BEOCHEIST:I MÍ seo comórtha an Titanic agus ar cailleadh uirthi, tuigtear ar fud an domhain nach gnáth-thubaiste farraige a bhí ann. Cailleadh i bhfad níos mó daoine ar longa eile a chuaigh síos agus ní chluintear focal fúthu.
Ach is fabhalscéal don saol nua-aimseartha é scéal an Titanic. Tuigtear go bhfuil níos mó ná cailliúint loinge agus daoine á chomóradh. Seasann an long mar shiombail den éirí in airde daonna agus den nós a bhíonn ag rotha móra an tsaoil é a mheilt. I bhfocail Robbie Burns: “The best laid schemes o’ mice and men. Gang aft agley.”
Anseo faoi láthair, measann a lán daoine go bhfuil muid ag breathnú ar pháirtí a bhíodh ina Titanic ag sleamhnú go réidh faoi na tonnta.
Tá Fianna Fáil chomh pollta sin nach bhfuil ach an cheathrú cuid de fágtha ar dhromchla na farraige. Munar leor an slad a rinneadh ar ionadaíocht Dála an pháirtí sa toghchán deireanach, measann a lán comhfhreagraithe go bhfuil tuarascáil Mahon tar éis caidhp an bháis a chur air mar fhórsa polaitiúil sa Stát.
Leoga, tá roinnt colúnaithe ag comhairliú don bpáirtí éirí as; críoch a bheadh náireach don bpáirtí a bhunaigh Éamon de Valera.
Ceithre scór bliain atá imithe ó tháinig Fianna Fáil i gcumhacht den chéad uair agus tá 60 bliain caite acu mar rialtas nó mar an leathbhádóir is cumhachtaí i gcomhrialtas. Ba pháirtí é a mheall na mílte den ngnáthmhuintir lena theachtaireacht a bhí idir náisiúnach agus shóisialach.
B’fhéidir gurb í an chúis nár éirigh le Páirtí an Lucht Oibre dul chun cinn níos mó a dhéanamh i dtír a raibh Jim Larkin agus Séamus Ó Conghaile mar laochra inti ná go raibh “páirtí an phobail” eile ann – Fianna Fáil.
Is ar dhílseacht agus ar dhíograis na mball a tógadh an páirtí. Bhíodh gréasán cillíní nó cumainn a bhunaigh caidreamh muiníne leis an gcosmhuintir.
Toghtaí comhairleoirí áitiúla a thugadh aire do gach aon fhadhb bheag i saol na ndaoine. Bhíodh faisnéis ag dul ar ais as bailte agus as sráidbhailte go dtí ceanncheathrú an pháirtí.
Nuair a thagadh olltoghchán bhíodh a fhios ag an bpáirtí cad iad na cúiseanna móra imní in aon cheantar agus na polasaithe a mhealladh tacaíocht. Bhíodh teagmháil agus cumarsáid acu le pobal na tíre a sháraíodh aon chaidreamh a bhíodh ag aon pháirtí eile.
Bhíodh cineál amhrais ann faoi Fhine Gael de bharr claonadh rómhór chun na heite deise agus bhí síolta an amhrais curtha ag an Eaglais Chaitliceach fad ó shin faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus an claonadh s’acusan i dtreo an Chumannachais.
Mar sin, thar thréimhse fhada, d’fhás an páirtí agus mar atá a fhios againn, gineann cumhacht cumhacht níos mó.
Ní fada go raibh Fianna Fáil ina “pháirtí rialtais nádúrtha” agus greim daingean acu ar mhuin na muice. Tháinig glúin eile nach raibh chomh buartha faoi aidhmeanna náisiúnta ná cúiseanna bunaithe an pháirtí.
Chonaic cuid mhór acu seo an pholaitíocht, ní mar bhealach le seirbhís a thabhairt ach mar chosán chun na cumhachta.
Agus, ar ndóigh, an áit a mbíonn an chumhacht, tagann an t-airgead ar a lorg. Bhíodh postanna boird, stiúrthóireachtaí comhlachta, oifigigh arda an Stáit agus na réigiún á líonadh le cairde Fhianna Fáil. Bhíodh conarthaí móra seirbhísí agus tógála le roinnt ag an bpáirtí.
Do lucht gnó, muna raibh tú ar aithne ag an bpáirtí, níor mhór duit spunóg an-fhada a bheith agat nuair a bhíodh an anraith á scaipeadh.
Sna 1970í, tosaíodh ar ainm a thabhairt ar chuid den dream a bhíodh ag dul chun cinn sa bpáirtí agus dá gcairde: “the mohair suit brigade”.
Caithfear á rá gur le himní a chonaic Éamon de Valera agus Frank Aiken na chéad chomharthaí den athrú seo ag teacht. Mar a léiríonn an sampla is déanaí ó Pháirtí Coimeádach na Breataine, is cathú é nach mbaineann le páirtithe Éireannacha amháin.
B’olc an rud d’Fhianna Fáil agus don Stát gur fágadh iad i mbun rialtais ar feadh tréimhsí rófhada. Ní hé nach ndearna siad maitheas sna tréimhsí sin, ach cothaíodh íomhá den bpáirtí mar fhórsa nach bhféadfaí buachaint air.
D’éirigh Fianna Fáil lofa le cumhacht; d’éirigh siad compordach, ramhar, faillíoch, lán d’uabhar agus, mar is léir i gcásanna áirithe, cam.
Ní hé sin le rá, áfach, nach dream cóir consiasach iad baill d’Fhianna Fáil . Tá cuid mhór acu fós sa bpolaitíocht ar mhaithe lena bpobal agus lena dtír. Tá teacht aniar agus fuineamh iontach ag an mballraíocht sin.
Ba chróga an tráchtaire a déarfadh go raibh an port deireanach seinnte ar dheic an Titanic pholaitiúil seo.