CROBHINGNE:IS DÓCHA go bhfuil sé fós fíor. An tinneall sin ag feitheamh leis an múinteoir ranga i dtús na bliana bunscoile, agus gan a fhios agat cé hé nó cé hí.
Ina dhiaidh sin sa mheánscoil, agus an doras fós gan oscailt. Cé a bheidh romhat isteach? Ardfhear nó cailleach chrón nó slíbhín sleamhain nó fomhórach fíochmhar agus bata ina lámh.
Is beag múinteoir a thuigeann an sceimhle agus/nó an dóchas sin a bhíonn ina rabharta trí cholainn an dalta nó an mhic léinn sna nóiméid dheireanacha sin sula ngluaiseann sé isteach chucu, agus sna nóiméid ina dhiaidh sin nuair a thosaíonn an tástáil agus an gabhaim ort.
Suim bheag bhlianta ó shin thug Eoghan Ó hAnluain léacht uaidh ar a chleachtadh tosaigh mar mhac léinn chéad bhliana i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, nuair a bhí a chloigeann lán d’iontaisí na Gaeilge.
Bhí sé in ainm is a bheith ag caint ar fhilíocht Mhichael Davitt ar an ócáid phoiblí seo, ach mar is dual don sárléachtóir, ba ghairid dó dul ar seachrán. D’eachtraigh sé mar ar sheol an léachtóir isteach sa rang (cé gur dócha nach “seol” an focal ar bhain se leas as) agus mar ar chrom ar fhilíocht chlasaiceach a léamh gan chúlra, gan chomhthéacsú.
Mar adúirt sé: “Bhí gach smaoineagag agus covaragag agus molagan agus filiddeacht as a bhéal. D’eirigh an bheirt mhac léinn a bhí ar gach taobh díom, agus ní fhacthas níos mó iad.”
Bhí an t-ádh liomsa agus ag na mílte eile go raibh Eoghan mar mhúinteoir againn. Im chás-sa mar mhac léinn dioplóma, fochéime agus iarchéime. Bíonn an t-ádh leat go léann tú leabhar áirithe nuair is mó atá tú ina ghá agus d’aigne ar leathadh chuige, nó go gcasann duine umat ar do shiúlta dhuit, nó go mbíonn oide múinte agat ar chasadh na huaine sin nuair a ghabhann sé sa chroí ionat. Is dócha go raibh suim áirithe sa litríocht agamsa sular theangmhaigh Eoghan liom, ar a laghad ní raibh m’intinn stupaithe ina coinne. Ach mar adúirt Seán Ó Ríordáin maidir le Domhnall Ó Corcora “mhúscail sé eilit na filíochta/I gcoillte bliain”, nuair ba dhóbair don eilit sin dul ar bhóthar eile ar fad.
Bhí aithne ag an bpobal air mar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, cumann a dhein oiread sin le gnáthoideachas pobail a dháileadh ar mhuintir na hÉireann, agus a spreag spéis agus díospóireacht in ábhair nach mbeadh oiread sin cabaireachta ina dtaobh go minic. B’é inneall an chumainn sin é ar feadh i bhfad, agus artola agus giartha tosaigh agus roth stiúrtha agus tiománaí, iad i dteannta a chéile nuair ba ghátar sin. Ba shíneadh é an t-oideachas poiblí seo ar an oideachas eile a chuir sé ar fáil do na glúine mac léinn a raibh sé de phribhléid acu teacht faoina anáil.
Ba dheacair é a shárú mar léitheoir filíochta. Guth séimh síodúil moiglí is ea a bhí aige, guth a thug cuireadh amach don bhrí faoi rún a bhí i bpíosa filíochta ar bith, ach guth a bhí i gcónaí i seirbhís na ndánta sin, seachas ag iarraidh iad a chloí nó a smachtú.
Oíche dá raibh sé ag tabhairt léachta uaidh ar dhán fada úd Mháirtín Uí Dhireáin Ó Mórna agus mic léinn os a chomhair amach as gach áit i raon taistil na hardchathrach, abraimis idir Charraig Mhachaire Rois agus Bhaile Átha Luain agus Inis Córthaidh agus eile, tháinig sé isteach agus rinne an dán a léamh ó thosach go deireadh. Ansin shiúil amach!
Bhí an chuid den rang a bhí ag lorg “nótaí” agus “míniú” agus “treoir scrúdaithe” ar deargbhuile; bhí an chuid eile againn faoi dhraíocht. Bhí an bua sin aige.
Ar an gcuma chéanna thugadh sé chugainn isteach sa rang ábhar nár bhain leis an gcúrsa, fíortheist an ardoideachasóra. Scríbhneoirí nárbh eol dúinn iad a bheith ann, mar thaibhseofaí dhuit go raibh gach rud léite aige.
B’ábhar é a ghluais a aigne féin, agus ghluais sé ár n-aigne dá bharr. Lá, nuair a dhein duine dúr gearán nach raibh sé ag díriú ar ábhar an scrúdaithe, thóg scata againn amach sa chúinne an coirpeach agus chuamar chun doirne ann (go deas).
Má bhí Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag duine ar bith is aige a bhí sí. Foghair agus fuaimniú go cruinn ceart, rithim na n-abairtí ag titim mar a thit siad riamh sa teanga, ach ní bheadh breall ar dhuine ar bith cén áit ba dhúchas dó.
Bhí sé mórálach as an gcoincréit sin faoina chosa, níorbh aon “Augustan capital” í an chathair mar a mhaígh Louis McNeice, ach imleacán na tíre inar tháinig ár ndúchas logánta ar fad le chéile, dúchas a thuig sé siar amach.
Tá Eoghan Ó hAnluain imithe uainn le timpeall leathbhliain. Is mór an bhris é.