Taithí na mblianta i gcoinne uaillmhian Ultach

Casfaidh Cill Choirín-Cluain Bheirn na Gaillimhe ar an Muine Glas as Contae Aontroma i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna

Laura McCann (ar chlé) agus Eleanor Mallon tar éis do Naomh Eargnait an bua a fháil ar Chrócaigh Chill Mochuda ag Páirc de Burca i Stigh Lorcáin. Grianghraf: Shauna Clinton/Sportsfile
Laura McCann (ar chlé) agus Eleanor Mallon tar éis do Naomh Eargnait an bua a fháil ar Chrócaigh Chill Mochuda ag Páirc de Burca i Stigh Lorcáin. Grianghraf: Shauna Clinton/Sportsfile

Tá dhá fhoireann ar thairseach na staire agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Sathairn. Beidh cuid de na peileadóirí is fearr sa tír le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine nuair a chasfaidh Naomh Eargnait, an Muine Glas as Aontroim agus Cill Choirín-Cluain Bheirn as Gaillimh ar a chéile i gCluiche Ceannais Chraobh Shinsir na gClubanna i bPeil na mBan. Tá bliain fhada chrua tar éis a bheith ag an dá chlub go dtí seo, idir chraobhacha contae agus cúige, agus léiríodh luas, scil agus misneach ar an bpáirc.

Beidh Cill Choirín-Cluain Bheirn ag filleadh ar an gcluiche ceannais don chúigiú bliain as a chéile. Chaill siad i dtrí chluiche leathcheannais na hÉireann, idir 2014 agus 2018, ach níl aon amhras ach go bhfuil nós buacach anois acu – tá 13 Chraobh Chontae agus ocht gCraobh Chonnacht acu, mar aon le ceithre Chraobh Uile-Éireann as a chéile buaite acu go dtí seo. Tá Cill Choirín-Cluain Bheirn imithe ó neart go neart le blianta beaga anuas. Bhuaigh siad craobh idirmheánach na Gaillimhe in 2012, bua a thug ardú céime dóibh go dtí an grád sinsir an bhliain dár gcionn. Tá Craobh Shinsir an Chontae buaite acu chuile bhliain ó 2013 ar aghaidh.

Sa chluiche leathcheannais coicís ó shin, sháraigh Cill Choirín-Cluain Bheirn Raonaithe an Chomaraigh ó Phort Láirge agus bhí forlámhas iomlán acu sa dara leath. 1-11 in aghaidh 0-3 an scór deiridh a bhí ann agus iad ag cinntiú a n-áite i gcluiche ceannais na hÉireann don chúigiú huair as a chéile. Tá imreoirí den scoth ar fud na páirce acu. Tá neart deirfiúracha ar an bhfoireann. Tá aithne mhaith ar Nicola agus Louise Ward agus ar Olivia Divilly ó bheith ag imirt le Gaillimh le blianta fada anois ach tá an obair a dhéanann Eva, Hannah agus Lynsey Noone agus Siobhán agus Niamh Divilly chomh tábhachtach céanna don chlub.

Ar an lámh eile de, is é seo an chéad uair riamh ar bhain club as Aontroim áit amach i gcluiche ceannais Chraobh na gClubanna i bPeil na mBan. Tá éacht déanta ag Naomh Eargnait, an Muine Glas cheana féin ach níl siad ar an tsálóg go fóill. Thug siad faoi dhúshlán an chluiche leathcheannais le fuinneamh agus le díograis. Chonaic mé Cill Mochuda na Crócaigh ag imirt i gCraobh Laighean níos túisce i mbliana i bPáirc Parnell nuair a bhuail siad Naomh Sylvester. Bhí Cill Mochuda ag súil le bheith ar ais ag imirt i bPáirc an Chrócaigh den dara bliain as a chéile ach ní mar a shíltear a bhítear. Bhí sárthaispeántas ag mná an Mhuine Ghlais a thug an bua dóibh sa chluiche leathcheannais. Tá neart imreoirí idirchontae reatha agus iar-imreoirí ag imirt leo, a leithéidí Cathy Carey, Maria O’Neill agus Bronagh Devlin. Cé go raibh buntáiste baile ag Cill Mochuda na Crócaigh agus iad ag imirt i bPáirc de Búrca, ba léir nár chuir sé sin isteach ná amach ar na hUltaigh.

Léirigh siad misneach agus ba shoiléir go raibh traenáil chrua déanta acu. Bhí ról lárnach ag Cathy Carey agus ag Maria O’Neill a d’aimsigh cuid mhór de na cúilíní agus an cúl a chinntigh an bua do mhná an Tuaiscirt. Bhí an obair bhaile déanta ag an Muine Glas agus an chosaint thar a bheith láidir agus eagraithe. Is é iarbhainisteoir Dhún na Gall, Maxi Curran, atá i gceannas ar an bhfoireann, fear a bhfuil go leor taithí bainistíochta aige. Bhí sé ar fhoireann bainistíochta Jim McGuinness nuair a bhuaigh Dún na nGall corn Sam Mhic Uidhir in 2012. Bhí sé i gceannas ar roinnt foirne faoi aois i nDún na nGall agus i dTír Eoghain agus chaith sé tréimhse sé bliana ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir na mban i nDún na nGall.

Taithí luachmhar í sin a sheas le himreoirí an Mhuine Ghlais. A bhuí le scóir luatha ó Carey agus O’Neill, d’éirigh leo tionchar Éabha Rutledge agus Niamh Cotter a laghdú, beirt naoscairí do Chill Mochuda na Crócaigh. Ba í Michelle Davoren a d’aimsigh cúl do na Crócaigh tar éis 26 nóiméad ach bhí freagra láithreach ag an Mhuine Glas. D’fhreagair siad le cúilín, cic saor eile le Carey. Ach buille marfach a bhí sa chúl cumhachtach a d’aimsigh Maria O’Neill leath bealaigh tríd an dara leath agus chinntigh cúilín ón ionadaí JoJo Darragh bua dhá chúilín d’fhoireann Aontroma.

Buaicphointe na bliana is ea an cluiche ceannais agus is cosúil gur cluiche thar a bheith teann a bheidh ann. I bhfianaise na dtosaithe maithe atá ag na foirne, teastóidh cosaint láidir ón dá thaobh ag an deireadh seachtaine. Tá an comhlacht uachtair reoite ‘Muine Glas’ i gCo. Aontroim ar an bhfód ó 2017. An iad peileadóirí an bhaile fearainn chéanna a bheas in uachtari bPáirc an Chrócaigh nó an iad Cill Choirín-Cluain Bheirn a bheidh ag ceiliúradh cúig chraobh Uile-Éireann as a chéile?