TUARASCÁIL:BÁD IASCAIREACHTA adhmaid a bhfuil toilleadh leathchéid ann. Ach is minic a sé oiread bheith sactha isteach ann. Is féidir talamh slán a dhéanamh de nach bpulctar a leithéid de shlua isteach i mbád gan fáil réidh le seaicéid tharrthála, soláthairtí uisce is riachtanais bhunúsacha nach iad.
Ní dhéanfadh Éireannach ar bheagán céille turas i soitheach den saghas seo ar ór na cruinne. Is cinnte nach n-íocfadh sé as. Shílfeadh sé gur ag magadh faoi atáthar dá ndéarfaí leis go bhfuil seans go mbéarfaidh stoirm air agus an bád i lár farraige.
Ach is in árthaí plódaithe neamhacmhainneacha den saghas seo a dhéanann na mílte Afracach an turas óna mór-roinn féin go dtí an Eoraip gach bliain. 300 ciliméadar an turas ón Libia, pointe imeachta an-chuid imirceach i láthair na huaire, go dtí an t-oileán Iodálach Lampedusa. Níos faide fós go Málta is an tSicil, gan trácht ar mhórthír na hEorpa féin. Ní ionadh, is dócha, nach mbaineann siad go léir an Eoraip amach.
I mí na Bealtaine anuraidh fuair 47 imirceach bás d’easpa bia nuair a theip ar inneall an bháid ar muir. Ag lomdheireadh an Mhárta i mbliana bádh breis is 200 duine nuair a chuaigh bád go tóin poill tuairim is 30 ciliméadar amach ó chósta na Libia. D’iompaigh an bád de dheasca cabhlach ligí, de réir dealraimh.
Ach níltear slán ón mbás sna báid seo fiú má sheachnaítear an teip innill is an t-iompú. Éagann daoine mar gheall ar an tnáitheadh. Satlaítear ar dhaoine is brúitear iad, an bheatha fásctha astu. Caitear daoine thar bord.
Dá laghad suim an ghnáth-Eorpaigh ina leithéid de thuras, is amhlaidh gurb ann d’Afracaigh a thugann breis is tuilleamh bliana air. Ar na daoine a rinne iarracht teitheadh chun na hEorpa ag deireadh an Mhárta bhí Aetópaigh, Nigéaraigh, Gánaigh is Somálaigh.
Bíonn ar na daoine seo suim mhaith airgid a thairiscint do smuigléirí imirceach sula ligfear isteach i mbád iad. Ó €300 go breis is míle euro an táille a bhíonn le híoc, de réir tuairiscí. Ciallaíonn sé seo go minic go gcaithfear an t-airgead sin a thiomsú sa Libia féin. Cé gur gan foscadh gan dídean sa Libia a bhíonn formhór na ndaoine seo, is gan eolas na hAraibise ar ndóigh, bíonn orthu obair a lorg a chuirfidh trasna na farraige iad. Meastar go bhfuil breis is milliún imirceach ag maireachtáil ar an dul seo sa Libia faoi láthair.
Ach má fhaigheann na céadta bás gach bliain ar an tslí go dtí an Eoraip, ní beag méid na ndaoine a chailltear sula sroicheann siad an Libia féin. Tá scéalta ag Nigéaraigh, mar shampla, faoi na coirp atá le feiceáil ar an tslí go dtí an Libia tríd an Sahára.
Cén fáth mar sin go dtugann an méid sin Afracach faoi aistear chomh contúirteach costasach sin? Is cinnte gurb é cogadh is géarleanúint a chuireann roinnt mhaith díobh i dtreo na hEorpa. Bochtaineacht a chuireann daoine eile ar a ngluaiseacht, agus dréim dhaingean acu le saol níos fearr. Pé údar atá acu, is léir go mbíonn siad chomh leagtha sin ar an Eoraip a shroicheadh nach leor an bhagairt an bás chun a n-intinn a bhaint de. Dar le Caritas, eagraíocht charthanach Iodálach, go bhfuil 13,000 duine imithe ar shlí na fírinne le deich mbliana anuas agus iad ag iarraidh teacht trasna na Meánmhara go dtí an Iodáil. Is deacair gan teacht leis an gcur síos a dhéanann Caritas ar an Meánmhuir mar reilig gan leaca uaighe.
Tá daoine áirithe chomh tiomanta sin go dtéann siad i bhfiontar a n-anama breis is uair amháin. Ní annamh a bhíonn ar bhád filleadh ar an bpointe imeachta agus beirthe ag na húdaráis air. D’fhéadfadh na ‘daoine báid’ seo tréimshe a chaitheamh faoi choinneáil agus iad ar ais sa Libia. Ach ní luaithe scaoilte saor iad ná go mbíonn dúshlán na farraige á thabhairt acu an athuair.
Is mó an seans anois ná riamh, ar ndóigh, go mbéarfar ar árthaí imirceach a fhágann tír Qaddafi mar gheall ar chomhaontú idir an Iodáil is an Libia atá i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine. De réir an chomhaontaithe seo déanfaidh fórsaí farraige an dá thír patról ar chósta na Libia d’fhonn líon na nAfracach atá ag éalú isteach san Iodáil a laghdú. Nuair a thiocfar ar bhád imirceach ag triall ar an Iodáil, cuirfear ar ais go dtí an Libia é.
Tá an polasaí seo cáinte go géar ag eagraíochtaí éagsúla, na Náisiúin Aontaithe san áireamh, a mhaíonn go dtagann sé salach ar an dlí idirnáisiúnta agus an ceart atá ann chun tearmann a iarraidh. Dar le lucht cáinte an pholasaí go bhféadfadh iarrthóirí tearmainn a mbeadh cás láidir acu bheith sna báid. Ach ní dhéantar aon iarratas ar thearmann a mheas sula gcuirtear na ‘daoine báid’ ar ais go dtí an Libia.
Is féidir tearmann a lorg sa Libia féin, a déarfadh tacaí an pholasaí. Ach má tá córas tearmainn ag an Libia, ní ceann maith é. Más ag lorg cosanta sa Libia atá tú, tá seans go gcoinneofar i gcoimeád ar feadh tréimhse éiginnte thú i gcoinníollacha a sháraíonn do chearta bunúsacha.
Ní páirtí í tír Qaddafi sa Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, 1950 agus ní aon rún an drochtheist atá uirthi maidir le cearta daonna.
Ach fiú mura bhfuil an Iodáil in earráid leis an dlí idirnáisiúnta, is go fíor-chiniciúil atá sí ag gníomhú agus daoine a d’fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí tearmainn á gcur go tír ina sárófar a gcearta daonna. Agus is cinnte go dtuigeann an Iodáil go bhfuil iarrthóirí tearmainn i measc na n-imirceach atá á dtiomáint ar ais i dtreo na hAfraice.
I 2008 tháinig tuairim 36,000 duine de mhuir go dtí an Iodáil ó thuaisceart na hAfraice. Rinne tuairim is 27,000 iarratas ar thearmann agus bronnadh stádas dídeanaí nó stádas cosantach eile ar 13,000 díobh.
Caithfear dearcadh na hIodáile a chur san áireamh chomh maith, áfach, agus í ag iarraidh dul i ngleic leis an inimirce mhírialta. As an 36,000 duine a tháinig trasna na Meánmhara i 2008, abair, bhí suas le 23,000 nár tugadh aon stádas cosantach dóibh. Bíonn na daoine seo le hathdhúichiú ach ós rud é nach mbíonn aon doiciméid ag a bhformhór ní fios cad as dóibh. Fanann siad san Iodáil mar sin ach gan aon seans obair dhleathach a fháil agus iad gan doiciméid.
Ní ionadh mar sin go gcuirtear an-chuid coiriúlachta i leith na ndaoine seo. Ní ionadh, ach oiread, go dteastaíonn ó na húdaráis srian a chur le líon na n-inimirceach seo.
Ach fiú má éiríonn le comhoibriú na Libia is na hIodáile, ní bheidh mar thoradh air ach go n-aimseoidh na smuigléirí imirceach pointe imeachta is bealach nua.
Is ón Libia a fhágann roinnt mhaith Afracach anois toisc gur géaraíodh ar na patróil a rinneadh ar na bealaí farraige idir Maracó is na hOileáin Chanáracha agus trasna Chaolas Giobráltar go dtí an Spáinn. Más fíor do na staitisticí ar an inimirce go dtí an Iodáil a luadh thuas, is iarrthóirí tearmainn iad roinnt mhaith de na himircigh a bheidh ag seachaint na bpatról nua.
Ach sula bhféadfar brath ar an gceart chun tearmann a lorg, caithfear idir phatróil is bhás farraige a sheachaint. Ní maíte ar iarrthóirí tearmainn a dturas go hEoraip Dhaingean.
Foclóir
bagairtthreat – comhaontúagreement – dearcadhoutlook – dídeanshelter – dlílaw – éiginnteuncertain – formhórmajority – géarleanúintpersecution – idirnáisiúntainternational – imirceachmigrant – polasaípolicy – reiliggraveyard – smuigléirsmuggler – tearmannsanctuary – teipfailure