Caithréim cheoil i ndúlaíocht an gheimhridh

Las Wolf Alice an 3Arena lena bhfuaim dhrithlíneach an tseachtain seo caite. Léirmheas le Emma Ferrari.

DUBLIN, IRELAND - DECEMBER 10: Ellie Rowsell of Wolf Alice performs onstage during a concert at The 3Arena Dublin on December 10, 2025 in Dublin, Ireland. (Photo by Kieran Frost/Redferns)
DUBLIN, IRELAND - DECEMBER 10: Ellie Rowsell of Wolf Alice performs onstage during a concert at The 3Arena Dublin on December 10, 2025 in Dublin, Ireland. (Photo by Kieran Frost/Redferns)

Oíche rua gheimhridh a bhí ann Dé Céadaoin seo caite san Ardchathair, agus faraor gur chuir Stoirm Bram cosc ar Bria agus Sunflower Bean dul chun ardáin leis an gceann a bhaint den oíche don bhanna Wolf Alice sa 3Arena. Scaipeadh fógra ar lucht seilbhe ticéad go mbeadh moill ar thús na hoíche de bharr na ngálaí gaoithe a bhí théis bac a chur ar threalamh na mbannaí teacht isteach go Baile Átha Cliath. Ba ríléir an díomá a bhí ar na ceoltóirí agus iad ag tíocht chun ardáin ar deireadh, ach léirigh Wolf Alice teacht aniar agus an miotal atá iontu le seit nár baineadh aon chuid dá fhuinneamh uaidh in ainneoin na n-ainneoin.

Wolf Alice i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Emma Ferrari
Wolf Alice i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Emma Ferrari

Is cosúil go bhfuil a gcroí istigh in Éirinn ag an mbanna a sheol an chamchuairt seo siar i mí na Bealtaine le gigeanna rúnda i gCill Chainnigh, Corcaigh, agus Luimneach (agus sa teach tábhairne The Dublin Castle i Londain). Ba léir nach ligfí d’aon rabhadh aimsire seasamh idir iad agus an t-aistear céanna a thabhairt chun ceann scríbe sa bpríomhchathair do cheolchoirm dheireanach seo na bliana. B’iad seónna beaga na Bealtaine in ionaid bheaga ar nós Cyprus Avenue na chéad chinn a bhí déanta acu ó bhí 2022 ann, nuair a bhí a tríú halbam Blue Weekend (2021) á thabhairt ar an mbóthar acu.

Is mór an difear idir an banna mar a bhí ansin agus atá anois ó thaobh stíle agus muiníne de. Fonnadóireacht aislingeach thar rac sintéisithe a chruthaigh siad roimhe seo, ach ba léir láithreach nuair a eisíodh a gceathrú halbam The Clearing i mí Lúnasa go raibh bóthar nua á shiúl acu, ag luí isteach ar fhuaimeanna níos glaine, ar folk, rac na seachtóidí agus glam na n-ochtóidí. Plastic Jesus le Tia Blake an t-amhrán deireanach a casadh ar challairí na staide sular tháinig an banna chun ardáin, agus is feiliúnach a réitigh sé atmaisféar na hoíche: spraíúil agus sultmhar, le macallaí chlasaicí na réanna órga ceoil a tháinig romhainn, ach le hiontaisí gan choinne.

Wolf Alice.
Wolf Alice.

Os comhair cúlra drithlíneach cuirtíní glioscarnacha, faoi mirrorball a chroch os cionn an ardáin mar a bheadh prom Meiriceánach na n-ochtóidí ann, agus iad gléasta mar a bheadh fíorbhanna rac agus ról, léatar dubh agus gealra dúghorm smeartha thar shúile Ellie Roswell.

Príomhamhránaí cumhachtach ceannasach í Roswell. Ba dheacair súile a bhaint di fiú agus an drumadóir Joel Amey ag casadh White Horses, nó an giotáraí Joff Oddi i mbun rifeála agus é ag pocléimneach timpeall an ardáin. Is bean í atá breá in ann an dá thrá a fhreastal: galánta agus álainn agus cuid a gruaige á séideadh ag meaisín gaoithe, nó scáth a colainne caoile teilgthe in airde ar na cuirtíní taobh thiar di agus nótaí binne ainglí ar amhráin níos séimhe, ach í chomh compordach céanna ag léiriú fiántais agus gairbhe, go háirithe nuair a mhalartaigh sí a micreafón ar mheigeafón le Yuk Foo a scread amach thar ghleo an bhalla fuaime a chruthaigh an banna in éindí léi.

Príomhamhránaí cumhachtach ceannasach í Roswell. Ba dheacair súile a bhaint di fiú agus an drumadóir Joel Amey ag casadh White Horses…

Lean siad sin le Play the Greatest Hits - agus ba é sin téama na hoíche don bhanna a bhfuil chuile cheann dá n-albaim go dtí seo ainmnithe don Mercury Prize (bhain siad é in 2018 le Visions of Life). Admhaím gur éisteoir rialta Wolf Alice mé, ba é The Clearing ceann de na halbaim ab fhearr liom in 2025, ach bhain sé siar asam cé chomh maith is atá a seó beo. Éiríonn leo a bheith eofóiriach agus círéibeach, agus tá éagsúlacht an tseinnliosta, chomh maith le solúbthacht ghlór Roswell, suntasach. Sheasfadh a fonnadóireacht agus persona réalta rac go compordach taobh le lucht a linne, leithéidí Amy Taylor (Amyl & the Sniffers) nó Yannis Philippakis (Foals).

Is iomaí rud a chruthaíonn seó mar seo. Deirtear nach bhfuil an rac-cheol en vogue a thuilleadh. Deirtear nach ann do “it girls” a thuilleadh. Deirtear go bhfuil ré na mbannaí ceoil thart. Déarfainn gur bhréagnaigh Wolf Alice chuile cheann de na líomhaintí sin i mbliana.

Wolf Alice: Ellie Rowsell. Griangraph: Rachel Fleminger Hudson
Wolf Alice: Ellie Rowsell. Griangraph: Rachel Fleminger Hudson

Ceiliúradh ar chomhluadar na mban agus comhairle carad é Just Two Girls (amhrán ar chaith cailíní fud na staide lámha in airde agus timpeall ar a chéile lena linn), agus léiríodh an grá idir baill an bhanna seo a bhfuil bóthar fada siúlta in éindí a chéile acu le seanphictiúr dóibh ag tús a gairme a cuireadh ar na scáileáin i dtreo dheireadh an amhráin Bros. Ba cheann de bhuaiceanna na hoíche Safe From Heartbreak inar sheas an banna i lár an stáitse le comhcheol snasta a chasadh le chéile.

Agus muid ag teacht a fhad le deireadh na bliana agus i mbun machnaimh ar conas a bhí 2025, is éasca dearmad a dhéanamh nach ann do bhliain mhaith ná drochbhliain, ach go maireann an sólás agus an dólás as lámh a chéile. Ba mheabhrúchán den fhíric sin an cheolchoirm seo, a thosaigh mall ach a chríochnaigh go buaiteach, agus léirigh réimse mothúchán, buanna, seánraí agus tréimhsí banna a bhfuil barr réime á bhaint amach acu. Ceiliúradh agus críoch spleodrach le bliain chaithréimeach.