BEOCHEIST:BHEADH DROGALL ort uaireanta an nuachtán a phiocadh suas na laethanta seo, nó breathnú ar an teilifís, fiú. B'fhéidir go dtiocfadh ísle brí ort. Táimid i sáinn – sin a deir siad ar aon chuma.
Cad a choinníonn siar muid? Easpa misnigh? Leisciúlacht? Saint? An seantreibheachas atá ár gcrá leis na cianta. Easpa tola? Bíonn an chosúlacht ar an scéal go bhfuilimd ar nós an té sin in amhrán U2 – “running to stand still”.
Anois, agus an t-airgead gann arís, agus gearrthacha siar scannalacha á gcur i bhfeidhm ar sheirbhísí do na daoine is leochailí sa tsochaí, caithfimid rudaí a dhéanamh as ár stuaim féin arís.
Sampla amháin de seo ná an t-uafás daoine a thagann le chéile fud fad na tíre chun cabhrú leis an ngrúpa forbartha Irish Autism Action (www.autismireland.ie) sna himeachtaí éagsúla a eagraíonn siad ar bhonn leanúnach.
Tá mórán sainmhínithe tugtha ar cad is uathachas ann de bhrí go bhfuil réimsí leathana tréithe agus cineálacha difriúla uathachais ag goilliúint ar dhaoine. An sainmhíniú atá ag Cumann Uathachais Mheiriceá air ná: “Míchumas casta forbartha a thagann chun solais go hiondúil roimh don pháiste óg trí bliana a bhaint amach. Mar thoradh ar an míchumas sin bíonn neamhord néareolaíoch a chuireann isteach ar ghnáthfheidhmiú na hinchinne, tionchar a mbíonn a rian le sonrú i réimsí na hidirghníomhaíochta sóisialta agus scileanna cumarsáide ach go háirithe.”
Cruthaíonn an t-uathachas deacrachtaí do pháistí agus do dhaoine fásta maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide agus spraoi. Tréith amháin a dhéanann an riocht sláinte níos casta ó thaobh mínithe de ná nach bhfuil aon bhaint aige le cumas éirime an duine. Tá an speictream céanna éirim intinne le haireachtáil i measc daoine a bhfuil an t-uathachas ag cur as dóibh agus atá ag an daonra trí chéile.
Tá fianaise ann i gcónaí go raibh an t-uathachas ar go leor daoine a raibh buanna as an ngnách acu – ó thaobh ceoil, scríbhneoirechta agus péintéireachta de. An raibh uathachas de shaghas áirithe ar an fhile W.B. Yeats? Bhí dar leis an Ollamh Michael Fitzgerald ó Choláiste na Tríonóide, BÁC.
Goilleann an t-uathachas ar gach aicme shóisialta agus gach cine. Seans go raibh ainmneacha difriúla ann don riocht sláinte sin fadó, fiú i measc na nGael féin.
Roimhe seo, ní raibh ach féidearthachtaí agus teoiricí difriúla curtha chun cinn ar cad ba chúis leis. Bhí an teoiric ann go raibh bunús géiniteach leis ach ní raibh aon chruthúnas fiúntach ann maidir leis sin.
Foilsíodh staidéar nua i Meiriceá i mbliana, áfach, a léirigh athrú tábhachtach ar smaointe lucht taighde agus lucht leighis maidir le cúiseanna an uathachais, riocht leighis a chuireann isteach ar aon faoin gcéad den daonra san Iarthar, ar a laghad, meastar.
Deir an staidéar nua seo gur féidir le tosca comhshaoil lena n-áirítear tosca sa bhroinn a bheith ar a laghad chomh tábhachtach céanna le rol na ngéinte sa scéal áirithe seo.
Staidéar thar a bheith suntasach atá anseo. “Den chéad uair riamh, deimhníonn sé dúinn go bhfuil tosca géiniteacha ann a bhfuil baint acu leis an neamhord néarógach atá mar eochairchomhartha den uathachas,” a dúirt an Dochtúir Peter Szatmari, taighdeoir atá ina cheann ar an rannóg sin a rinne taighde ar shíciatracht leanaí agus iompraíocht néareolaíocht in Ollscoil McMaster, Ontario, Ceanada, agus a rinne an taighde seo in éineacht le scoláirí eile ó Ollscoil Stanford.
Tá an dealramh ar an scéal anois go bhfuil tionchar chomh láidir céanna ag tosca comhshaoil ar fhorbairt an uathachais sa pháiste óg agus a cheaptar a bheith ag tosca géiniteacha roimhe seo, cé nach bhfuil na tosca comhshaoil sin aimsithe ag na saineolaithe fós.
Tá glactha anois nach bhfuil sna géinte ach leath an scéil. Tá sé seo sonrach freisin mar gur léir go bhfuil rátaí uathachais ag méadú i bhfad níos tapúla ná mar is féidir lénár ngéinte forbairt a dhéanamh.
Creid é nó ná creid, níl sé ach tamall de bhlianta ó shin go raibh glacadh forleathan i measc na síciatraithe gurb é easpa grá na máthar ba chúis leis an uathachas. Tá an coincheap sin caite i dtraipisí anois, buíochas le Dia
San am atá thart, caitheadh go dona uaireanta le daoine a raibh uathachas ag goilliúint orthu. Ní in Éirinn amháin a tharla sé seo ar ndóigh. Ba mhinic a cuireadh i bhfolach páistí agus daoine óga a raibh an fhadhb seo acu nó, níos measa fós, cuireadh go teach na ngealt nó go dtí na scoileanna ceartúcháin iad.