CROBHINGNE:NUAIR A fhaigheann polaiteoir nó scríbhneoir bás is gnách go moltar é mar nach dual go ndéarfaí olc leis na mairbh. Agus tiocfaidh lá an luain duitse, leis, agus b'fhearr leat nach mbeadh ribí gairleoige á gcaitheamh lá na sochraide.
Is gairid ina dhiaidh sin, áfach, go dtosnaíonn an athscríbhneoireacht, agus an réivisiniú, agus an meas ar ais, ar drochmheas go hiondual agus go haindúil a bhíonn ann. Is measa fós an ciúnas, agus is measa ina dhiaidh sin an mhí-úsáid.
Ní raibh ciúnas riamh ann timpeall ar an bhfear fada fásta, ar de Valera, ar diabhal Éire(eann), ar dí bhail éire, nó pé ainm eile is mian leat a bhaisteadh air nó a chrústach leis. Bhí an pobal ag gol ar a shochraid mar a bhí ag sochraid Ayatollah Khoméiní, agus Elvis, agus Stalinagus Michael Jackson, nára slán na samhailteacha ar fad. Na daoine a bhí á dhamnú, chuaigh siad i bhfolach san fhéar ard, agus ba ghairid go raibh siad in ann a gcloigne a shá aníos arís.
San deighilt dhénáireach nach foláir don intinn shimplí Éireannach a shealbhú níorbh fhéidir an mhaith agus an t-olc a fheiscint san aon duine le chéile. Níorbh fhéidir a mheas go raibh Dev chomh breicneach spotaithe le daonnaí ar bith, agus go raibh Michael Collins mar an gcéanna. Má bhí tú ar shon duine amháin díobh, bhí tú i gcoinne an duine eile, agus b’in uile. Agus toisc gurbh é an fear fada féin a chaith an t-urchar a mharaigh an Coileánach ag Béal na Blá, ar béal na mbladar ó shin é, b’eisean an drochbhuachaill faoi dear gach tubaist dar imríodh ar Éirinn.
Bliain i ndiaidh a chéile, sheasaíodh daoine ar a bplaic, mar adéarfá, agus Michael Collins á mhóradh acu mar fhear síochána, mar dhuine nach maródh daoine deasa nach raibh ach a gcuid oibre á dhéanamh acu agus iad sa leaba maidin Domhnaigh, mar dhuine nár leáigh im ná trócaire ina bhéal, mar fhear seoigh agus grinn agus gealadhraim. Mar mhalairt air sin, bhí Dev ina fhear gunna – cé nár ghlac sé aon pháirt ghníomhach i gcogadh na gcarad binbeach – agus ina stuaic i mbéal bearnan in aghaidh an tsolais agus an inlaightinmint nár dhorchaigh doirse na hÉireann. B’é Dev an fear dorcha, fear dubh Séadna a bhí á léamh ar fud na tíre.
Mar gurb é an faisean an chumhacht is láidre amuigh in intinn an duine, níos cumhachtaí go mór is go fada ná an réasún nó an tsamhlaíocht nó an bhreab féin, agus ós ní é nach ann d’fhaisean ar bith ach seal beag gairid, ní hiontas é gur tosnaíodh ar Dev a mheas ar ais. Dhéanfaí seo go fiú is gur cheap lucht féachana nach bhféadfadh gurb ionann Alan Rickman agus É, sa scannán mórcháile a stiúraigh Neil Jordan. Ba dheacair do mhaide adhmaid an dílseacht sin a mhúscailt. Chuir leabhar Diarmaid Ferriter Judging Dev leis an díospóireacht, á thabhairt le fios le neart fianaise gurb íomhá de chuid na 1960í ba ea an Dev lom cnámhach dúr doicheallach seo. D’oir sé dúinn diabhal éire a bheith againn.
Dá réir sin, bhain Dev le hÉirinn na bochtaineachta, na haimsire caite, na bportach, na himirce, na mbruinneall ag rince ag na crosbhóithre, na tuaithe, na bpiseog, na dífhostaíochta, na Gaeilge éigeantaí siar an scornach síos, na ceirde láimhe, an fhéinchothaithe, na cúngaigeantachta, an bhanna chéilí gan chrích, an phiúratánachais bhig shuaraigh chaolmheonaigh agus mar sin de ar aghaidh nó ar gcúl.
Ina choinne sin thall bhí Éire shamhailteach eile, Éire Chollins agus an dreama a bheadh ina pháirt dá mairfeadh – Éire an airgid, na haimsire fáistiní, na machairí méithe, na mbruinneall ag obair le gáire san oifig, na cathrach coincréití, an réasúin eolaíochtúil, na Gaeilge boige éasca éadroime deise deonaí grá tíre, na meicníochta forásaí, na trádála idirnáisiunta, na leathanaigeantachta, an ú tú síoraí, na hoscailte meoin móire fairsinge leathanbháirce siar amach go himeall an tsaoil (nó na hEorpanó pé áit ar stop íor na spéire).
Is ea! An té a bhfuil súile aige súilfidh sé go bhfuil dhá mhír fágtha ar lár san liostáil, mar dhea, comhthreormhar thuas. Is ea, arís, “an imirce”, agus “an dífhostaíocht”.
Nárbh é Dev faoi dear do na milliúin imeacht leo an loch amach ar an mbád bán? Nárbh é faoi dear ina uath agus ina aonar na scuainí dífhostaíochta ina strillíní go himeall na mbailte? Agus nárbh iad, dá réir sin, na nithe eile go léir a cheanglaímid leis faoi dear an tubaist agus an teip chéanna?
Ós rud é go bhfuil an imirce agus an dífhostaíocht chomh scuabach láidir anois agus a bhí riamh le linn réimeas an fhir fhada, cad air feasta a leagfaimid an milleán?