teacht isteach. Nuair a bhí an cluiche sacair idir Éirinn is an Spáinn ar siúl, níor tháinig fiú duine amháin isteach chugainn. Séard tá ag teastáil ná tuilleadh spóirt ar an teilifís, bealach nua is saor le sláinte na ndaoine a fheabhsú."
Bhuel, chaitheas seachtain i mbarda poiblí a raibh cuma smólchaite air. Bheadh fonn ort tabhairt faoi na fallaí le péint gheal úr. Ach in ionad sin chaitheas seachtain ar fhleasc mo dhroma agus na frithbheathaigh ag dul díreach isteach sna féitheacha.
Bhí togha an chomhluadair agam. Ina measc, fear óg a raibh an-spéis aige i sacar agus sna cailíní agus a d'fhan cúig lá le toradh x-ghathú a fháil. An dtarlódh a leithéid d'othar príobháideach?
William an duine ba chiúine. D'inis sé dom gur cuireadh cúirt airm ar a athair toisc gur ghlac sé páirt in éirí amach na Connaught Rangers san Ind i 1920. "Ní raibh aon eolas againne faoi go dtí gur thángamar ar cháipéisí dá chuid tar éis báis dó. Ba mhaith liom níos mó a fháil amach faoin rud ar fad ach níl fhios agam conas cur chuige."
Ach bhí locht mór amháin ar mo chomhothair. Bheidís sásta caint ó dhubh go dubh faoi eachtraíocht Keane/McCarthy! Agus mé ag imeacht abhaile dheineas dhá rún. Gan labhairt go deo arís faoi chúrsaí sacair agus gan cos a leagan laistigh d'ospidéal arís.
Ach gan rómhoill bhíos ar ais san ospidéal (an chuid phríobháideach an uair seo) a bhuí le dochtúir teallaigh eolasach is gairmiúil a mhol dom tástálacha áirithe a fháil.
"Cé nach bhfuil rud ar bith ag cur isteach ort anois," ar seisean, "ba cheart na trialacha seo bheith mar ghnáth-thástálacha."
D'íocas as na tástálacha, deineadh iad laistigh de dhá lá, moill bhliana ar a laghad d'othar poiblí.
"Triple A," ar siad.
"Cad é sin?" arsa mise.
"Abdominal Aortic Aneurysm," ar siad.
"Cad é sin?" arsa mise.
Fallaí an aorta, an príomhfhuileadán sa bholg, ag at is ag éirí lag, i mbaol a bpléasctha rud a chuirfeadh deireadh liomsa. D'ullmhaíodar na sceana géara.
Chuireadar píosa nua bréige isteach agus thángasa slán cé go raibh breis is 30 greim miotail ag coiméad mo bhoilg le chéile ar feadh tamaillín. Ansin tar éis cúig lá san aonad ardchúraim turas pléisiúrtha ar ais chuig mo sheomra deas príobháideach.
Na rudaí a mhaireann i mo chuimhne anois?
Scil is daonnacht an lucht leighis. An teicneolaíocht. Crógacht na n-othar eile agus an tuirse a chuireann cuairteoirí orthu uaireanta. An difríocht idir caighdeán an bhia san ospidéal poiblí agus an biachlár leathan mealltach san ospidéal príobháideach. Tástáil amháin ar an gcroí - moill ceithre lá san ospidéal poiblí, moill ceithre uair an chloig san ospidéal príobháideach.
AN t-ullmhúchán síceolaíoch don obráid, eolas is comhairle á ndáileadh orm braon i ndiaidh braon. Síniú na bhfoirmeacha, bearradh na gruaige, cuairt (deireanach?) ón gclann. Na nóiméid ag sleamhnú thart, go mall nó go tapaidh n'fheadar, ach iad ag sleamhnú thart. An turas imníoch chun áit na hobráide. Snáthaid, snáthaidí eile agus an smaoineamh nach uafásach an rud é pionós an bháis. Ansin codladh.
Agus an oiread sin argóna ar siúl faoin gcóras sláinte, b'fhurasta dearmad a dhéanamh go bhfuil dochtúirí de gach aon ghrád ag obair ar a míle dícheall agus go bhfuil sáraltracht ann i gcónaí inár n-ospidéil.
Tá oibrithe de chuile ghrád ón iasacht ag tuilleadh meas na n-othar dóibh féin agus dá gcine. Go deimhin n'fheadar cén crut a bheadh ar ár gcóras sláinte gan iad.
Cad é sin? Cinnte thiteas i ngrá, go minic, le gach aon bhanaltra a chasadh orm. Dóibh san ar fad agus do gach aon duine a chaith chomh maith sin liom, gabhaim buíochas ó chroí i dteanga na gcailíní ón Rómáin a thugadh dea-aoibh is gáire leo agus iad i mbun ghlantachán na mbardaí.
Mól só mesk!