CROBHINGNE:TÁ NUACHTÁIN go mór i mbéal an phobail faoi láthair, nuachtán amháin abhus imithe go tóin poill de bharr mí-iompair a chuid tiarnaí thall, agus cinn eile i mbaol mar go bhfuil a lucht léite ag dul i léithe agus ar gcúl. Le fada b'é an comórtas ná an cheannlíne ba gháifí agus ba mhó geit a chumadh le haird an phobail a tharraingt.
“An tAonú hAitheanta Déag fachta i bPluais,” “Ní le Brad Pitt a Chuid Matán Féin,” “Buama Gabhar ag Al Qaeda,” “An Chuid is Mó de Phobal na hAfganastáine Beo Fós,” “Ceapairí Coiscín Ar Díol” agus mar sin de. Ábhar a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna, agus páipéar a bheadh oiriúnach mar chlúdach lóin nó eile.
Deir na nuachtáin gurb ábhar mar sin a bhfuil suim ag daoine ann, agus nach bhfuil á dhéanamh acu ach ag tabhairt don phobal a bhfuil a dhíth. Níl aon chúis go gcuirfeadh duine ar bith spéis in imeachtaí an Grimaldi duine agus a bhean ach amháin go sairsingíonn siad de dhroim chleachtais orainn gur chóir go mbeadh spéis againn iontu. Mura luafaí beag ná mór iad ní éireodh an ghrian san iarthar an mhaidin dár gcionn agus ní thiocfadh Coill Bhiornaim go Dún Sionáin. Cuireann an córas oideachais a bhundún amach ag iarraidh léamh a mhúineadh don saol agus is é a fhaigheann siad bánghlóthach agus bliodaruisce.
Samhlaigh saol inar cuireadh ábhar tábhachtach ar an leathanach tosaigh den nuachtán! In ionad bladar breise mar gheall ar an IMFA, nó an séanadh gealltanais is déanaí ó aire Rialtais, nó an teach mór nár díoladh ar bhóthar galánta, nó ráiteas eile fós ó Leo Varadkar, cuir i gcás go bhfógrófaí rud éigin a d’fhéadfadh cor a chur sa saol.
Abraimis: “Ní Féidir Linn an Saol a Thuiscint!” Faoina bhun sin, i gcaint shimplí a thuigfeadh duine nár léigh riamh ach Tadhg an Tógálaí, bheadh tuairisc ar thurgnaimh a dhein eolaithe san Chóiré Theas faoi nádúr na hinchinne a choscfadh orainn gach rud a thuiscint ach oiread le madra ná le mongús. Ní beag de shuaitheadh intinne agus d’ábhar coganta agus de shuainseán suimiúil a leanfadh i monarchana agus in oifigí ar fud na críche ná an fhaithne nach raibh ar dhroim Angelina Joli, mar a síleadh.
Nó: “Finscéal is ea Saorthoil an Duine!” Ba ghá an taighde go léir faoina dtángthas go dtí an chonclúid sin a achoimriú go paiteanta, ach dá mb’fhíor leanfadh athruithe móra inár gcóras coirpeachta agus oideachais, ní áirím i gcaiteacasmaí na hEaglaise.
Ba dhomheasta an t-allagar, áfach. Bheadh daoine ag machnamh arís den chéad uair ó bhí siad ina bpáistí, mar go minic is iad na ceisteanna a chuireann páistí is géire amuigh. “Cén fáth a bhfuil uisce fliuch?” a fhiafróidh an leanbh, nó “Cén fáth nach féidir an ghaoth a fheiscint?”, nó “An bhfuil féasóg ar Dhia?”
Is fada ó d’éirigh an duine fásta as a bheith ag cigilt na gceisteanna móra.
Fág é sin as an áireamh, is minic go bhfaigheann tú an stuif is suimiúla agus dá réir sin, is tábhachtaí, i gcorp an nuachtáin istigh. An tseachtain seo caite bhí scéal go raibh cruthaithe gur shíolraigh béar bán an Phoil Thuaidh ó bhéir dhúchais na hÉireann fadó riamh. Ar chúis éigin, ba mhó ba dhíol spéise é sin ná pé cabaireacht a bhí ar an gcéad leathanach agus atá ligthe i ndíchuimhne anois. Nó “Troscán Ealaíonta á dhéanamh ag IKEA”, ach is dóigh liom gur shamhlaigh mé an ceann sin.
Muran léiroscailte duit na ceisteanna móra machnaimh mar ábhar laethúil, níl aon amhras ná gurb é an “nuacht” is mó ar fad faoi láthair ná a bhfuil ag tarlú i gCorn na hAfraice, arís. Na céadta leanbh ag fáil bháis gach lá, na mílte duine ag triall ar champaí teifeach, dhá mhilliún déag duine i mbaol báis ón ocras agus den ghorta. Is í an éigeandáil is gátaraí ná na daoine sin a shábháil ó bhéal na huaighe; agus ina dhiaidh sin ba mhaith an ní é dá bhféadfadh nuachtáin beagán oideachais a chur ar na tíortha ramhra rófhorbartha ionas nach dtarlódh a leithéid arís. Is follas go maith iad na garchúiseanna go bhfuil daoine á ligean chun báis, ach d’oirfeadh scagadh ar na cianchúiseanna chomh maith céanna, cianchúiseanna nach bhfuil chomh fada sin ar an taobh thall den chnoc.
Smaoinigh ar an gceannlíne a dhéanfadh glam amach ort: “Mharaigh an Banc Domhanda 3000 Duine Inné!” nó, “Scumdhaoine an IMF!”, nó “Airgead na Leanaí á Chaitheamh ar Airm!”
Ba dhóigh leat go mbeadh a leithéid oiread na fríde níos tábhachtaí agus beagán níos fírinní ná “Elvis Beo i Leithreas i gConamara!” nó a leithéid chéanna.