Is iomaí rud a chuirfeadh duine ar strae agus é ag iarraidh ciall a bhaint as cuid d’fhoclóir na Nua-Ghaeilge. Is cuidiú é gan amhras tagairt a dhéanamh do bhunús na bhfocal ach ní leor sin i gcónaí mar a fheicfimid i gcur síos an lae inniu.
Is minic a deirtí linn agus muid óg agus ag déanamh rudaí as bealach fágfaidh sé/sí fearba ort - máthair nó athair a bhíodh i gceist. Rud é sin nach raibh dúil againn ann mar b’ionann fearb agus marcanna nó spuaiceanna a fhágáil ar do chraiceanna cé acu ar na lámha, ar na cosa nó ar na másaí é. Is slat bheag ghéar nó beilt leathair a bhíodh in úsáid i gcónaí. Sa tseanam i bhfad siar dá gcuirtí mallacht ort nó drochchlú a tharraingt ort nó aor a dhéanamh fút, thigeadh spuaiceanna amach ar chlár d’éadain mar chomhartha go mbíodh ag éirí leis an mhallacht a cuireadh ort. I ré na Sean-Ghaeilge bhíodh an chiall bó nó an eilit rua leis an fhocal fearb. Is iontach é go bhfuil an focal fearbán ar an bhláth a dtugtar ‘buttercup’ air i mBéarla.
Is dócha go bhfaca sibh an focal fíochmhar agus sibh ag léitheoireacht nó go bhfuil sé agaibh in bhur gcuid cainte féin. Ciallaíonn sé feargach agus in amanna ar mire nó ar buile. Ach ar smaoinigh sibh riamh cén bunús atá leis mar fhocal? Measaim gur focal é atá bunaithe ar an bhriathar fichid na Sean-Ghaeilge a chiallaíonn ‘to boil/seethe/bubble’. Tá an briathar fiuch ‘to boil’ againn chomh maith agus fíoch a chiallaíonn ‘feud, anger’. Tabhair faoi deara an frása fíoch fola ar aistriúchán cruinn é ar ‘a blood feud’ an Bhéarla.
Tá sé sa tseanfhocal Ultach fosta – Ag cur de dhíon agus de dheora ‘pouring rain, raining cats and dogs’.
Labharfaidh muid anois ar chúpla focal eile nach ndéantar mórán machnaimh nó cainte fúthu, b’fhéidir – sin iad diamhair agus díon agus an úsáid a bhaintear astu i ngnáthchaint na ndaoine. Is é an chéad chiall a bhí le diamhair – a bheith i bhfolach, iargúlta agus amanna ar an uaigneas nó uaigneach. Is dá thairbhe seo a d’fhás an chiall rúnda, rúndiamhrach ‘mysterious, curious’ ar fhocail eile a bunaíodh ar diamhair. Is dócha gurb é i ndeasghnáth an phaidrín a tháinig go leor daoine a chleachtann an creideamh Caitliceach anseo in Éirinn trasna ar an fhocal rúndiamhair – cúig cinn déag acu ar fad - rúndiamhra an chreidimh mar a thugtar orthu. Is maith an tamall blianta ó chuala mé an focal diamhair den chéad uair. Bhí dhá ardán ar an bhaile inar tógadh mé i Mín an Chladaigh agus is é an t-ainm a bhí orthu - an tArd Diamhair Thoir agus an tArd Diamhair Thiar – nach bhfuil ach tuairim is ar cheathrú míle óna chéile. Bhí siad scoite amach ar an iargúltacht fadó ó shin sular fhás an baile mar atá sé inniu. Chan fhuil sé diamhair a ghabháil in aice leo anois nó le fada.
RM Block
Tiocfaidh muid anois ionsar an fhocal díon. Is é an litriú dín a bhí air sa tSean-Ghaeilge mar nach i gcónaí a chloígh siad le cáilíocht na gconsan a mharcáil i ngach cás an uair sin. Thuig a gcuid léitheoirí an scéal! Is é an bhrí a bhí leis bheith i bhfolach nó ar foscadh agus ar cosaint ó dhaoine agus ón aimsir. Is ina dhiaidh sin a tháinig an chiall díon tí chun cinn, rud a bhí nádúrtha go leor ó thaobh na céille de. Tá sé sa tseanfhocal Ultach fosta – Ag cur de dhíon agus de dheora ‘pouring rain, raining cats and dogs’. Agus ar ndóigh cuireadh leis an bhunfhocal ar na gnáthbhealaí, rud a d’fhág díonmhar ‘protective’ againn agus leithéidí foscadh díonmhar ‘storm-proof’ agus an frása deas sin – chomh díonmhar le buidéal ‘absolutely watertight’. Agus cad é a déarfá le díonteach ‘Penthouse’ mar fhocal nua-aimseartha? Sna seanscéalta béaloidis atá againn is é an focal a bhíodh in úsáid ar an tseomra/teach a bhíodh thuas i mbarr na gcaisleán ‘An Teach Barr’. Sibhse a bhíonn ag léamh na litríochta is cinnte gur casadh an téarma díonbhrollach ‘preface’ oraibh. Is moladh agus cur síos cosantach ar a mbíodh i gcorp an leabhair a mbíodh cur síos uirthi a bhíodh i gceist leis. Baineadh úsáid as go forleathan ó shin agus go háirithe le 150 bliain anuas.
Is maith a léiríonn cumadóireacht na Gaeilge leis na céadta bliain an dul chun cinn suntasach atá déanta agus á dhéanamh aici mar theanga atá beo beathach. Is é mo ghuí gur chun dlúis a rachas an dea-obair seo!
Foclóir
An eilit rua = doe, hind (redcoloured)
Ar foscadh = sheltered
Ar mire/buile = mad, furious
Bunús = origin
Chun dlúis = to speed up, to expand
Dá thairbhe seo = as a result of, for this reason
Deasghnáth = rite, ceremony
Iargúlta = remote, isolated
Ionsar = to, towards
Rúndiamhra an chreidimh = the mysteries of faith
Spuaic = blister
Slat = rod














