An da theanga

Beocheist: "An bhfuil aon duine ón Iarthar anseo?" arsa an cainteoir leis an lucht éisteachta i halla in Oirthear na Gearmáine…

Beocheist: "An bhfuil aon duine ón Iarthar anseo?" arsa an cainteoir leis an lucht éisteachta i halla in Oirthear na Gearmáine. "Níl? Tá go maith. Mar sin tig linn Gearmáinis a labhairt."

Caithfear ciall an scéilín sin a thuiscint. An bhrí leis an nath cainte "Gearmáinis a labhairt" (deutsch reden) ná: caint go díreach faoi rudaí, an fhírinne lom a rá.

Thit Múr Bheirlín 14 bliain ó shin. Ach ní raibh deireadh leis an deighilt idir an dá Ghearmáin. Ar bhealach, tá siad chomh deighilte óna chéile inniu is a bhí riamh. Deirtear go minic go bhfuil dhá theanga éagsúla á labhairt ag lucht an Oirthir ("Ossis" mar a thugtar go coitianta orthu) agus lucht an Iarthair ("Wessis") agus nach dtuigeann siad a chéile.

Is fíor gur fágadh rian an Chumannachais i stór focal an Oirthir agus, ag an am céanna, bhí teanga an Iarthair ídithe leis an Bhéarla Meiriceánach. Ach ní hionann sin is a rá go raibh na nósanna teanga éirithe chomh héagsúil sin ar an dá thaobh nach dtuigfidís a chéile a thuilleadh.

READ SOME MORE

Nach raibh deireadh tobann curtha leis an gCumannachas agus an córas sóisialta a bhain leis nuair a vótáil muintir an Oirthir athaontú leis an Iarthar i 1990?

Leoga, is cultúr atá i gceist anseo níos mó ná teanga: nósanna na cumarsáide, ní na focail féin. Nuair a chuireann Wessi é féin i láthair, déanann sé tagairt dá phost agus dá dhintiúirí. Ní dhéanann Ossi a leithéid; iarrann sé caidreamh pearsanta a chur ar bun. Tógann na hOssis am don mhuintearas. Bíonn deifir ar Wessi an gnó a chur i gcrích. Tionchar mór ó chultúr SAM atá le feiceáil ansin, ar ndóigh.

Is gnách do lucht an Oirthir bheith ag plé i bhfad níos mó le cúrsaí mothúchán agus labhairt amach ón chroí. Déarfadh duine ón Iarthar mar shampla, "bhí bás againn sa chlann", ach déarfadh duine ón Oirthear "tá mo mháthair marbh".

Is gnách do na Wessis cúrsaí pearsanta a dheighilt ó chúrsaí gnó. Ach labhrann an tOssi faoi chúrsaí pearsanta go nádúrtha agus é ar obair. Measann an Wessi go bhfuil an fear eile "neamhphroifisiúnta" agus an méid sin á dhéanamh aige. Ceapann an tOssi go bhfuil doicheall agus éirí in airde sa Wessi fiú nuair a bhíonn sé ag iarraidh bheith muinteartha.

Mothaím féin an difear idir Wessis agus Ossis agus mé ag plé leis an dá dhream ar obair. Mo chara Lutz, mar shampla. Is ó chathair Leipzig é ó dhúchais - mar sin, is Ossi é. Fear ciúin macánta atá ann. Tá muintearas agus greann ann.

Níl galántacht ar bith ann. Cé gur bainisteoir anois é sa mhonarcha de bharr a chuid feasa teicniúla, mothaíonn tú i ndeireadh na dála gur oibrí é go fóill. Ní fheicfeá riamh i gculaith é. Ach amháin b'fhéidir ag bainis nó sochraid.

Insíonn Lutz dom - agus seo fear a d'fhág an tOirthear lena chlann agus a chuaigh siar san imirce agus atá ag obair san Eilvéis anois - eachtra mhór a óige, ar bhain sé an t-uafás taitnimh aisti. Chuaigh sé féin agus beirt ógfhear eile as Leipzig ar aistear go dtí an Rúis agus thaistealaíodar ar fud na tíre ollmhóire sin ar feadh bliana.

Níl aon pobal ann atá chomh cneasta macánta leis na Rúisigh ar bhaineadar leo, dar leis. Cheapadar go rabhadar i measc a muintire féin.

Agus b'fhéidir go raibh. Tá gaol áirithe idir cultúr na nOssis agus cultúr mhuintir Oirthear na hEorpa ar fad.

Mar a dúras, is amhlaidh gur cultúr, agus ní teanga atá i gceist agus an difear idir Ossis agus Wessis á phlé againn. Is féidir cultúir éagsúla bheith ag dhá náisiún a bhfuil an teanga chéanna i bpáirt acu, de bharr éagsúlacht a staire polaitíochta agus sóisialta; agus bíonn tionchar ag an éagsúlacht chultúir sin ar an teanga féin. Cuir i gcás Sasana agus Meiriceá nó Sasana agus Éire.

Is cuimhin liom nuair a tharla athaontú na Gearmáine gur scríobh Ralf Dahrendorf, eacnamaí agus fealsamh Gearmánach a bhfuil cónaí air i Sasana le fada, gurbh eagal leis go mbeadh an tOirthear mar Éire de shaghas amach anseo - áit álainn ach cuma mhianchumhach uirthi, a bhfuil meas ag eachtrannaigh uirthi toisc an saol bheith á ghlacadh go réidh ag muintir na tíre agus sean-nósanna taitneamhacha á gcleachtadh acu atá dearmadta sa tír eile. (B'shin roimh ré an Tíogair Cheiltigh, ar ndóigh.)

An Ghearmáin dátheangach? Níor mhiste smaoineamh air sin má cheapaimid gur féidir tír dheighilte a athaontú go furasta. Is furasta, leoga, múr a scriosadh. Ach is deacair an teorainn i gcroíthe na ndaoine a scriosadh, fiú agus an teanga chéanna á labhairt acu.