CUIREADH tús inné leis an dara tréimhse ag Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga nuair a shínigh an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa barántas oifigiúil ag ceadú an cheapacháin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Tugadh tacaíocht traspháirtí do rún an Rialtais go ndéanfaí an t-athcheapachán nuair a pléadh é sa Dáil, sa Seanad agus ag cruinniú den Choiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Tuaithe agus Gaeltachta.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh an chosúlacht ar an díospóireacht ag an gcruinniú den choiste Oireachtais an tseachtain seo caite go raibh “prionsabail agus polaitíocht na comhthola ag teacht i dtreise” maidir le cur chun cinn na teanga,
“Ba chosúil go raibh na baill as na páirtithe éagsúla ag iarraidh gur le comhoibriú seachas i gcoimhlint le chéile a chuirfí polasaí teanga chun cinn, san áireamh obair na hoifige againne, an straitéis 20 bliain, forbairt TG4 agus Raidió na Gaeltachta, gaelscoileanna agus mar sin,” a dúirt Ó Cuirreáin. Dúirt sé gur “onóir agus pribhléid” a bhí ann bheith athcheaptha ina choimisinéir.
Idir an dá linn, rialaíodh san Ard-Chúirt Dé hAoine seo caite go gcaithfidh an Stát cáipéisí a chur ar fáil mar chuid de chás atá á thógáil maidir le cinneadh Rialtais breitheamh nár léir a chumas gnó na cúirte a reáchtáil trí Ghaeilge a chur ar dualgas i ndúiche a chuimsíonn limistéar Gaeltachta.
Dhiúltaigh an Breitheamh Clarke d’argóint an Stáit nach raibh na cáipéisí atá i gceist “ábharthach” nó nach ar leas an phobail a bheadh sé dá gcuirfí ar fáil iad.
Maíonn an t-iarratasóir sa chás seo gur sháraigh an Stát a n-oibleagáidí reachtúla maidir leis an nGaeilge nuair a cinneadh an Breitheamh Zaidan a chur ar dualgas i nDúiche Uimh. 1 (Dún na nGall). Ina bhreithiúnas, dúirt an Breitheamh Clarke go raibh sé tábhachtach a rá nach síneann an follasú a lorgaítear sa chás seo chuig aon cheist a bhaineann le tuillteanas cheapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1, seachas na ceisteanna a bhaineann le ceapachán breithimh a bhfuil an leibhéal “reachtúil” Gaeilge aige nó aici chuig dúiche ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Dúirt an breitheamh nach raibh an t-iarratasóir ach ag lorg cáipéisí a bhain leis an gceist faoi cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Rialtas “sách maith” an dualgas atá air faoi Alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (1924).