Coiste agus conspóid an bealach is cruinne le cur síos ar na cora is déanaí i gcúrsaí Gaeltachta. Bhunaigh an tAire Éamon Ó Cuív coiste comhairleach Déardaoin seo caite le "feidhm phraiticiúil" a thabhairt do mholtaí Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.
An tseachtain chéanna, chuir an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe a ladar sa scéal le halt a cheistigh fiúntas na turascála go géar.
Comhairle a chur ar Ó Cuív maidir le cur i bhfeidhm na moltaí agus pleananna gníomhaíochta le spriocanna inseachadta an dá phríomhról atá tugtha don choiste. Tá ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, TG4, Conradh na Gaeilge, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Comhdháil Oileán na hÉireann, Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ainmnithe ar an choiste.
Dúirt an tAire ar an cholún seo an tseachtain seo caite go raibh sé in am gníomhú. An cheist a bheidh ag mórán daoine ar an Aire, an gníomhú nó maorlathas an toradh a bheidh ar a chinneadh?
Agus cé go bhfuil fonn ar an Aire béim a chur ar mholtaí Choimisiún na Gaeltachta, ní féidir neamhiontas a dhéanamh den tuairisc chompánach, Polasaithe agus Cleachtais Eagraíochtaí Éagsúla le Feidhm sa Ghaeltacht, a d'fhoilsigh siad i gcuideachta a bpríomhthuarascála. Bhí moltaí agus cáineadh sa tuarascáil sin faoi chuid de na heagrais atá anois ionadaíoch ar an choiste comhairleach.
Cuimhnigh, mar shampla, gur scríobhadh in Polasaithe agus Cleachtais faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (mar a bhí): nárbh é príomhsprioc scéimeanna na Roinne "dul i bhfeidhm ar mheon an phobail i leith na Gaeltachta" agus go raibh "easpa físe ag baint leis an Roinn agus nach bhfuil aon straitéis shoiléir laistiar d'iarrachtaí na Roinne ar mhaithe leis an nGaeltacht"; gur scríobhadh faoi Údarás na Gaeltachta nár léir "aon scéim (bheith) ag an Údarás gurb í an phríomhaidhm atá léi tacú le haistriú teanga ó ghlúin go glúin trí mheán an teaghlaigh".
Déantar tuilleadh critice sa tuarascáil faoi eagrais eile atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht - TG4 agus RnaG san áireamh.
An nglacann baill an choiste chomhairligh leis go bhfuil bunús leis an chritic seo ón Choimisiún? Má ghlacann, an iad is fearr le hathruithe deacra a chur i gcrích ina gcuid eagras féin? Mura nglacann, cad is fiú Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus an tuarascáil chompánach bheith ann ar chor ar bith?
Ar son an "status quo" a bheadh baill an choiste a dúirt Ó hÉallaithe le Foinse: "Is é an jab is mó a bheidh le déanamh ag na baill a cheap Ó Cuív obair a n-eagraíochtaí féin a chosaint agus a chaomhnú agus gan ligean d'aon rud cur isteach ar an mbealach a bhfeidhmíonn siad faoi láthair."
Ag cur in éadan an status quo a bhí Ó hÉallaithe nuair a cháin sé Coimisiún na Gaeltachta as bheith faoi thionchar "seanchaite" fhealsúnacht Athbheochan na Gaeilge ina alt irise.
Is dócha gur fíor gur faoi thionchar na hAthbheochana a bhí an Coimisiún ag feidhmiú. Más "seanchaite" féin í, ní léir go bhfuil ide-eolaíocht nua ceaptha ag duine ar bith nó ag eagras ar bith a mhíníonn tábhacht na Gaeltachta ar bhonn náisiúnta.
Scríobh Ó hÉallaithe gur beag ab fhiú moladh an Choimisiún, mar shampla, teanga oifigiúil oibre a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach. Cén difríocht a dhéanfadh sé sin d'oibrí monarchan i gConamara?
An difear a dhéanann sé, ar ndóigh, go dtugann sé le fios gur teanga náisiúnta í an Ghaeilge a bhfuil feidhm léi taobh amuigh de limistéar na gceantar traidisiúnta.
Chuirfeadh sé imní ar dhuine ar bith ar spéis leis cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge an claonadh atá ann faoi láthair ceist na teanga a ísliú go dtí an leibhéal logánta. Is gá, gan amhras, tógáil ón bhonn aníos. Is gá fosta gan dearmad a dhéanamh gur thar ceann an oileáin ar fad atá an obair sin ar siúl.
Tá imphléascadh seobhaineach ar siúl i measc aicmí áirithe. Tá rian an tseobhaineachais sin le feiceáil sa Tuaisceart oiread chéanna le háiteanna sa Ghaeltacht. Nach cuma cad é atá ar siúl taobh amuigh dár bparóiste féin?
Ní cuma. Ní féidir leis an Ghaeltacht maireachtáil gan idirmhalartú le lucht na Gaeilge taobh amuigh; ní féidir le lucht na Gaeilge maireachtáil gan Ghaeltacht.
Ba cheart go mbeadh an dá shruth ag cur le chéile - ag tógáil agus ag cothú oiread agus is féidir leo go háitiúil ach cuimhne acu i gcónaí gur cuid de ghréasán oileánda iad, gréasán nach le dream ar bith ó cheart agus gréasán ar láidre é ach tuigse bheith ar ról na teanga ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Má tá amhras ar bith ar dhuine ar bith faoina bhfuil i ndán don teanga agus í scartha ó chomhthéacs náisiúnta, amharc ar na hiarrachtaí amscaí atá ar siúl ag lucht Ultaise agus iad ag iarraidh ról a chruthú dóibh féin ar bhonn réigiúnach amháin.
Tá an ceart ag Ó Cuív go bhfuil sé in am gníomhú. An cheist atá ann, cén plean atá le gníomhú go díreach?