Níl ach an t-aon rogha amháin ag an Rialtas - stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge san Aontas Eorpach, a dúirt Feisire Eorpach Fhianna Fáil, Seán Ó Neachtain. Bhí sé ag caint i ndiaidh gur bhronn an grúpa stocaireachta, Stádas, achainí 80,000 síniú air i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn ag iarraidh go ndéanfaí teanga oifigiúil den Ghaeilge. Léirsigh idir 4,000 agus 5,000 duine mar chuid d'imeachtaí an lae.
Dúirt sé: "Tá sé faighte amach agam, tré fhiosraithe atá déanta agam san Eoraip maidir le stádas na Gaeilge, go mbeidh orainn stádas iomlán a iarraidh don Ghaeilge. Níl aon mhaith bheith ag iarraidh rud beag anseo agus rud beag ansiúd.
"Dúirt an Coimisiún liomsa nach mbeadh stádas ar bith ar fáil más é sin a bhíonn i gceist againn. Tá bóthar amach romhainn ach tá an bóthar soiléir díreach agus tá a fhios agam go bhfeiceann an Rialtas é sin anois."
Thacaigh sé le héileamh Stádas go dtabharfaí stádas oifigiúil don Ghaeilge: "Is Gaeilgeoir mé féin agus tá mé ag tacú go hiomlán leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeilgeoirí uile na tíre sa gcás seo.
"Tá mé ag troid ar son na Gaeilge san Eoraip ó ceapadh mé i mo bhall pairliminte agus creidim go bhfuil seans againn an stádas atá tuillte ag an Ghaeilge a bhaint amach má leanann muid orainn ag troid ar a son."
Tá an méid a dúirt Ó Neachtain ag teacht leis an tuiscint atá ag Stádas ar chás na teanga. D'eisigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha preasráiteas a thug le fios go raibh "dul chun cinn maith" déanta ar obair an Rialtais i leith na Gaeilge san Aontas.
Chuir an Rialtas in iúl do na ballstáit eile go raibh siad ag athmheas stádas na Gaeilge san Aontas agus ag iarraidh teacht ar bhealtaí le é a chur chun cinn; tá grúpa oibre idir-rannach ag anailísiú chás na teanga agus bhí ceithre chruinniú "ardleibhéil" acu go dtí seo.
Dúirt an tAire Éamon Ó Cuív, go raibh sé sásta go raibh "dul chun cinn fiúntach déanta ag an ngrúpa oibre" agus go mbeadh "moltaí dea-bhreathnaithe" acu go luath don Rialtas.
Shéan Stádas go raibh bunús ar bith sásaimh ag an Rialtas as obair an ghrúpa idir-rannaigh. Tuigeadh dóibh gur chuir an Coimisiún in iúl don Rialtas nach raibh "bealach lárnach" ar bith ann le cás na teanga a fheabhsú; ní raibh ach "rogha lom ag an Rialtas - aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach a lorg nó gan é a lorg."
Cháin siad an Rialtas as gan a rá cén moladh a bheadh acu i dtuarascáil an choiste idir-rannaigh agus cá fhad a d'fhanfadh siad lena gcinneadh a fhógairt.
Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa, Pádraig Ó Laighin:
"Níor chreideamar ón tús go raibh bealach eile ann idir stádas conartha agus stádas oifigiúil. Is gá dóibh aitheantas a lorg don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach faoi Rialachán 1 le go ndéanfaí dul chun cinn. Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé tús a chur leis an bpróiseas."
Labhair iondaithe ó Pháirtí an Lucht Oibre, ón Pháirtí Daonlathach, Shinn Féin, ón Chomhaontas Glas agus polaiteoirí neamhspleácha ar son stádais oifigiúil Dé Sathairn. Tacaíonn Fine Gael leis an éileamh fosta.
"Is í an Ghaeilge ceann de na teangacha is sine ar domhan. Is buntáiste litríochta, cultúrtha agus tionsclaíochta í. Ní dhéanann sé ciall ar bith nach mbeadh an stádas céanna ag Gaeilgeoirí is atá acu siúd a labhrann teangacha eile na hEorpa," a dúirt Ó Neachtain.