Tá Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta cáinte ag an Aire Stáit Máire Ní Chochláin - in ainneoin nach bhfuil an cháipéis foilsithe go fóill. Agus í faoi agallamh ar Nuacht TG4 ag an deireadh seachtaine, dúirt an tAire Stáit go raibh moltaí "níos cuimsithí" agus níos "praiticiúla" ag teastáil uaithi féin.
Tá 19 príomh-mholadh sa tuarascáil. Tá an chuma ar an scéal gur chinn an Coimisiún ar líon teoranta moltaí a ullmhú ionas go gcuirfí ceangal áirithe ar an Rialtas le iad a fheidhmiú. Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún le moltaí a dhéanamh chun an Ghaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta.
Gan amhras, bainfidh cur síos diúltach an Aire Stáit ar a saothar preab as lucht an Choimisiúin. Tá dhá mhíniú le fáil ar ar dhúirt sí: Ní thuigeann sí cuspóir agus cur chuige na moltaí nó tuigeann sí iad agus tá sí ag iarraidh fad a chur idir í agus iad ar an ábhar go gcuirfidh na moltaí céanna crua ar an Rialtas.
Bhain easurrraim agus mí-éifeacht le cur i láthair na tuarascála sa réimse phoiblí. Cuireadh preasráiteas chun na meán Déardaoin seo caite á rá go raibh an tuarascáil le foilsiú ach níor tugadh le fios cá huair nó cad é a bhí inti. Cuireadh na príomh-mholtaí ar fáil go neamhoifigiúil, is cosúil, agus rinneadh plé poiblí orthu. (Dála an scéil, ghabh an tAire Stáit "buíochas ó chroí" le muintir an Choimisiúin sa ráiteas céanna. Nach mór idir inniu agus inné!)
Go hoifigiúil, níl an tuarascáil seolta agus dhiúltaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán na príomh-mholtaí a chur ar fáil don cholún seo - in ainneoin go raibh an t-ábhar á phlé ag an Aire Stáit ar RnaG agus ar TG4 agus go raibh na moltaí uilig i gcló ar Foinse na seachtaine seo.
Mar sin féin, d'éirigh leis an cholún seo cóip den tuarascáil iomlán a feiceáil. Ní léitheoireacht shona atá ann don Rialtas. Greasáil a thugann an cháipéis dóibh agus don státchóras i gcoitinne.
Scríobhtar: "Is léir ón bhfianaise a bhí ar fáil don Choimisiún ó chruinnithe leis an bpobal, ó thaighde atá foilsithe agus ó thaighde an Choimisiúin féin go bhfuil teipthe ar an státchóras soláthar ceart seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ...
"Ba chóir go mbeadh freastal iomlán ar fáil ag muintir na Gaeltachta ina dteanga féin ó gach cuid den chóras poiblí le go mbeadh ar chumas an duine saol iomlán a chaitheamh gan teanga eile á bhrú air ... Creideann an Coimisiún go bhfuil bunchearta daonna á gceilt ar mhuintir na Gaeltachta - go háirithe fad a bhaineann le seirbhísí sláinte, seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí oideachais agus seirbhísí poiblí i gcoitinne."
Ionsaíonn an tuarascáil an Rialtas i mír eile, á rá: "Ag áireamh creimeadh stairiúil na Gaeltachta, agus cúlú breise lenár linn féin, tuigtear don Choimisiún nach féidir an Ghaeltacht a choinneáil mar réigiún Gaeilge go náisiúnta gan athrú bunúsach a theacht ar an gcaoi a gcaitear leis an nGaeilge agus ar staid na Gaeilge sa chuid eile den tír.
"Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí teanga ní léir go bhfuil an straitéis ná an tuiscint ag aon Rialtas chun obair na teanga a chur chun chun cinn...
"Ní heol don Choimisiún gurb ann do pholasaí Rialtais ina léirítear dearcadh Rialtais ar áit na Gaeilge sa saol comhaimseartha ná aon fhís a léireodh go bhfuil an Rialtas tar éis áit na Gaeilge i saol na tíre a phlé ná plean gníomhaíochta a cheapadh ina bhfuil spriocanna tomhaiste. Ní heol don Choimisiún polasaí ná plean Rialtais bheith ann.
"Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil an Stát as alt leis an tuiscint ar éagsúlacht teangacha is cultúir atá ag teacht chun cinn ar fud an domhain ... Aithnítear bás teanga mar ghníomh faillí arbh ionann é agus agus tragóid dhomhanda. Má ligtear don Ghaeilge bás a fháil imeoidh ceann de na teangacha is ársa san Eoraip agus teanga dhúchais na hÉireann. Is ar an tír seo amháin atá freagracht shlánú na Gaeilge agus a mbaineann léi."
CÁINEANN an tuarascáil "cur i gcéill" phobal na Gaeltachta agus an Stáit: "Bíodh is go bhfuil freagracht ar an gcóras stáit i leith na Gaeltachta tá freagracht ar mhuintir na Gaeltachta féin freisin. Tosaíonn an fhreagracht seo leis an duine aonair. Ní chuireann sé le hinbhuanaitheacht na Gaeilge go labharfaí Béarla ar leac an teallaigh agus bheith ag moladh malairt cur chuige go poiblí.
"Is gá páirtíocht iomlán bheith ag muintir na Gaeltachta sa phleanáil agus san fhorbairt. Tá cur i gcéill an Stáit ar láimh amháin agus cur i gcéill phobal na Gaeltachta ar an láimh eile mar naimhde ag inbhuanaitheacht teanga."
Cáintear an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus Údarás na Gaeltachta go sonraíoch i mír eile: "Tá réimse institiúidí agus foras freagrach as forbairt na Gaeltachta agus as soláthar seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta.
"Is léir don Choimisiún nach bhfuil comhordú fiúntach ar bun idir na dreamanna seo. Aithníonn an Coimisiún go bhfuil ról lárnach ag an Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta, ach ní léir go bhfuil comhoibriú forásach idir an dá institiúid sin faoina n-aidhmeanna ná a rólanna. Ní léir ach oiread go bhfuil aon mheasúnú á dhéanamh ar na hiarrachtaí atá déanta ná ar na scéimeanna atá á gcur i bhfeidhm (seachas an gnáth-thuairisciú ar chaiteachas airgid)."
Feannann an tuarascáil na "hathruithe diúltacha" a tharla ó thaobh stádas na Gaeilge de: nach gá Gaeilge le post a fháil sa státseirbhís; nach gá do mhúinteoirí meánscoile cáilíocht sa Ghaeilge bheith acu mura bhfuil siad chun teagasc i scoil lánGhaeilge; nach bhfuil ábhar teagaisc i nGaeilge ar fáil don churaclam nua bunscoile; go mbíonn múinteoirí gan Ghaeilge ag teagasc sa Ghaeltacht agus nach bhfuil foclóir aonteangach Gaeilge ann.
Is beag dóchas a léiríonn an tuairisc as an Ghaeltacht: "As na 154 toghranna ceantair atá sa Ghaeltacht, níl ach 18 acu sin a bhfuil 75 faoin gcéad nó os a chionn de chainteoirí laethúla Gaeilge iontu ... Dá leanfaí leis an tslat tomhais gur gá 80 faoin gcéad den phobal bheith ina gcainteoirí Gaeilge le teorainneacha na limistéar Gaeltachta a shainmhíniú mar a leag Coimisiún na Gaeltachta síos ar dtús i 1926, ní bheadh ach 14 toghroinn ceantair as 154 fágtha taobh istigh de réir daonáirimh 1996. Má leanann an patrún seo níl ann ach ceist ama go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeltacht mar a tuigeadh í ar bhonn stairiúil."
Scríobhtar fosta: "I gcuid de na ceantair atá aitheanta mar cheantair Ghaeltachta, tá an teanga chomh lag sin iontu gur ar éigean a d'fhéadfaí a rá gur teanga phobail í an Ghaeilge iontu ar aon bhealach réasúnta.
"Sna limistéir Ghaeltachta is láidre, tá an patrún dátheangach atá ag feidhmiú iontu ag tabhairt an lámh in uachtar don Bhéarla i saol an phobail agus tá úsáid an Bhéarla ag méadú iontu.
"Níl ag éirí leis an na beartais atá ag an Stát agus ag grúpaí deonacha, idir chainteoirí dúchais agus dhaoine eile, an creimeadh seo a stopadh."
An cheist atá anois ann, an mbeidh an toil ann leis na moltaí a chur i bhfeidhm nó an bhfágfar an tuarascáil ar an tseilf, á carnadh deataigh.
I measc na moltaí, tá:
Seacht mbliana a thabhairt do gach ceantar Gaeltachta 50 faoin gcéad den phobal a chur ag caint Gaeilge go laethúil. Ceantar ar bith a bhaineann an líon sin amach, tabharfar aitheantas iomlán Gaeltachta dóibh. I gcás ceantair atá faoi bhun 50 faoin gcéad ach atá idir 40 agus 50 faoin gcéad, seacht mbliana eile a tabhairt dóibh stádas iomlán Gaeltachta a bhaint amach;
Bille Teanga a achtú láithreach;
Córas iomlán oideachais agus oiliúna bheith ar fáil i ngach réimse;
Polasaí Stáit a bheachtú d'athréimniú na Gaeilge mar theanga náisiúnta;
Plean Náisiúnta teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.