Cuirtear ceisteanna móra os comhair chuile ghlúine. Difear suntasach idir an ré seo agus tréimhsí eile áfach ná an fháil atá ar thuairimí an phobail uile ar na ceisteanna céanna seo inár bpócaí againn. Níl deireadh leis an sruth nuachta, ná le sruth Instagram. Cothaíonn na meáin ár smaointe. Suaimhníonn siad muid. Santaíonn siad ár gcuid ama agus ár n-aird. Saibhríonn siad ár dtuairimí. Insíonn siad bréaga baolacha. Cuireann siad na healaíona ar ár súile dúinn.
Dar leis an ealaíontóir Blue Niall nach gá cur i gcoinne na ré nua seo. “Seo an aois ina bhfuil muid, is ar líne atá an saol. Ní gá é a cheistiú i gcónaí, díreach breith air agus déan é.”
I gcaifé nua i Sean-Mhargadh na Feirme, ordaíonn Niall caife agus smailcín veigeánach. Is ealaíontóir, scríbhneoir, agus rapálaí é, mar sin tá neart le plé. Caitheann muid leathuair i mbun cabaireachta faoin ngníomhachas, agóidíocht, agus sosanna straitéiseacha sula n-osclaím mo leabhar nótaí lán ceisteanna fiú. “Bíonn orm sos a ghlacadh anois is arís ó na meáin shóisialta, le teacht ar ais chugam féin” a admhaíonn sé. Ach tá dearcadh dearfach aige i leith na n-ardán trí chéile. “Oireann Instagram do mo chuid ealaíne. Táim tar éis bualadh le daoine, agus mo chuid oibre a thaispeáint. Dá ndéanfainn ceol amháin, nó ealaín amháin, níl mé cinnte go mbeadh an éifeacht chéanna aige.”

An éifeacht ná go bhfuil teachtaireachtaí láidre frithchoilíneacha agus smaointe faoin athghabháil chultúrtha á scaipeadh ina mblúiríní beaga siamsúla aige. Méimeanna polaitiúla. Luíonn siad leis an athghabháil chultúrtha agus teanga atá le brath le míonna anuas, agus molann sé do dhaoine páirt a ghlacadh sa ngluaiseacht chéanna sin trí idé-eolaíochtaí ar leith a chur in oiriúint do na meáin shóisialta. In ainneoin a cháilíochta dealbhóireachta, dar leis go dtugtar “ealaíontóir” níos minice air ó chuir sé tús le méimeanna a chruthú.
RM Block
“D’fhreastail mé ar The Royal College of Art i Londain. Bhí mé timpeallaithe ag ealaíontóirí iontacha ach i mo thuairim nuair a chuireann tú ealaín i ndánlann, 90% den rud atá le rá ag an bpíosa sin, tá sé ráite ag an suíomh ina bhfuil sé. B’fhearr liom a bheith ar na meáin. Tá daoine ansin. Agus is do na daoine atá an ealaín”.
Tá cur chuige réchúiseach aige maidir le nideog an ealaíontóra a aimsiú le linn ré ina bhfuil brú ar chruthaitheoirí feidhmiú mar a bheadh branda iontu.
“Tá meas agam ar dhaoine a bhfuil scil láidir amháin acu, ach baineann mo chuid oibre le nascanna a chruthú. Is breá liom léimt ó rud go rud eile. Le bheith ionraic, tá daoine i bhfad níos fearr ná mé… ag an bpéintéireacht, ag an gceol. An rud atá agam ná smaointe agus nascanna. Dearcadh agus fís.”
Tá gach rud polaitiúil slí amháin nó slí eile. Mura gceapann tú go bhfuil, is ar thaobh an chórais atá tú.
Agus is láidir an fhís chéanna. Ina chuid méimeanna dátheangacha sníonn an greann leis an bpolaitíocht, an t-iarchilíneachas le popchultúr. “Ceol, polaitíocht, ealaín, gníomhachas… is an rud céanna iad. Agus caidrimh, le bheith ionraic, agus an tsochaí. Tá gach rud polaitiúil slí amháin nó slí eile. Mura gceapann tú go bhfuil, is ar thaobh an chórais atá tú.”
Ardaíonn an ghluaiseacht chultúrtha lena mbaineann Blue Niall dhá cheist: cén fáth? “Is deacair daoine agus cultúr a scrios. Ní gá dom a rá leat gach a rinneadh chun go scriosfaí muid sa tír seo, ach níor éirigh leo. Tá an cultúr ag iarraidh filleadh. Níos doimhne ná sin, chun a bheith spioradálta faoi: an tír, Éire... tá teachtaireacht aici dúinn. Tá sí ag iarraidh go gcloisfear í.”
Agus an dara ceist: cén fáth anois? “Tá an tír seo i suíomh suimiúil, go domhanda. Tá ceisteanna á bplé ag an domhan inniu. Ceisteanna faoin gcoilíneachas. Cruthaíodh an playbook sin anseo in Éirinn. Sin an chúis a bhfuil muid an-mhaith ag labhairt faoin bPalaistín, ceann de na tíortha is déanaí inar tharla sin. Sin an chúis a bhfuil muid ag breathnú siar. An cheist ná: an bhfuil muid chun dul le Meiriceá nó leis an Aontas Eorpach, nó an bhfuil muid chun breathnú orainn féin mar áit a ndearnadh coilíniú air agus ar a bhfuil i gcoiteann againn leis an bPalaistín.”
Is iomaí ceist atá curtha againn beirt mar sin, ach cár féidir linn teacht ar na freagraí? Túsphointe í an teanga, dar le Niall: “De réir taighde: nuair a dhéanann daoine dátheangacha cinntí, déanann siad cinntí níos morálta ina dteanga dhúchais ná sa teanga eile.” Is dócha go líonann an Ghaeilge bearna ar leith, ach luaim leis go bhfuil bearnaí inti freisin: codanna di agus den chultúr atá caillte. Deir sé gur údar dóchais é gur féidir na bearnaí céanna sin a líonadh as an nua: “sin rud atá le ceiliúradh! Nuair atá easnamh ann, tá deis ann! Ceistíonn daoine ‘cén fáth ar breá linn Tayto a chur ar t-léine?!’ Toisc gur sciobadh an oiread den chultúr uainn! Mar sin, aon rud a chuireann Éire i gcuimhne dúinn, tá sé tábhachtach dúinn.” Smaoiním ar na siombailí Gaelacha atá ag treochtú i bhfaisean na hÉireann le gairid: Meanies, fáinní cladaigh, Guinness. Is dócha gur cuid iad den scéal is mian linn a insint fúinn féin - agus dúinn féin - mar shochaí. “Ar nós an bhéaloidis: bíonn an oiread sin leaganacha d’aon scéal. Bíonn muid á gcumadh i gcónaí, á n-athrú i gcónaí,” a deir Niall.
Tá spéis aige i scéal áirithe béaloidis: Oisín i dTír na nÓg. “Scéal den scoth! Scéal Éireannach! Eachtra, mar atá i scéalta Hollywood. Tagann an laoch abhaile, tar éis gach duine a shábháil, tá sé féin athruithe. I gcuid mhór de na scéalta Éireannacha, ní fhilleann siad, mar sin is seánra ar leith é sa tslí sin.” Tá dráma scríofa aige bunaithe ar an scéal céanna. Athinsint chomhaimseartha: scéal Oisín ach é lonnaithe in 2012, spreagtha ag seal Niall féin i Londain, agus scéalta na mílte atá imithe ar imirce ón tír seo.
“Tá Tír na nÓg mar a bheadh cathair mhór ann - Londain, Nua-Eabhrac, Sydney - na háiteacha sin a mbíonn daoine óga ag dul. Tá gach rud a bheadh uaidh sa chathair. Ach mothaíonn sé uaidh an baile agus an comhluadar. Tá sin suimiúil mar chuid den chúis fágála ná go bhfuil Éire saghas cúng - bíonn aithne ag gach duine ort. Sa chathair tá saoirse iomlán aige. Ach níl na caidrimh chéanna ag daoine.” Filleann Oisín mar sin, ar Éirinn atá 300 bliain amach romhainn sa todhchaí. Is mór a d’fhéadfadh athrú idir seo agus sin. “D’fhill mise in 2018. Na príomhrudaí a déarfá faoi Bhleá Cliath anois, ní raibh siad ann nuair a bhí mé óg. Is áit níos oscailte í, ar shlí, ach tá fadhbanna móra eacnamaíochta agus mar sin de ann freisin.”
Tuilleadh ceisteanna a ardóidh an dráma seo, tá súil aige: cad as a dtáinig muid, agus cár mhaith linn, mar thír, a bheith sa todhchaí? “Rugadh mé i Londain mar gur bhog mo thuismitheoirí ann sna 80idí. Tá an stair sin ann. Anois tá daoine ag teacht anseo. Caithfidh muid cuimhneamh ar ár stair le gur féidir linn dul i ngleic leis sin mar is ceart.”
Faoi dheireadh na huaire an chloig tá dhá chupán caifé coirce suite leathlán os ár gcomhair fós. Níl deireadh leis an méid atá le rá faoi staid reatha an tsaoil, ná na réiteacha féideartha ach oiread. Príomhcheist an chomhrá agus a freagra dar le Niall, áfach, ná: “breathnaíonn tú ar na rudaí seo agus deir tú “cén chaoi a bhfuil sé seo chun feabhsú”? Ach tá bealaí ann le rudaí a fheabhsú i gcónaí.”
Beidh Oisín le feiceáil sa Fringe an mhí seo.