CROBHINGNE:AGUS I gcionn dhá lá bhí féile na Cásca agus an aráin gan ghiost le bheith ann agus bhí uachtaráin na sagart agus na hiriseoirí agus na seanóirí á chuimhneamh conas a dhéanfadh siad breith air agus é a chur chun báis.
Ach dúirt siad: “Ná déantar lá na siopaí é le heagla go n-éireodh achrann i measc an phobail.”
Agus bhí sé i mBoth Chuanna i gcarabhán Síomóin Tincéara, agus é ina shuí chun bia ann. Agus nuair adúirt sé go mbeadh na boicht i gcónaí inár bhfochair, scríobhadh an méid sin síos ionas nach ndéanfaí dearmad air choíche, agus i dtreo is go mbeadh sé ina leithscéal go brách.
Agus nuair a d’fhág siad an áit sin, dúirt a dheisceabail leis “Cár mhaith leat go rachaimis chun féile na Cásca a ithe, óir tá aithne againn ar bhialanna den scoth ina mbíonn na daoine is fearr agus ina bhfuil rogha níos fairsinge ná mairtfheoil agus bradán don entrée.”
Agus nuair a bhí siad ina suí agus ag ithe, dúirt Íosa: “Go deimhin adeirim libh, tá duine agaibhse atá ag slogadh agus ag alpadh im theannta, agus díolfaidh sé mé.”
Agus tháinig buairt orthu, agus chromadar ar gan faic a rá, mar thuig siad ina gcroí istigh gurbh iad na daoine fónta na daoine a mbíonn cumhacht acu, agus go mbeidh an fear friothála ina fhear cinn riain ach a dheis a thapú in am is i dtráth.
Agus nuair adúirt sé leo, “Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bhróga, an raibh aon ní in easnamh oraibh?” tá sé fós ag feitheamh ar fhreagra, cé gur ghlan siad a scornach go béasach.
Agus d’imigh Iúdás Iscariot, duine den dáréag, ag triall ar an lárionad airgeadais, mar bhí scaireanna agus ollmhaitheas agus teach mór leis an seoladh ceart geallta dó, agus bhí sé ag faire chun caoi a fháil ar é a thabhairt suas.
Agus níos déanaí nuair a bhí Íosa ag caint, tháinig sé chun póige a thabhairt dó. Agus nuair a chonaic an mhuintir cad a bhí ar siúl, d’ardaigh duine acu a chlaíomh agus bhain an chluas dheas de ghiolla na gabhála. Agus phioc siad suas an chluas, agus dúirt, “Beidh ár ndóthain airgid againn chun seo a chur ar ais arís.”
Agus dúirt Íosa leo a gclaimhte a chur ar ais ina dtruaill “óir gach duine a thógfaidh claíomh, is le claíomh a thitfidh sé,” agus leis sin rinne siad go léir scairteadh gáire a cloiseadh san Ardteampall agus ar fud na cruinne. Agus gabhadh Íosa, agus tugadh an ghnáthchiceáil dó, agus tugadh os comhair cúirte é.
“Nach Gaillimheach tusa?” a d’fhiafraigh siad de, óir bhí siad ag lorg fianaise bréige le cur ina leith, ach dhiúltaigh sé aithne a thabhairt don chúirt, rud a chuir le báiní ar fad iad.
Agus thugadar suas don rialtóir é a raibh púdar ina pheiriúic aige, agus cheistigh an rialtóir é, ach níor thug sé aon fhreagra air an t-am sin.
Agus nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, cad a bhí déanta aige, thug sé na scaireanna agus an t-ollmhaitheas ar ais, agus chuir na comhairleoirí airgid le chéile agus cheannaigh siad banc nua leis chun daoine a adhlacadh ann. Agus d’imigh sé leis agus rinne é féin a chrochadh sa gharáiste ar chúl an tí.
Agus labhair an rialtóir a bhí ina shuí ina chathaoir bhreithiúntais le hÍosa. Agus chuir sé cabhair agus carthanacht ina leith, agus caoine agus cineáltas.
Agus an t-am seo labhair Íosa, agus ghéill sé go raibh sé ciontach iontu uile go léir.
Agus rinne sé cosaint chiallmhar thuisceanach réasúnta ar an gcarthanacht agus ar an gcineáltas, agus féach, thuirling daille de shaghas éigin ar an rialtóir agus rinne sé a cheann a thochas agus bhailigh sé a róbaí corcra timpeall air féin.
Agus dúirt sé: “Is fíor go bhfuil sé ciontach sna nithe a cuireadh ina leith, ach ní foláir dúinn a dhálaí a chur san áireamh.
“Teaghlach bocht, droch-chomhluadar, scéalaí ócáidiúil, gan aon teacht isteach rialta aige, agus níl aon dochar ann. Scaoiltear saor é!”
Agus liúigh an slua agus maithe measúla an phobail, ach chloígh an rialtóir lena fhocal, ach lean siad ag liúrach de ghuthanna arda ionas gurbh éigean iad a dhíbirt as an gcúirt.
Agus sciob na gardaí amach an cúldoras é, agus chuir isteach sa charbad é, agus thóg ar ais go dtína mhuintir féin é faoi rún.
Agus an oíche sin chruinnigh na hardshagairt agus na hiriseoirí agus na scríbhneoirí agus na fáithe agus maithe measúla an phobail le chéile, agus is iad a bhí go lagbhríoch, cé nár fhág sin nach raibh béile breá groí acu.
Go díreach ar son an tost a bhriseadh, fiafraíodh go ciúin: “Cad a dhéanfaimid anois?”