Ealaín agus caid

CROBHINGNE: COMÓRADH EILE chugainn gan choinne

CROBHINGNE:COMÓRADH EILE chugainn gan choinne. An Cumann Lúthchleas Gael agus a gcairde i mbun aoibhnis toisc go bhfuil aois an phinsin agus trí scór le cois slánaithe acu.

B’fhéidir gurb ait le daoine comóradh 100 bliain is an dá scór lúide 15 bliain, ach scéal míorúilteach mar sin féin é. Scéal éiritheach thar meon é agus níor cheart d’aon duine a bheith ina phusachán sa chúinne.

Seachas mé féin. Ceart go leor, ní eilifint sa tseomra é, mar ní fhacthas riamh a leithéid ar bhánta Gael, ach b’fhéidir práta i lár an lasagne.

Bunaíodh an CLCG d’fhonn an iomáint a chur chun cinn go príomha, agus i ndiaidh na mblianta tá an iomáint ag dul as go tiubh.

READ SOME MORE

Is minic an cheist á cur ag daoine, agus ag an gCumann féin, conas is féidir an iomáint a fhorbairt is a leathnú. Bhí freagra gonta ag Christy Ring: “cuirtear scian phóca i ngach liathróid peile sa tír!”

Tá an chuma air sin go bhfuil sé ábhairín borb, ach cé a shéanfadh nach raibh an ceart aige? Fad is a bhí An Cumann Lúthchleas Gael ag cur in aghaidh na gcluichí Gallda isteach, bhí a chluiche féin ag leathnú sna háiteanna a mbíodh an iomáint láidir fadó.

Is é leabhar mór an Bhráthair Liam Ó Caithnia Scéal na hIomána an leabhar is tábhachtaí in Éirinn maidir lenár gcuid cluichí féin. Tá sé ar cheann de leabhair mhóra na hÉireann. Míorúilt is ea é.

Ní raibh aon pheil sa tír seo riamh go dtí le déanaí. Bhíodh daoine ag ciceáil lamhnán muc i dtuaisceart Chúige Laighean san 18ú haois ceart go leor, is é sin, nuair nach mbíodh siad ag ciceáil a chéile. B’i an iomáint cluiche na ndaoine.

Níl aon lua uirthi in iarthar na tíre go dtí deireadh an 19ú haois. Iomáint ar fad a bhí ar na hoileáin – ar Árainn, Inis Gé, Inis Bó Finne, Reachlainn, Cléire, Cliara agus na hoileáin bheaga ar Loch Éirne (mar a n-úsáidtí caipín glúine tairbh mar liathróid). Iomáint a d’imir Tomás Ó Criomhthain lá Nollag ar an mBlascaod Mór. Iomáint atá i scéalta Shéamais Uí Ghrianna i dTír Chonaill. Iomáint atá luaite ag na scéalaithe agus na seanchaithe móra thoir, thuaidh, theas is thiar. Iomáint a d’imir na síóga leis an bhfoireann shaolta.

B’í an iomáint cluiche náisiúnta Oileán Mhanann “but it vanished quickly after the introduction of football”, mar adúirt staraí amháin. Tháinig an pheil isteach ar dhroim ghalldú na tíre.

Ba chuid den réabhlóid mheasúlachta í a tharla tar éis an ghorta, réabhlóid a chuir deireadh le mórán caitheamh aimsire eile nár samhlaíodh iad a bheith de réir an Victeoiriánachais. Agus d’imigh an iomáint thar oíche as baill a mbíodh sí láidir iontu. D’imigh sí laistigh d’aon ghlúin amháin, mar a d’imigh an Ghaeilge.

Nuair a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884, ar éigean go raibh an iomáint féin i nDúrlas Éile. Bhí sí dulta i léig go mór i gCill Chainnigh, bíodh go ndéarfadh contaetha eile gur trua nár imigh sí as ar fad! B’é an rugbaí, nó leagan garbh barbartha éigin ar déanadh caid agus codology as, a bhí i réim i gCiarraí.

Is léir gur fhéach muintir Chiarraí timpeall na Mumhan, chonaic gurbh í an iomáint a bhí in uachtar, agus dúirt leo féin leis an ngliocas sleamhain is dual dóibh: “Sea, má sea, iomáint atá acu siúd. Níl seans againn. Téimis le peil!”

Ina choinne sin, bhí an iomáint láidir in áiteanna nach samhlaímid iomáint in aon chor leo anois. Bhí foireann iomána ag Co Shligigh i gCraobh na hÉireann sna blianta tosaigh: mar a bhí ag Maigh Eo, ag Liatroim, ag Tír Eoghain, ag Ard Mhacha, agus eile.

Cumainn pheile agus iomána a thugtaí ar go leor de na cumainn i gCo Mhuineacháin agus an Chabháin suas go dtí 20í na haoise seo caite.

D’imigh sin, agus tháinig seo, an tslí bhog íseal shimplí thíos. Tá an iomáint ag fáil bháis fós i gceantracha nach raibh sa pheil iontu ach cuach sa nead. Tá sí ag fáil bháis i gcathair Chorcaí agus soir uaithi, a bhuíochas san do bhord an chontae. Tá lucht leanúna anois ag peileadóirí Luimnigh. Aiséirí sa pheil i Loch Garman. Foireann rugbaí na Mumhan mar chuid d’fhéiniúlacht na dúiche.

Más áil leis an gCumann an iomáint a chur chun cinn, caithfear srian a chur leis an bpeil. Tá sé chomh simplí leis sin. Ealaín is ea an iomáint, agus tógann blianta lena foghlaim. Útamáil ar an gcuid is fearr an rud eile. Is fusa breith ar lamhnán muice agus í a lascadh le cóir na gaoithe ná siúl leis na déithe i dtreo na síoraíochta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar