CROBHINGNE:NÍL D'EOLAS acu ar an áit ach an ghrian agus soithigh mhóra d'ouzo don chuid is mó, iad siúd a ghabhann ar saoire ann. Mar adúirt an turasóir: "Níl a fhios agam cá bhfuil Mykonos, chuaigh mé ar an eitleán!"
Glúin beagán níos críonna beidh clostrácht éigin acu ar Nana Mouskouri agus ar Denis Roussos, agus beidh eolas éigin amuigh ansin gur den síol agus den sliocht iad Pete Sampras agus Telly Savalas.
Ar a shon go bhfoghlaimíodh beagán éigin an Ghréigis chlasaiceach i scoileanna áirithe le súil is go ndéanfaí daoine uaisle ar ball díobh, ní thugaim faoi deara go bhfuiltear ag éileamh go dtabharfar ar ais í mar mhalairt ar an tSínis, nó an Ghearmáinis, nó pé teanga atá sa bhfaisean an tseachtain seo ag IBEC, ag ISME, agus ag lucht baoise an oideachais.
B’fhéidir nár dhona an smaoineamh é, áfach, mar an rud a tharlaíonn don Ghréig, tá de sheans ann go dtitfidh amach níos forleithne.
Deirtear linn in aon leabhar scoile go bhfuil sibhialtacht, mar adéarfá, na hEorpa ina suí ar litríocht, ar fhealsúnacht, ar eolaíocht agus eile na sean-Ghréagach.
Cé gur féidir áiteamh níos caolchúisí ná sin a dhéanamh, is fíor, bí deimhin de go bhfuilimid níos mó faoina gcomaoin ná mar atáimid faoi chomaoin ag, abraimis, na Lochlannaigh bharbartha.
Dúirt Socraitéas (tá chomh maith é a lua mar údarás) nach gaois a bhí ag filí, ach bua níos gaire don fhís agus don fháistine, agus b’in nuair nach raibh sé ag imirt peile don Bhrasaíl.
Más ea, bheadh díomá an-mhór air maidir leis an bhfile mór le rá ó thír na nGréagach, C.P. Cavafi a bhreac ceann de na dánta is mó tásc ar fad i stair na litríochta sin san nua-aimsir. Is é dán é, Ag fanacht leis na Barbaraigh atá scríofa sa stíl chomhráitiúil scéaltach sin is dual don fhilíocht ón tír sin: “- Cad leis a bhfuilimid go léir ag fanacht ar chearnóg an mhargaidh?/Leis na Barbaraigh, beidh siad anseo inniu./-Cén fáth an mhoilleadóireacht i dTeach an tSeanaid?/Cén fáth na Seanadóirí suite thart is nach ag reachtú dlíthe atá siad?/Tá na barbaraigh ag teacht inniu, sin é an fáth.”
Is mór an trua nár stad dán Cavafi san áit sin, óir bheadh tairngreacht ann.
D’ardófaí a ainm i measc mórfháithe na cruinne sa mhéid is go bhfaca sé cad a bhí i ndán dá thír.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil, shocraigh sé ar ráiteas níos uileleithne a dhéanamh as faoi scanradh agus dúile daoine: “Tá an oíche ann is níor tháinig na Barbaraigh, sin é an fáth./Is tá dream éigin atá tagtha ón teorainn/Ag rá nach ann do Bharbaraigh níos mó./Is cad a dhéanfaimid anois gan Bharbaraigh?/Bhí réiteach de shaghas sna daoine sin.”
San aistriúchán fileata úd ag Eoghan Mac Aogáin ón nGréigis bhunaidh, tá an chuma air go bhfuil clabhsúr ar an ngnó; dá dtiocfadh na Barbaraigh réiteofaí a gcuid deacraí go léir.
Dán diachrach é ar an tír seo a mhúin an oiread sin dúinn ó mhoch na staire. Scrathain de chinn tíre agus raingléis oileán ina heireaball ar an mórthír ag caitheamh ó dheas de chúinne thoir theas na hEorpa.
Í teorantúil don Áis, agus don Afraic, ach éileamh againne uirthi. Ba mhóráil leo a n-intinn féin go fiú is má ghoid siad smaointe agus tuairimí soir siar, mar a dhein cách a chéile.
Is mó an t-eolas atá againn ar an tSean-Ghréig de bhíthin ar buaileadh isteach dá sibhialtacht i gcloigne agus i mbaill eile de gharsúin shaibhre Iarthar Eorpa le cúpla céad bliain anuas ná ar sheanshibhialtacht ar bith eile, dá bharbartha í.
Ach bhí gaiscí dá cuid féin ag an Nua-Ghréig. B’iad ba thúisce a rug bua ar na Comhghuaillithe Axisíocha sa bhliain 1940, agus chuir siad an ruaig ar a teaghlach ríogúil lofa i reifreann de chuid an phobail in 1974. Má thóg sé tamall orthu breith suas ar an aois dhaonlathach, tá dreamanna eile fós ar gcúl i nglanadh na fola goirme.
Agus fág go raibh an ceart ag filí riamh ó aimsir nach féidir dúinn meabhrú siar chuici gus an lá inniu, ní raibh an ceart ag Cavafi. Tháinig na Barbaraigh. Tháinig siad agus tá siad ina suí i leaba na dtreon.
Ní lú is fiú spéis dúinn gur tháinig siad ar shlipéirí boga, agus le caint chiúin, agus ar charbaid gheala, agus i gcultacha milse, agus faoi spéaclaí cruinne miotail. Bhí siad chomh craobhaithe, chomh difriúil leis na Peirsigh is na Turcaigh is a shamhlódh Aesop féin.
Ní fhágann sin is nár shleamhnaigh siad go gréisciúil isteach an príomhdhoras, is gur ghabh siad an áit.