Crobhingne: In áit éigin i mbolg Ulysses istigh tá an radharc mórcháile úd ina gcuireann An Saoránach i leith Leopold Bloom nach Éireannach le ceart é. Is é freagra pras prap an Bhlúmaigh: "Is Éireannach mé. Rugadh anseo mé."Alan Titley
I mbliain seo comóradh céad bliain lá an Bhlúmaigh tá íoróin áirithe ag baint lena fhreagra. Mar ní freagra é a mbeidh feidhm ar bith leis feasta más toil lenár ndubhghall féin é agus a chuid giollaí sa rialtas. Ní leor an natio, an áit inar rugadh tú níos mó. Ní foláir fuil agus folaíocht, ar naitsíocht de shórt eile é gan cheist.
Is mór agamsa saoránacht na hÉireann. Is gean liom an pas Aontas Eorpach sin a bhfuil Éire/Ireland breactha air. Is gnaoi liom é in ainneoin ár gcuid amaidí. Is ionúin liom gur saoránach mé, agus nach géillseanach do rí ná do ruire.
Cuid díom an chomhchothromaíocht sin leis an Uachtarán, leis an Taoiseach, leis an ardbhreitheamh, leis an gcaipitlí is mó vótaí a cheannach, le hard-draoithe na n-eaglaisí go léir. Ach is náir liom an chomhshaoránacht leis an Aire Dlí agus Cirt (mar dhea) atá ag casadh le cearta daonna na hÉireann a cheilt ar leanaí beaga gormchraicneacha nó dorchasheiche a bhfuil sé de bharrabhua acu go saolaítear in aon chor iad - sa bhall seo, nó i mball ar bith eile.
Déarfar linn, gan amhras, nach socrú ciníoch é seo beag ná mór. Is é cúis gur socrú ciníoch é seo, ná le breis agus scór bliain anuas, gurbh Shasanaigh agus Phoncánaigh agus Astrálaigh neamhbhundúchasacha iad formhór na n-inimirceánach a bhí againn.
Ní chualathas gíocs ná míocs ná húm ná hah ná blid ná blad ná giob ná geab fá dtaobh díobh. Bhí fáilte rompu, mar ba cheart. Ach ní shíntear an fháilte chéanna roimh dhaoine a bhfuil scáil ar a gcraiceann, ná teanga aduain charballchasta ina bpluc, ná dearcadh neamhinaitheanta ina ndriuch. Is é sin le rá, is maith linn daoine geala a bhfuil Béarla acu; ní maith linn crónchraicnigh as tíortha nach bhfeadair agus a gcuid plucaireachta pluc. Ciníochas suarach beagmhaitheasach é sin.
Cúis éadóchais é freagra na bpáirtithe polaitíochta ar fad go dtí seo agus iad ag faire a bprumpa. Ba dhóigh leat go dtacódh na léinte gorma leis na craicne gorma, ach is léir nach n-aithníonn tufóg ciarógánaigh ná eile.
Tá an Lucht Oibre ag casadh is ag lúbadh is ag iomrascáil is ag snaidhmearnaigh féachaint conas is féidir leo cur in aghaidh an dubhghaill dhúmháiligh gan cur in aghaidh a chuid moltaí substaintiúla lofa. Tá na Glasaigh glas air.
Tá an SDLP ina choinne toisc go gcuirfidh sé isteach ar Chomhaontú Bhéal Feirste, agus an ceart acu, ach b'fhearr leat freasúra níos prionsabálta ná é. Agus tá Sinn Féin i bhfolach sa scrobarnach, smid ar a mbéal agus dallaphúicín ar a súile ar eagla go ndéarfadh siad rud éigin a chaillfeadh vótaí dóibh sna toghcháin romhainn amach ar nós páirtí chaomhaigh chluas-le-talamh ar bith.
Tá a fhios ag Fuathanna Fáil agus ag an bPaca Daorfhlathach go gcuirfidh siad an báire amach leis an moladh seo uathu. Agus tá a fhios ag na páirtithe meata eile go léir nach bhfuil sásta cur go lom ina gcoinne. Tá a fhios acu mar go bhfuil go leor de mhuintir na tíre seo ciníoch ó fhréimh. Is ciníoch iad mar nár shealbhaigh siad riamh a scéal féin. Mar liom féin de, ní bheinn mórálach níos mó as saoránacht a dhiúltódh fáilte a chur roimh chách.
Ní oscailte fáilteach an áit seo Éire,
Bánchnoic Éireann Óighe,
Bíonn binb is fíoch a chloífeadh céadta
Ar Bhánchnoic Éireann Óighe,
Is cúng a slite agus is suarach méin,
Dubhgallaigh is Parthalónaigh in uachtar réim,
Tá náire im chroí faoim mhuintir féin,
Is faoi Bhánchnoic Éireann Óighe.
Agus is cosúil gur bánchnoic bhána geala a bheidh iontu as seo amach. Is é oighear diachrach an scéil ná go mbeadh na saoránaigh nua seo "níos Gaelaí ná na Gaeil féin" mar le meon de. D'Éireannódh agus Ghaelódh siad an tír.
Im chás féin de, táim ar aon aigne le hAmhlaoibh Ó Súilleabháin a bhreac ina dhialainn, ar chlos dó go raibh Gaeilge á labhairt ag daoine gorma sna hIndiacha Thiar gur ghean leis cine Gael, "cia dubh nó bán iad".