Ar feadh breis agus 20 bliain bhí cosc, faoi Acht na Cinsireachta 1929, ar an leagan Béarla a rinne Frank O'Connor de dhán cáiliúil Brian Merriman, Cúirt an Mheán Oíche, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Níor cuireadh cosc riamh ar an leagan Gaeilge. In 1942 chaith Seanad Éireann ceithre lá ag díospóireacht faoin chosc a cuireadh ar leabhar Eric Cross The Tailor and Ansty faoin Acht céanna.
Taispeánadh scannán Louis Marcus, Cosc ar Ghnéas, den chéad uair le linn Scoil Gheimhridh Merriman, Co an Chláir, ag an deireadh seachtaine. Tugann an scannán léiriú ar an aigne a bhí i réim i 1940í agus i 1950í na haoise seo caite nuair a bhí an Eaglais Chaitliceach agus an Stát ag obair as lámh a chéile chun an pobal a chosaint ar fhoilseachán ar bith a mbeadh cur síos ann ar chúrsaí collaíochta nó rian dá laghad den fhrithchléireachas.
Déantar coimriú gairid ar théacs an dá leabhar agus i gcás Cúirt an Mheán Oíche ach go háirithe, is cliste mar a cheanglaítear línte as an dán le híomhánna na linne seo: polaiteoirí ar nós Liam Lawlor agus Ray Burke; eaglaisigh mar an tEaspag Ó Cathasaigh agus an tAthair Micheal O'Cleary agus mná óga áille gléasta go péacach nó gan éadach ar bith orthu.
Arbh í an chaint neamhbhalbh in Cúirt an Mheán Oíche ar chúrsaí collaíochta agus ar "saorthoil síolraigh" nó guí an fhile go dtiocfadh an lá nuair a bheadh cead pósta ag an chléir ba chúis leis an chosc ar an leagan Béarla den dán?
An amhlaidh go dtagann cló graosta gáirsiúil ar smaointe agus ar fhocail áirithe nuair a aistrítear go Gaeilge iad? Tugann scoláirí aithnidiúla faoi fhreagra a thabhairt ar na ceisteanna seo.
Agus cur síos á dhéanamh aige ar scéal The Tailor agus Ansty agus ar an dóigh ar chuir na sagairt iachall ar an táilliúr, Tadhg Ó Buachalla, an leabhar a scríobh Eric Cross ina thaobh a chur trí thine, bhí ar chumas Marcus leas a bhaint as ábhar físe a bhí cheana i gcartlann RTÉ.
Trí mheascán cliste den ábhar seo le híomhánna nua ní fhágtar aon amhras ar an lucht féachana nach ag an táilliúr a bhí an aigne shalach ghraosta ach ag na daoine sin a bhí ar son cosc a chur air.
Sílim féin go bhfuil an iomarca le feiceáil den aisteoir, Éamonn Ó Ceallaigh, dá fheabhas é, i bpáirt an táilliúra agus go mbaineann sé sin ó úire agus ó ealaín shaothar Mharcus.
Agus sin ráite, is dóigh liom gur scannán é seo a mbeidh mórchuid cainte air anseo in Éirinn agus thar lear. Is scannán é a chuireann ceann de sheoda litríochta na Gaeilge i gcomhthéacs an lae inniu go healaíonta.
"Seo an cineál cláir a bhí i gceist nuair a bunaíodh TG4," a dúirt eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, agus an scannán á sheoladh aige. Ba léir ón bhualadh bos a fuair sé ón slua a chonaic é ag Scoil Merriman go ndeachaidh sé i gcion go mór orthu.
Ná caill é.
Craolfaidh TG4 Cosc ar Ghnéas Dé Sathairn, 26ú, Feabhra ag 9.05 p.m.