Beidh grúpaí teanga ag coinneáil súil ghéar ar an mBuiséad inniu agus é geallta sa Dáil coicís ó shin go mbeadh an tAire Gaeltachta Dara Calleary ag “ciceáil síos doirse” le maoiniú breise a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
An Teachta Niamh Smyth a rinne na ráitis seo ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil gníomhaithe teanga chomh dóchasach sin.
Dar le Conradh na Gaeilge go bhfuil €55 milliún breise ag teastáil chun beartais an Phlean Fáis 2024–29 a chur i bhfeidhm – plean atá aontaithe ag breis is 130 eagraíocht teanga ar fud na tíre.
Mar chuid de seo, tá an Conradh ag lorg €24.5 milliúin breise don Ghaeltacht – le haghaidh tithíochta, bóithre áise, pleanáil teanga agus tacaíocht do chomharchumainn agus coláistí samhraidh.
RM Block
Chomh maith leis sin, teastaíonn €19.3 milliúin sa bhreis uathu do cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht – chun Líonraí Gaeilge, ionaid phobail agus scéimeanna óige a neartú.
Ina theannta sin, tá siad ag lorg €11.2 milliún sa bhreis do na meáin Ghaeilge – €10m breise do TG4 agus €1.2m chun Raidió Rí-Rá a chur ar FM.
Tá an chuma ar an scéal nach gcuirfear i bhfeidhm scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta -rud a d’éiligh na grúpaí feachtais Bánú agus Tinteán roimh an olltoghchán deireanach.
Mar a tuairiscíodh i Scéal le déanaí, gheall an Teachta Dála Pat “The Cope” Gallagher go gairid tar éis an olltoghcháin dheireanaigh go ndéanfadh an rialtas nua athbhreithniú maidir le scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse sé mhí.
Ach an mhí seo caite, dheimhnigh an Roinn Gaeltachta nach ndearnadh athbhreithniú ar bith ar an bpolasaí go dtí seo – rud a thugann le fios nach bhfuil socruithe déanta chun an scéim a chur i bhfeidhm.
Anuas air sin, tá an chuma ar an scéal nach gcuirfear athruithe radacacha i bhfeidhm do mhúnla maoinithe Fhoras na Gaeilge.
De réir rialacha maoinithe na heagraíochta trasteorann ní féidir maoiniú a mhéadú ó dheas mura n-aontaíonn Feidhmeannas Thuaisceart Éirinn maoiniú a mhéadú ó thuaidh.
Maíonn grúpaí teanga go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le 20 bliain anuas nuair a chuirtear boilsciú san áireamh. Teastaíonn uathu go n-aistreofaí cuid de na scéimeanna atá faoi bhráid na heagraíochta go heagraíochtaí maoinithe eile.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Cathaoirleach Bánú, Donncha Ó hÉallaithe, “Aithnítear go bhfuil géarchéim tithíochta sa nGaeltacht atá ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol, sa gcuid den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt. Tá cumhacht ag an Roinn Gaeltachta rud éicint a dhéanamh faoi.”
“Ní féidir leo easpa airgid a úsáid a thuilleadh mar leithscéal. Caithfidh gur easpa spéise agus leisciúlacht go bunúsach is cúis leis an tsiléigeacht náireach seo.”
“Sa bhliain 2008 chaith an Roinn Gaeltachta €4,000,000 ag tacú le cainteoirí Gaeilge a bhí ag iarraidh teach a thógáil nó a athchóiriú sa nGaeltacht. Níor caitheadh pingin amháin féin ó shin.”
“Ar ndóigh tá freagracht ar Aire na Gaeltachta fuadar a chur faoin Roinn a bhfuil sé i gceannas air, lena chinntiú go mbeidh scéimeanna acu leis an mbeagán airgid a chuirtear ar fáil ón lárchiste a chaitheamh go stuama agus go ciallmhar ar mhaithe leis an nGaeltacht.”
Rinne Ó hÉallaithe géarcháineadh freisin ar an scéal nár chaith an Roinn Gaeltachta €10.054 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh sa bhuiséad anuraidh do scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge.
Tuairiscíodh gurb é an chúis is mhó nár caitheadh an t-airgead seo ná “moilleanna a bhí ar mhórthionscadail chaipitil chomh maith le laghdú ar an líon iarratas a fuarthas.”
Dúirt Ó hÉallaithe, “Ba cheart do Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta imscrúdú a dhéanamh ar Roinn na Gaeltachta le fáil amach cén fáth nach raibh siad in ann an t-airgead a cuireadh ar fáil anuraidh a chaitheamh.”
Ina “mBuiséad Ailtéarnach”, tá Sinn Féin ag moladh gur chóir €73.6 m sa bhreis a chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.
Thug an páirtí le fios go gcuirfidís €56.1 milliúin leis an gcaiteachas reatha agus €17.5 le caiteachas caipitil sa réimse seo.
Beidh muintir na Gaeltachta ag coinneáil súil amach d’fhógra chun Scéim na mBóithre Áise a athbhunú.
Creidtear gurb é an Teachta Dála neamhspleách Danny Healy Rae a d’éiligh an polasaí sin sna cainteanna rialtais tar éis an olltoghcháin agus gealladh sa Chlár Rialtais go gcuirfí i bhfeidhm é.
Chuirfeadh an scéim sin deontais ar fáil do phobail Ghaeltachta athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre nach bhfuil clúdaithe ag comhairlí contae, ar nós bóithre portaigh agus bóithre go dtí goirt.
Tá sé geallta freisin sa Chlár Rialtais go gcuirfear pleananna forbartha speisialta Gaeltachta i bhfeidhm ina mbeidh spriocanna áirithe don tithíocht.
Ach thug an Roinn Tithíochta le fios an mhí seo caite go bhfuil an polasaí sin clúdaithe ag forálacha de chuid an Achta Pleanála agus Forbartha 2024 - reachtaíocht í seo a cuireadh i bhfeidhm sular dréachtaíodh an Clár Rialtais.
Mar sin, níl sé soiléir cén socrú a bheidh ann do mhaoiniú na bpleananna forbartha seo sa Bhuiséad inniu.
Rinne Scéal iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Aire Dara Calleary le labhairt faoi chaiteachas Gaeltachta agus Gaeilge i mBuiséad 2026, ach ní raibh sé ar fáil.
Dúirt urlabhraí an Aire, “Tá an tAire Calleary ag obair go dian agus é i mbun idirbheartaíochta do Bhuiséad 2026 thar dhá Roinn – an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.”
“Tá fócas ar leith ag an Aire ar bhuiséad na Gaeltachta agus tá sé ar an eolas gurb é an chéad Aire sinsearach a bhfuil an cúram seo aige le breis agus deich mbliana. Mar sin féin, dála na hidirbheartaíochta eile go léir atá ar bun, tá na pléití á ndéanamh laistigh de na paraiméadair níos doichte atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí.”