Praghas na suibhe

CROBHINGNE: CHONAIC MÉ é

CROBHINGNE:CHONAIC MÉ é. Chonaic mé an scannán faoinar maraíodh breis agus leathchéad duine ar an gcomhaireamh deireanach. Nó ba chirte a rá go bhfaca mé an blaisín nó an réamhfhógra, mar tá gach dealramh ar an scéal nach ann don scannán The Innocence of Muslims beag ná mór. Tá an chuma air gur scaoileadh an giota seo amach go díreach ar son daoine a dheargadh le fearg.

Is beag duine a chuaigh le báiní mar gheall ar Satanic Verses Salman Rushdie a léigh é. Is cinnte faoin am go mbeadh sé léite acu go mbeadh an fhearg tráite le tuirse. Ní hé an píosa litríochta is fusa amuigh é, agus níl an chomáint chéanna ann agus atá i saothair eile dá chuid, go háirithe Haroun and The Sea of Stories. Is deimhnitheach nach bhfuil sé chomh seolta le Forty Shades of Gunk atá i mbéal an phobail i gcónaí agus nár ghá daoine a lascadh chun an tsiopa lena cheannach.

Dá bhféachfaí ar mhír úd an scannáin seo is cinnte go mbeadh daoine tráite le greann. Is í an laige is láidre atá ag propaganda ná gur propaganda é.

B’fhéidir gur furasta dár leithéidíne a bheith ag magadh faoi nuair is tearmann beannaithe ag na milliúin an creideamh Ioslamach atá acu. Ina choinne sin, bhraitheas greann i gcónaí in iarrachtaí scannánaíochta ar theagasc creidimh a chur chun cinn, agus áiféis nuair a bhítí á aoradh.

READ SOME MORE

Ba dheacair feasta glacadh leis na deich n-aitheanta tar éis do Dhia iad a bhronnadh ar Charlton Heston; agus bhraitheas in aois m’fhíoróige go raibh bob éigin á bhualadh orm nuair a seoladh sinn isteach ón scoil chun ceacht a bhaint as The Miracle of Marcelino. Ní gá do dhuine céim a bhaint amach sa chumarsáid ná a bheith sáreolgaiseach ar ealaín na scannánaíochta leis an amaidí atá laistiar de Innocence of Muslims a fheiscint go lánbhobarúnach.

Is iad na fiacla an chéad rud go dtabharfá suntas dóibh. Níl tuairim dá laghad agam cén saghas fiacla a bhí ag Mahamad ach is ródhócha nár fhreastail sé riamh ar fhiaclóir in California. A dhála céanna ag gach duine eile sa scannán, bíodh is gur dócha gur chaith na daoine a raibh siad ag aithris orthu a saol ag cogan camall agus ag glotaíl gabhar.

Bean amháin a mhaígh go raibh 105 bliana slán aici, bhí foireann fiacla aici chomh geal le hanam naíonáin bhaistithe, le sneachta ar an Mol Thuaidh, le brollach faoileáin, le púdar níocháin, leis an gcnoc oighir a phóg an Titanic, le gealach na gile, le snaoisín chóic, le taibhse le tairbhe, agus ó, ar eagla an dearmaid, chomh bán le bráillín. Cheapfá, dá mb’áin leo a bheith gránna, go bhféadfadh ar a laghad a bheith réadach.

An bhean chéanna úd, in ainneoin a haoise, ní raibh roc ar a héadan ó romhar ná ngarraithe, ná cloig ar a doirne ag freastal ar fhearaibh.

Ba dhóigh leat uirthi gur chaith sí a saol fada ag cuimilt ungthaí frithaoise lena craiceann, bhí chomh mín sin. Fairis sin, gan amhras, bhí a gcuid gruaige uile go léir nite sciúrtha sciomartha leis na seampúnna is déanaí, in ainneoin ganntan uisce an ghaineamhlaigh sa tséú agus sa tseachtú haois.

Bhí féasóga ar chách, gan amhras, seachas na mná a bhfuil sin cosctha orthu de réir na scríbhinní beannaithe. Cuid de na féasóga sin bhí gearrtha snoite cóirithe ag na bearrbóirí ba dhaoire in Mecca, ní foláir; ach a thuilleadh fós ba chosúla le cuirceog bheach iad réidh ullamh le tabhairt fút. Ba chuma nó sceach cúpla ceann eile a mbeifeá ag coinne go dtiocfadh gabhar amach astu nóiméad ar bith.

Thar aon ní eile, áfach, b’é an blas cainte a thuill fonóid agus beithé agus muga-mhahamad go cranna na spéire. Bheadh iomarcach, iad a chur ag caint in Araibis na linne sin, mar is dócha nach dtuigfeadh duine ar bith den lucht féachana a raibh sé dírithe orthu iad. Ach tá rud éigin plaisteach i gcónaí sa ghuth leathan Poncánach mar a bhí ag John Wayne ina shaighdiúir ag bun na croise in The Greatest Story Ever Told lena “Truly, this man was the son of Gaaawd”.

Tá Gáád ar fud na háite sa phíosa gránna seo. Is fíor nach labhrann sé linn as tom beag sléibhe, nó as lár scamaill dhorcha, nó trí fhéasóg fhada eireaballach, ach tá líne dhíreach ag an bhfáidh chuige, bíodh is nach dtuigeann go rómhaith cad tá aige á rá.

B’é ba chostasaí ar fad i ndéanamh na míre bige seo, áfach, ná praghas na suibhe, mar tá subh le fáil go tiubh ar chlaimhte is ar lanna. Deacair a rá an mó den tsubh shútha craobh nó den tsubh shútha talún atá ann, áfach, Gáád idir sinn agus an anachain.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar