Drochbholadh na gcoirpeach

Tá traidisiún fada den imirce ag pobal na hÉireann

Tá traidisiún fada den imirce ag pobal na hÉireann, ocht milliún éigin a d’fhág an tír ó aimsir an ghorta i leith. Grianghraf: Hulton Archive/Getty Images
Tá traidisiún fada den imirce ag pobal na hÉireann, ocht milliún éigin a d’fhág an tír ó aimsir an ghorta i leith. Grianghraf: Hulton Archive/Getty Images

Bhí comóradh agus tinte cnámh á lasadh i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath de bharr an bhua a fuair na Fianna le déanaí. Ní hé cumann Lúthchleas Gael na Fianna atá i gceist agam, curaidh iomána sinsir na hardchathrach 2024, ach an dream a thugann Fianna Thuaisceart BhÁC orthu féin a chloígh an rialtas nuair a gheill siad nár cheart daoine a raibh drochbholadh uathu a ligean isteach sa tseanmhonarcha sa Chúlóg a bhí leagtha amach do dhaoine a lig orthu go raibh dídean á lorg acu.

Nuair a péinteáladh na focail ‘Smellies Out’ i litreacha móra dorcha ar leac chloiche os comhair na monarchan amach anuraidh chaithfí tuiscint dóibh. Tar éis an tsaoil, na daoine a scaoilfí isteach, ar éigean go mbeadh cithfholcadh fachta acu le fada agus níor leor cúráin laethúla an rialtais a thugtaí dóibh saor in aisce leis an drochbholadh a cheilt.

Ba í an intinn dhúchais agus cuimhne na nglúnta a spreag an tuiscint sna Fianna nua seo a dhein cosaint chomh láidir sin ar a muintir féin. Tá traidisiún fada den imirce ag pobal na hÉireann, ocht milliún éigin a d’fhág an tír ó aimsir an ghorta i leith, go leor acu nár nigh iad féin riamh, seachas sa chás is gur thit an braon anuas orthu.

Ba mhór an baol iad do na daoine ar lonnaíodar ina measc, agus ní heol dúinn leath an ama cén dochar a dheineadar, agus an chontúirt a bhí iontu, go háirithe do pháistí. Is léir, áfach, gur maith is cuimhin lenár bhFianna nua iad, na dúnmharfóirí, na murdaróirí, na creachairí, na scealpairí, na sladairí a d’fhág na cóstaí seo againn féin, agus ní mar theifigh ná lucht dídean a lorg fiú amháin, ach mar eisimircigh eacnamaíochta gur theastaigh uathu teacht i dtír ar chóras leasa shóisialaigh thíortha eile.

READ MORE

Bíodh geall go bhfuil a sciar féin fós díobh i measc an mhilliúin éigin a saolaíodh sa tír seo agus a bhfuil cónaí anois orthu sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i gcríocha eile thall thairis. B’fhéidir nach bhfuil cuid acu chomh holc anois leis na buíonta Gael ar nós the Dead Rabbits nó the Whyos a bheith réimiúil i Nua-Eabhrac san 19ú haois, ach lenár linn féin bhí na cipí breátha deasa Éireannacha a raibh carachtair ar nós Punchy McLaughlin agus Gouger Murphy i gceannas orthu, beirt nár mhaith go gcasfaí ort iad ag siúl na sráide i lár an lae.

Agus bhí mná deasa Pharnassus ina measc chomh maith: Lizzie Nic an Fhailí a dhúnmharaigh cúigear dá bhfir chéile nár den fhód dúchais iad, agus nach maith mar a d’fhág sí Clár Chlainne Mhuiris agus nár cuireadh ar ais anseo ná go Ruanda féin í. Nó baintreacha dubha Learphoill Caitríona Ní Uiginn agus Cáit Ní Flannagáin arbh í an nimh a rogha.

Smaoinítear go bhfuil Fianna na Cúlóige dár gcosaint ar a leithéid, óir ní chuimhneodh muintir na hÉireann abhus a choíche ná go deo ar éigean a dhéanamh ar pháiste ná ar chorpán a ghearradh suas is a chaitheamh sa chanáil.

Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an bhFian nua seo le buíon ar bith polaitíochta ar nós The Ireland Freedumb Party, Ireland Furst, Mollaí Mothóin, Katelyn Ní Olagáin, Rizzed Up Ireland, Ireland is Dull seachas an UDA gan amhras, ach d’oirfeadh dóibh ar fad teacht le chéile faoin bpáirtí nua a mbeidh Cú Cloch Clann air: Cú ar son Cú Chulainn, Cloch ar son an mhisnigh a bheith ciníoch go hoscailte, agus Clann ar son nach bhfuil ar an saol seo ach sinn féin. Bosca lasáin agus teilgeoir lasrach riachtanach mar chárta ballraíochta.

Aon drochbholadh ar an aer?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar