CROBHINGNE: DROCHSCÉAL IS ea scéal Nama i gcónaí. Ba ea le fada an lá

CROBHINGNE:DROCHSCÉAL IS ea scéal Nama i gcónaí. Ba ea le fada an lá. Ní haon tuar dóchais ar tharla cheana mar mhéar ar eolas lena dtarlóidh fós. Eachtra dhobhrónach agus thruamhéalach an stair lena mbaineann agus n'fheadar aon duine cad tá i ndán.

Nuair a chuaigh siad isteach an uair cheana, scrios ba ea a dheireadh. Baineadh an talamh de na daoine agus tugadh don aos caipitil é.

Bhíodh sé de nós ag na gnáthdhaoine airgead a fháil ar iasacht óna gcuid tiarnaí, agus sa chás is nach n-íoctaí ar ais é, bhaintí a gcuid maoine agus sealúchais díobh.

Nuair a cuireadh i gcoinne an choigistithe seo, bailíodh na féichiúnaithe le chéile agus cuireadh isteach i gcampaí géibhinn iad a raibh deichniúr ag fail bháis iontu in aghaidh an lae. Nuair a héiríodh amach ar na sráideanna agus ar an tuath tugadh an t-arm isteach ina gcoinne agus cuireadh na mílte chun báis.

READ SOME MORE

Tuairim is leath den phobal ar fad a d’éag, fir is mó; agus déanadh striapaigh gan tuarastal de na mná. Gnáthchinniúint ghnáthdhaoine nuair a bhuaileann leaca an tí mhóir le mionduirling na trá bige.

Dream deas neamhurchóideach ba ea na Nama céanna nár chuir isteach ná amach ar aon duine eile go dtí gur shocraigh an Eoraip ar chíste na hAfraice a roinnt eatarthu féin go flaithiúil.

Bhí cónaí orthu go deas síochánta ar chósta thiar theas na hAfraice san áit a bhfuil Namibia inniu go dtí gur tháinig na tógálaithe isteach, tógálaithe na sibhialtachta agus na sainte, agus chuir tús leis an gcéad chinedhiothú de chuid na haoise seo caite.

Cinedhíothú na Nama a thosnaigh sa bhliain 2004. Is fíor gur ghabh na Gearmánaigh, óir b’iad ba chiontach go háirithe, leithscéal 100 éigin bliain ina dhiaidh sin, agus níl aon amhras ná gur mhór an sólás é sin do na daoine a raibh a gcuid cnámha á mbánú ar an mblár.

Is í sin an fhadhb a bhaineann le Nama. Is mó is léire ná riamh nach bhfeadair aon duine cad is brí leis. Nuair a chéad airíos trácht thairis, is ar a bhfuil thuasluaite a chuimhníos, mar is dóigh liom gurb é sin an Nama is tábhachtaí.

Nuair a dhein mé beagán taighde, is gairid gur tuigeadh dom nach raibh tús ná deireadh ná léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an Nama céanna. Is ea, ar a haon, dream mí-ámharach daoine ar dheineamarna, Eorpaigh, iarracht ar a dhíothú ó chlár na cruinne.

Ach chomh maith leis sin tá an National Automatic Merchandising Association ann, agus na Native American Music Awards, agus ceann a bhaineann le hábhar go mór, an National Association of Methadone Advocates.

Fairis sin, ar ndóigh, go háirithe dá mbeadh an iomad foghlama ort agus léamh fairsing déanta agat i gcúrsaí an tsaoil, is gairid go dtuigfeá, inter alia, mar adeirtear nuair a bhíonn an léann clasaiceach ort, thuigfeá gurb é is Nama ann ná beoir a dhéantar sa tSeapáin agus ar fearr é a ól agus frog istigh ann. Is ardinspéiseach nach é sin a bhíonn i gceist ag an Aire, bíodh go gcabhróidh linn go mór sna laethanta dorcha tar éis na Samhna.

Ina dhiaidh sin, de réir an taighde fhairsing atá déanta agam gan chabhair deontais ar bith, is cloch bheannaithe i Neipeal atá ann, cloch bheannaithe a ndéanann an yak a phrumpa a thochas uirthi; ina theannta san is saghas oisire í san aigéan ciúin, ach saghas oisire nach féidir a ithe ceal piollaí speisialta; dá éamais sin, is ribe gruaige í a fhásann ar chúl na glúine clé de réir teanga na Navaho.

Nuair a thuigeas an méid sin, b’eo liom ag diantaighdeadh sna foclóirí teanga go léir atá ar eolas agam. Is leor a rá gurb é is brí le ‘nama’ i dteangacha éagsúla (nach gá a lua) – uachtar reoite a fhágann síóg ina dhiaidh le taispeáint go raibh sí ann, brat a chuirtear timpeall ar leanbh sara gcaitheann sé suas ort, an polláire deas ar ghabhar fiáin sléibhe sna hAindéis, an greim a bhaineann madra ocrach as cactas, croiméal a bhfuil taobh amháin de níos faide ná an ceann eile, bia déanta as bainne ramhar a bhfuil guairí muice tríd, cúrán a chuireann tú i bpoll d’imleacáin, dia hiondúchasach i dtuaisceart na hIndia, an cúigiú rámh ar chlé naomhóige Polainéisí, púdar fliuch ar sciathán phéileacáin, an glaoch a chuireann caora as nuair a thiteann sé i bpoll...

An chéad uair eile go mbeidh tráchtaire éigin ag píopaireacht go sruthlabhrach leis mar gheall ar Nama, is fiú an cheist a chur air, cé acu Nama atá i gceist aige, mar is léir go bhfuilimid chomh haineolach air is atáimid ar na Namaí eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar