BeocheistPádraic Breathnach:Is fada fiannach muid ag trácht ar chomh dona is a mhúintear an Ghaeilge. Seo arís muid le gairid ag trácht air. Muid ag moladh go gcuirfí breis bhéime ar labhairt na teangan, go mbronnfaí breis mharcanna ar an scrúdú i labhairt na Gaeilge, go ndéanfaí clár nua tarraingteach a leagan amach, go mbunófaí an clár sin atá ar shaol freacnairc na ngasúr; é seo is é siúd!
Seo anois mise le mo dheilín beag féin! Ní chreidim féin gur ar chláracha nó ar mhodhanna atá an locht. Ar an múinteoir a bhrathann torthaí, bídís dea nó droch. Mura mbíonn an múinteoir dúthrachtach is cuma sa sioc faoi chlár nó faoi mhodh. Má tá an múinteoir dúthrachtach múnlóidh an té sin pé clár nó pé modh chun a leasa.
Bíodh is oiread seo eile faoi láthair ag cuidiú le forbairt na Gaeilge - TG4, RnaG., Acht na dTeangacha Oifigiúla, srl. - nach bocht nach bhfuil sí ag treabhadh ar aghaidh níos folláine?
Cén fáth nach bhfuil sí á múineadh nó á neartú mar a bheadh súil leis? Cén fáth nach múintear go maith feasta í in an-chuid scoileanna?
Cén fáth nach lorgaítear i gceart sna scoileanna í? Faightear locht ar na coláistí ina bhfuil na hábhair bunmhúinteoirí á n-oiliúint. Múinim féin i gceann acu.
Níl amhras ar bith nach múintear an Ghaeilge go sásúil in an-chuid bunscoileanna. Go deimhin féin is ar éigean a mhúintear chor ar bith í in an-chuid bunscoileanna. Níl ann ach go ligtear air go múintear.
Sa gcoláiste seo agam féin, i Luimneach, bronntar céim B.Oid ar bhreis is 400 bunmhúinteoir gach uile fhómhar. Den líon sin bíonn céim sa nGaeilge ag an tríú cuid acu.
Bíonn Gaeilge líofa, cruinn go maith, ag a mbunáite siadsan; a bhféadfadh a mbunáite, i mo thuairimse, Gaeilge a mhúineadh go cneasta go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta, ach an deis sin a bheith acu.
Ach an dá thrian eile nach roghnaíonn Gaeilge dá gcéim, ach, mar sin féin, a gcáilítear ina mbunmhúinteoirí, agus atá ceaptha Gaeilge a mhúineadh sna bunscoileanna, tá go leor leor acu sin nach bhfuil an cumas nó an dúthracht cheart sin iontu. Is bacach, is fánach amach, an caighdeán Gaeilge a mhúineann siad sin.
Cén chaoi, más ea, a n-éiríonn leis an múinteoir bocht iarbhunscoile Gaeilge na ndaltaí sin a fheabhsú? De bharr na scrúduithe - An Teastas Sóisearach agus an Teastas Ardteistiméireachta - bíonn ar an múinteoir bocht seo rud éigin a dhéanamh. Faoi dheifir. Is í an fhoghlaim de ghlanmheabhair é!
An múinteoir ag cur iachaill ar na daltaí aistí agus freagraí réamhdhéanta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Agus is mar sin a bhíonn i gcás an scrúdaithe i labhairt na Gaeilge chomh maith céanna.
Táthar go luath le breis mharcanna a thairiscint san Ardteistiméireacht do labhairt na Gaeilge. 'Séard amháin a tharlós go mbeidh ar dhaltaí breis a fhoghlaim de ghlanmheabhair.
Cé go mbaineann maitheas áirid leis an bhfoghlaim de ghlanmheabhair seo ní bhaineann sí amach an sprioc ar cóir a bheith ag coinne leis.
Agus tarlaíonn tubaiste is measa fós. Na hógmhúinteoirí maithe Gaeilge seo, ar mian leo an Ghaeilge a dháileadh go paiteanta ar a gcuid daltaí, ní fada go gcuirtear cor chun donachta ina spiorad.
Is minic nach leanann an díograis is an spraoi. Go háirid i scoileanna móra. Agus is scoileanna móra formhór na mbunscoileanna an lá atá anois ann.
De bharr cúinsí difriúla, ar cinn acu go mbíonn oiread sin ábhar le múineadh agus oiread sin éagsúlacht daltaí sna ranganna, éiríonn múinteoirí patfhuar. Cailleann siad a ndíograis de bharr go mbíonn an phatuaire i réim rompu.
Faigheann siad amach go luath gur éin áiride iad i dtaca le craobhscaoileadh bhíobla na Gaeilge. Is beag Gaeilge a bhíonn siad a mhúineadh, agus is beag spreagadh, agus teipeann ar a misneach; a misneach as a gcumas Gaeilge féin anuas air sin.
Deirim arís é, is ar éigean a mhúintear Gaeilge, ar fiú trácht air, in an-chuid bunscoileanna. D'fhéadfadh an príomhoide ugach áirid a thabhairt.
Murab ionann is scór blianta ó shin, abraimis, cé hé an cigire isteach a mbeadh sé de dhánaíocht ann/inti beannú i nGaeilge do dhalta, nó do mhúinteoir?
Fáinne fí, mar a deir an ceann eile. Is é an t-aon bhealach éifeachtach as, má táthar le Gaeilge a chur ar a bonnaibh, ná gach uile scoil a thiontú ina scoil lán-Ghaeilge.