TUARASCÁIL:AN dTARLAÍONN sé uaireanta ar maidin duit go mbraitheann tú faoi léigear ag na scéalta diúltacha atá ar phríomhleathanaigh na nuachtán? Siúlann tú síos an bóthar chun builín aráin a cheannach sa siopa agus tugann tú sracfhéachaint ar cheannlínte na nuachtán. Sula dtuigeann tú cad atá ag tarlú, braitheann tú do do bhá i bhfarraige mhór an scannail, súnámaí na mioscaise.
In ainneoin do chuid tréaniarrachtaí, tá ollphéist an diúltachais do do tharraingt isteach ina huaimh mhór ghránna. Baincéirí mímhacánta, an dífhostaíocht ag méadú, seirbhísí leighis á ngearradh siar, an saol poiblí ar maos sa mhí-ionracas, caimiléireacht agus cur i gcéill, idir thuataigh is chléir.
Gan fhios duit a tharlaíonn sé, tá tú slogtha isteach sa phluais agus ag snámh sa dorchadas, tá tú sáinnithe sa duibheagán nach bhuil bealach éalaithe uaidh. Caithfidh tú a bheith an-chúramach chun é seo a sheachaint.
Mar a luaigh colúnaí Gaeilge sa pháipéar seo roimhe seo – leanann féindéistean agus féinfhuath tú sa dorchadas seo. Roimh i bhfad éiríonn tú soiniciúil faoi gach uile rud agus gach uile dhuine. San áit nach bhfuil ach an fhírinne agus an fhoirfeacht ní fheiceann tú ach soiniciúlacht, leithleachas agus cur i gcéill.
An mar sin a bheas cuimhne ar an ré seo in Éirinn? An mbeidh na glúnta atá le teacht ag iarraidh an tréimhse seo a ruaigeadh ón scéal náisiúnta?
Ní tharlódh sé seo sa Fhrainc, tír a bhfuil cinnteacht áirithe inti i leith fheidhm na staire agus an tábhacht a bhaineann léi. Pléitear cúrsaí staire agus cúrsaí fealsúnachta go hoscailte sa tír sin, tréith atá in easnamh go minic sa saol poiblí anseo.
An meon Éireannach go minic – go háirithe maidir le nithe conspóideacha – ná seo: faigh cúpla “saineolaí” chun tuarascáil fhada a scríobh ar pé rud atá faoi chaibidil, bíodh plé ar an tuarascáil ar feadh cúpla seachtain agus ansin fág ar an tseilf í ag bailiú deannaigh. Déanfaidh daoine dearmad ar an scéal tar éis tamaill.
An bhfuil mé éirithe róshoiniciúil cheana féin? An bhfuil mé féin sáinnithe sa phluais? Bhí raic sa Fhrainc nuair a d’fhógair an t-uachtarán Sarkozy an plean is déanaí s’aige. Ba mhaith leis músaem staire nua a thógáil sa cheantar álainn sin a dtugtar an Marais air – ceantar a mheall go leor ealaíontóirí thar na blianta. Níl gach éinne sásta leis an togra nua seo, go háirithe na hoibrithe ón gCartlann Náisiúnta i bPáras, cartlann atá lonnaite sa Marais le fada an lá.
Ní hé gur smaoineamh úrnua é togra mar seo a chur i gcrích, smaoineamh a thug nuachtán Sasanach amháin an “contretemps Francach is déanaí” air le fonn dímheasa. D’fhág gach uachtarán Francach ó aimsir de Gaulle ar aghaidh seoidchomhartha nó dhó ina dhiaidh chun ómós a léiriú don “Grand Nation” agus chun a oidhreacht féin a cheiliúradh go deo na ndeor.
François Mitterrand féin, ba cheann foirne é ar an Opera Bastille, Leabharlann Náisiúnta nua, Pirimid an Louvre agus an foirgneamh álainn sin a dtugtar L’Institut du Monde Arabe air.
Is é an fáth a bhfuil cuid mhór de na Francaigh ar buile mar gheall ar an togra nua seo ná go gcreideann siad gur cleas polaitíochta é seo ag Sarkozy agus toghchán nua ar na bacáin. Tar éis an tsaoil, ba é seo an fear ar bhaist siad “Monsieur Bling-Bling” air, fear nár léirigh mórán spéise san “ardchultúr” go nuige seo. A mhalairt ar fad, bhí an dealramh ar an scéal go raibh níos mó spéise ag Sarko sna spéaclaí gréine agus na huaireadóirí costasacha agus sa saol “showbiz” i gcoitinne.
Tá grianghraf de féin agus Lionel Richie ar crochadh go hard ar bhall na hoifige aige, más fíor. Thóg sé Carla Bruni, mainicín Iodálach ar “chanteuse” páirtaimseartha í mar bhean chéile tar éis dó scaradh lena chéad bhean. Iad siúd atá soiniciúil deir siad nach bhfuil i gcinneadh nua seo Sarkozy ach iarracht vótaí a sciobadh ón eite dheis i dtoghchán na bliana seo chugainn.
Léirigh pobalbhreith a foilsíodh go raibh Sarkozy ceithre phointe taobh thiar de Marine Le Pen, iarrthóir an Front Nationale agus iníon le Jean-Marie Le Pen. Léirigh Sarkozy an “cárta aitheantais náisiúnta” cheana.
Ba le linn an toghcháin seo caite a tharla sé seo agus tar éis do Jean-Marie a dhúshlán a thabhairt.
Tá an straitéis chéanna á húsáid ag Sarkozy arís eile, sin a deir a naimhde. Thosaigh sé díospóireacht úr faoi cheist an ilchultúrachais. Dhearbhaigh sé in agallamh teilifíse go raibh “fadhb ag an bhFrainc le hIoslam”. (Rud eile a chuir an lasair sa bharrach – ní hé amháin gur de shliocht imirceach chun na Fraince é Sarkozy féin ach ba Ghiúdach é a sheanathair). Níor leasc leis an uachtarán rabhadh mar seo a dhéanamh san agallamh céanna áfach: “Tá sé i gcónaí contúirteach dearmad a dhéanamh ar stair do thíre féin.”
Bhí na saineolaithe mícheart. Tá spéis ag Sarkozy siombail dá oidhreacht chultúrtha (Fhrancach) féin a fhágáil ina dhiaidh tar éis an tsaoil. Tá sé meáite ar an tionscadal seo, Le Maison Histoire de France, a chríochnú, músaem náisiúnta nua a chíorfadh “fíor-stair” na Fraince ó thús ama, institiúid nua a osclófar i 2015 ar an suíomh céanna ina bhfuil an Chartlann Náisiúnta faoi láthair.
Beidh na céadta bliain de ghlóir na Fraince sa taispeántas buan anseo, taispeántas croineolaíoch a mbeidh léachtaí, seimineáir agus seoda éagsúla ar iasacht ó na hiarsmalanna réigiúnda ar fud na tíre mar thaca aige.
Cad atá cearr leis seo, a deir tú? Cén fáth a bhfuil daoine ag cur go tréan i gcoinne an Mhaison nua seo? Cén fáth na hagóidí sráide i gcoinne an tionscadail chéanna le cúpla mí anuas?
Tá cúpla saincheist chonspóideach is ceart a phlé ar dtús, a deir an dream atá amhrasach faoi Sarkozy.
Cad is brí leis an náisiún sin a dtugtar an Fhrainc uirthi inniu? Cad a chiallaíonn sé a bheith i do “Fhrancach” i dtír atá chomh hilchultúrtha agus atá an Fhrainc sa 21ú haois?
Agus an mbeidh stair náisiúnta na Fraince mar a thuigtear inniu é á ceiliúradh san iarsmalann nua seo? Cad faoi na saoránaigh Fhrancacha sin a rugadh thar sáile? Cad faoin gcuid mhór sin den daonra ar imircigh chun na Fraince a sinsir? An ceart náisiúnachas traidisiúnta na Fraince a cheiliúradh i dtír a bhfuil an t-ilchultúrachas mar chnámh spairne i gcónaí, sochaí atá scoilte ar go leor bealaí de bharr difríochtaí cultúrtha, cuid acu sin agus an chosúlacht orthu go bhfuil siad doréitithe.
Dúirt Sarkozy go raibh sé ag iarraidh an músaem seo a bhronnadh ar mhuintir na Fraince ionas go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar a bhféiniúlacht chultúrtha agus an oidhreacht shainiúil “Fhrancach” sin atá acu go léir.
Ach, cad faoi na Francaigh sin a bhfuil an coilíneachas mar bhunchloch oidhreachta acu – na hArabaigh ar de bhunús Mharacó nó na hAilgéire iad agus a bhfuil stair dhifriúil tugtha ar aghaidh ó ghlúin amháin go glúin eile acu. Níl aon fhreagra simplí ar na ceisteanna seo ar ndóigh. Cosúil leis na Gaeil, tá claonadh sna Francaigh ceisteanna polaitíochta agus féiniúlachta a ríomh trí lionsaí na staire, áfach.
Samhlaigh ar feadh nóiméid go raibh an t-airgead agus an toil phoiblí againne chun tabhairt faoi thionscadal cosúil leis an gceann atá beartaithe ag Sarkozy sa Fhrainc. Cén cineál músaeim a bheadh againn? An mbeadh muid in ann teacht ar réiteach ar an leagan de stair na hÉireann a bheadh á chur chun tosaigh san institiúid nua seo againn? An mbeadh an t-ilchultúrachas sa leagan staire Éireannach sin a chuirfeadh na húdaráis béim air? An mbeadh blas láidir an choilíneachais air? An mbeadh ról lárnach ag an nGaeilge agus foinsí staire na Gaeilge sa leagan sin dár stair – murab ionann agus formhór na n-institiúidí staire in Éirinn an lae inniu?
Foclóir na seachtaine seo
cartlannarchive
conspóideachcontroversial
coilíneachascolonialism
cuimhnememory
díospóireachtdebate
diúltachnegative
fealsúnachtphilosophy
féiniúlachtidentity
fírinnetruth
foinsesource
glóirglory
gránnaugly
láidirstrong
náisiúntanational
oidhreachtheritage
rólrole
saineolaíexpert
sochaísociety
sracfhéachaintglance
tréimhseperiod
toghchánelection