Tá polasaí Fhine Gael i leith na Gaeilge mar ábhar Ardteiste faoi ionsaí go fóill ag na heagrais Ghaeilge.
Tá achainí ar-líne ag Glór na nGael a cháineann polasaí an pháirtí - www.petitiononline.com/gaeilge.
Iarrann an achainí ar Fhine Gael a aithint go ndéanfaidh a bpolasaí dochar do stádas agus d'úsáid na Gaeilge agus gur teanga bheo í an Ghaeilge ar chóir a mhúineadh do gach dalta.