Fuadar go leor, ach triúr fágtha ina seasamh

A leithid de chorraíl agus ruaille buaille, ní fhaca muid le fada an lá

An t-iar iarrthóir neamhspleách Gareth Sheridan, agus a chéile Heidi, taobh amuigh d'oifigí Comhairle Contae Uíbh Fhailí. Grianghraf: Niall Carson/PA Wire
An t-iar iarrthóir neamhspleách Gareth Sheridan, agus a chéile Heidi, taobh amuigh d'oifigí Comhairle Contae Uíbh Fhailí. Grianghraf: Niall Carson/PA Wire

Caithfidh mé a rá go raibh go leor spóirt sna heachtraí a thit amach an tseachtain seo caite i bhfeachtas thoghchán na hUachtaránachta.

A leithid de chorraíl agus ruaille buaille, ní fhaca muid le fada an lá.

I ndeireadh na dála, caitheadh gach iarrthóir neamhspleách i dtraipisí, rud nár tharla le tríocha bliain.

Faoina trí a chlog Dé Luain bhí rás Gareth Sheridan rite.

Agus ansin agus muid ag druidim i dtreo an mheán lae Dé Céadaoin, thuigeamar go maith nach mbeadh Maria Steen in ann ainmneacha 20 ball den Oireachtas a bhailiú chun ainmniúchán a fháil don toghchán. Bhí a haistear críochnaithe.

An t-iar iarrthóir neamhspleách Maria Steen.  Grianghraf: Alan Betson
An t-iar iarrthóir neamhspleách Maria Steen. Grianghraf: Alan Betson

Bhí a lán teannais agus éiginnteachta ag baint le gach ar tharla. Ach bhí na comharthaí soiléir le scaitheamh roimhe sin. Bhí constaicí go leor leagtha amach os comhair Sheridan agus Steen agus bheadh dúshlán mór acu beirt iad sin go léir a shárú.

Ar a laghad, thosaigh Sheridan amach luath go leor. Ag 36 bliana d’aois bhí sé i bhfad níos óige ná aon iarrthóir eile agus bhí a óige mar chuid dá theachtaireacht. Bhí seisean ag iarradh seasamh gualainn le gualainn leis an aos óg nach bhfuil in ann teach nó árasán a cheannach mar gheall ar phraghsanna fíor-arda. Chuir sé tithíocht i lár an aonaigh mar théama lárnach dá fheachtas.

Bhí mé ag déanamh iontais cén fáth go baileach a raibh Sheridan ag iarradh é seo a dhéanamh? Bhunaigh sé comhlacht forlíontaí sláinte deich mbliana ó shin a rinne go rímhaith agus a fuair liostáil ar an margadh NASDAQ. Bhí cáil bainte amach aige mar fhear gnó. Cén fáth in Éirinn a raibh sé seo ag teastáil uaidh? Níor thug sé freagra críochnúil ar an gceist sin ach ba léir go raibh sé dáiríre faoin iarracht. Bhí foireann bheag ag obair leis agus é ag déanamh stocaireacht leis na comhairlí contae le míonna anuas.

Is fear ard é, sé troithe agus seacht n-orlaí, le féasóg ghearr néata. Bhí a chur chuige go maith - ba léir óna bpíosaí cainte go raibh an-ábaltacht agus an-teacht i láthair ann.

An straitéis a bhí aige ná a chur ina luí ar cheithre chomhairle contae tacaíocht a thabhairt dó. Agus in aon toghchán uachtaránachta eile d’éireodh leis é sin a bhaint amach gan mórán stró.

Ba chliste an plean é. Ach bhí sé ag brath ar rud amháin. Sin é go mbeadh comhairleoirí Fhianna Fáil sásta staonadh.

Bhí a chuid oibre baile déanta aige chomh maith. Thosaigh sé ag caint le comhairleoirí contae ag tús na bliana. Dhírigh a fhoireann isteach ar chomhairlí ina bhfuil líon ard de chomhairleoirí neamhspleácha ar an mbonn go mbeadh níos mó seans aige ainmniúchán a fháil sna comhairlí sin ná sna comhairlí ina bhfuil an lámh uachtar ag Fianna Fáil nó Fine Gael.

Ba chliste an plean é. Ach bhí sé ag brath ar rud amháin. Sin é go mbeadh comhairleoirí Fhianna Fáil sásta staonadh. Chiallódh sé sin nach mbeadh cosc ar chomhairleoirí an pháirtí vóta a chaitheamh ar son Sheridan.

Tharla sé in 1997, nuair a fuair beirt iarrthóirí neamhspleácha ainmniúcháin ó na comhairlí contae. D’oibrigh sé arís in 2011 agus in 2018. Ar an dá ócáid, ligeadh ceathrar iarrthóirí tríd tar éis do chomhairleoirí ó Fhianna Fáil nó Fine Gael staonadh sa vóta do na hiarrthóirí neamhspleácha.

Ach ní hamhlaidh a bhí i mbliana. Ón gcéad lá, bhí ordú éigeantach eisithe ag ceannaireacht Fhine Gael dá comhairleoirí. Bhí siad ar dualgas vótáil in aghaidh aon iarrthóir neamhspleách, ós rud é go raibh Heather Humphreys roghnaithe ag an bpáirtí mar iarrthóir.

Agus ansin tháinig Fianna Fáil sna sála orthu nuair a roghnaíodh Jim Gavin mar iarrthóir an pháirtí. Níor leag Micheál Martin aon ordú deimhneach síos do chomhairleoirí an pháirtí ach d’iarr sé orthu a bheith dílis do Gavin. Mar sin de, cé nach sainordú a bhí ann, ghlac comhairleoirí Fhianna Fáil leis mar ordú díreach agus leanadar é go dílis.

I ngach comhairle contae agus cathrach, vótáil comhairleoirí an pháirtí in aghaidh aon iarrthóir neamhspleách, in éineacht le Fine Gael. Bhí siad ag gníomhú ar scáth a chéile.

Is é fírinne an scéal go ndearna sé sin scrios ar phleananna Sheridan. Cé gur éirigh leis ainmniúchán a fháil i gCiarraí, bhí an patrún soiléir. Vótáil Fianna Fáil ina aghaidh. Tharla sé arís an lá dár gcionn i dTiobraid Árainn agus bhí ar Sheridan brath ar chomhairleoir amháin ó Fhine Gael a bhí ag snámh in aghaidh easa. Tuar a bhí ann ar a mbeadh le teacht.

An chéad teip mhór a bhí aige ná Laois lá ina dhiaidh sin. Agus ansin i gCeatharlach. Ar an dá ócáid, rinne Fianna Fáil agus Fine Gael blocáil air nuair a caitheadh na vótaí.

Tháinig muid go dtí Luan na seachtaine seo caite. Bhí trí chomhairle roghnaithe ag Sheridan chun a sprioc a bhaint amach: An Mhí, Uíbh Fhailí, agus Lú.

Bhíodar ag súil dá bhfaigheadh sé ainmniúchán ó Chomhairle na Mí go mbeadh luas taobh thiar de, go mbeadh trí chomhairle ina ghleic, agus go mbeadh brú ar na comhairlí eile cead a chinn a thabhairt dó.

Ní mar a shíltear a bhítear. Chaill sé an cath sa Mhí le vóta suarach amháin - 15 vóta in aghaidh 14 an toradh deiridh. Ní raibh sé ag breathnú go maith. Gan an tríú hainmniúchán slánaithe aige, ní raibh a fhoireann dóchasach agus iad ag taisteal ón Uaimh go dtí an Tulach Mhór in Uíbh Fhailí.

Tharla an rud ceannann céanna ansin. Bhí a rás rite. An botún mór a rinneadar ná níor chreid siad go mbeadh athrú meoin chomh láidir sin i measc dhream Fhianna Fáil.

Rinne Maria Steen iarracht an modh sin (na comhairlí contae) a úsáid chomh maith. Ach níor fhógair sí go raibh suim aici seasamh nó go dtí mí Mheán Fómhair. Bhí sí ró-dhéanach ar gach uile bealach. Thuig sí tar éis seachtaine nach n-oibreodh bealach na gComhairlí agus - le cabhair ó Pheadar Tóibín agus Aontú - thosaigh sí ag díriú isteach go hiomlán ar na Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Leis an bhfírinne a rá rinne sí éacht tacaíocht a fháil ó 18 mball - dhá vóta gann ar an íosmhéid a bhí ag teastáil.

Is cinnte go mbeidh ceisteanna á ndíriú anois ar leithéidí Micheál McDowell, Seán Canney, Victor Boyhan agus Noel Grealish mar gheall nach raibh siad toilteanach tacaíocht a thabhairt dá hainmniúchán.

Mhaígh sise agus a tacadóirí go raibh an neamhdhaonlathachas le brath agus go raibh an bhunaíocht á cosaint féin. Cinnte, chabhródh guth malartach leis an díospóireacht ach ní sin an chúis ar chaill sí amach. Ag deireadh na dála ní féidir le Steen milleán a chur ar aon duine ach uirthi féin. Bhí sí i bhfad rómhall ag teacht isteach sa chomórtas.